De Stijl

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Grúpa ealaíontóirí is ailtirí a bunaíodh i 1917 faoi anáil an Chiúbachais, an Chailvíneachais Ollannaigh is na diasúnachta. Bhí Theo van Doesburg, J. J. P. Oud, Piet Mondrian is Gerrit Rietveld ina mbaill. Thairg sé stíl is aestéitic theibí, cumtha as línte díreacha, dathanna príomhúla dubha is geala, mar a léirítear i bpéintéireacht Mondrian. Tháinig an grúpa chun deiridh i 1931, ach bhí tionchar mór acu ar ealaín, ailtireacht is dearadh le linn an 20ú céad.