Pápa Pius XII
| Eugenio Maria Giuseppe Giovanni Pacelli | |
| Tús a Réimis | 1939 |
|---|---|
| Deireadh a Réimis | 1958 |
| Réamhtheachtaí | Pius XI |
| Comharba | Eoin XXIII |
| Sonraí pearsanta | |
| Dáta Breithe | 2 Márta, 1876 |
| Áit Breithe | An Róimh, An Iodáil |
| Dáta Báis | 9 Deireadh Fómhair, 1958 |
| Áit Bháis | Castel Gandolfo, An Iodáil |
| Síniú | |
Bhí Pius XII ina cheannaire ar an Eaglais Chaitliceach ó 1938 tar éis bháis Pius XI go dtí 1958. Chaith sé a shaol i seirbhí láirneach na hEaglaise, ag caitheamh tréimhsí mar Nuntius don Bhaváir i München, don Ghearmáin i mBeirlín agus ina Chairdinéal Rúnaí Stáit ('príomh-aire na hEaglaise').
Rugadh Eugenio Maria Giuseppe Giovanni Pacelli sa Róimh ar 2 Márta 1876 de shíol uasail. Ba é an Rómhánach deireannach ar togadh mar Easpag na Róimhe. Oirníodh ina shagart é sa bhliain 1899 agus fuair sé doctúireacht sa bhliain 1901. Bhí sé ag obair i Rúnaíocht Stáit ó shin amach tar éis dó staidéar agus taighde a dhéanamh ar Eaglais agus Stáit.
Coiscríodh ina easpag é ar 13 Deireadh Fómhair 1917 agus seoladh é chun München mar Nuntius Aspalda an Phápa don Baváir. Ag an am, bíodh Nuntius faoi leith ag an mBaváir scoilte ón Nuntius i mBeirlín. Cuireadh chun Beirlín é sa bhliain 1925. Cé go raibh an Iodáil i gcoinne na Gearmáine sa Chéad Chogadh Domhanda nuair a cuireadh an Ardeaspag Pacelli chun na Baváire sa bhliain 1917, d'fhás mór-chion idir é agus muintir na Gearmáine agus ba ghnáth leis Gearmáinis ag labhairt go príomháideach go dtí a laethanta deireannacha.
Rinneadh cairdinéal dó sa bhliain 1929 agus ceapadh ina Rúnaí Stáit é ag Pius XI sa bhliain 1930. Bhí lámh mór aige sa Choncordat idir an Vatacáin agus an Ghearmáin sa bhliain 1933 tar éis dó Adolf Hitler teacht i gcumhacht ansin. Tar éis an Concordat a bheith sínithe, bhí an-chuid scéalta ag an Eaglais faoi shárú an Choncordat ag na Naitsithe. Sheol Pius XI an tréadlitir Mit brennender Sorge chuig muintir na Gearmáine ina chuir i gcoinne gníomharta agus fealsúnacht na Naitsithe. Bhí lámh ag an Cairdinéal Pacelli i scríobh an tréadlitir.
Togadh mar phápa é ar 2 Márta 1938 agus bhí sé ina phápa le linn an Dara Cogadh Domhanda. Cé go bhfuil an-chuid scríobhtha i gcoinne polasaithe Pius i leith an Ghearmáin, ag an am athníodh é mar an t-aon guth a bhí á chloisteáil san Eoraip. Ar ndóigh, cheap roinnt daoine gur imigh sé thar fóir. Tar éis an Chogaidh, bhí sé an-láidir i gcoinne an Chumannachais agus d'fhás na hionsaithe air ó shin i leith.
Bhí bá aige i ndiagacht i gcónaí agus scríobh sé tréadlitreacha tábhachta tar éis an Chogaidh: Humani Generis, á dheileáil le teoiricí Darwin sa bhliain 1950, mar shampla. Scaoil Divino Afflante Spiritu scoláirí scrioptúir sa bhliain 1943. Sa bhliain 1950, d'fhógáir sé Deasghabháil Mhuire i neamh mar dhogma na hEaglaise.
Bhí dhroch-shláinte ag Pius XII ar feadh i bhfad agus fuair sé bás i gCastel Gandolfo ar 9 Deireadh Fómhair 1958.
Naisc sheachtracha [athraigh]