Pápa Pius VIII
| Francesco Saverio Castiglioni | |
![]() |
|
| Tús a Réimis | 31 Márta, 1829 |
|---|---|
| Deireadh a Réimis | 1 Nollaig, 1830 |
| Réamhtheachtaí | Leo XII |
| Comharba | Greagóir XVI |
| Sonraí pearsanta | |
| Dáta Breithe | 1761 |
| Áit Breithe | Cingoli, An Iodáil |
| Dáta Báis | 1830 |
| Áit Bháis | An Róimh |
Bhí Pius VIII (20 Samhain, 1761 – 1 Nollaig, 1830) ina phápa ar an Eaglais Chaitliceach idir Márta 1829 agus Nollag 1830.
Rugadh Francesco Saverio Castiglioni i Cingoli na hIodáile in 1761. Tar éis dó staidéar a dhéanamh ar dlí canónda, ceapadh é mar easpag Montalta. Chaith sé seal i ngéibhinn sa Fhrainc tar éis do Napoleon an Iodáil a gabháil. Rinneadh cairdinéal dó i 1816.
Thoghadh é mar phápa in 1829 agus bhí pápaireacht gearr aige, cé gur tharla an Acht um Shaoirse Chaitliceach sa Bhreatain agus in Éirinn agus bhris na Francaigh an Rí Charles X amach roimh dóibh Louis Philippe a chur ina áit. D'aithin Pius VIII Louis Philippe mar Rí na bhFrancach.
Ní raibh an sláinte riamh go maith ag Pius, ach mar sin féin bhí raflaí go maraíodh é le nimh tar éis dó bás a fháil gan dhá bhliain i gcathaoir Pheadair Naofa.
