Pápa Eoin XXIII

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pápa Eoin XXIII
Angelo Giuseppe Roncalli
Tús a Réimis 1958
Deireadh a Réimis 1963
Réamhtheachtaí Pius XII
Comharba Pól VI
Sonraí pearsanta
Dáta Breithe 25 Samhain, 1881
Áit Breithe Sotto il Monte, An Iodáil
Dáta Báis 3 Meitheamh, 1963
Áit Bháis Cathair na Vatacáine

Bhí an Pápa Eoin Naomh XXIII ina phápa ar an Eaglais Chaitliceach idir 1958 agus 1963. Rugadh é i dtuaisceart na hIodáile. Ba é Angelo Roncalli an ainm breithe aige. Ba staraí eaglasta é a chaith a mhór-chuid dá shagartóireacht i seirbhís dioplómaiteach na hEaglais. Bhí sé ina Nuntius ón bPápa san Bhulgáir, san Tuirc agus sa bhFrainc sular ceapadh é mar Ardathair Venezia agus cairdinéal. Thoghadh é mar phápa i gcomharbacht ar an Pápa Pius XII i 1958.

Chuir an Pápa Eoin XXIII tús leis an Dara Comhairle Vatacáine i 1962, ach fuair sé bás sular tháinig aon cháipéis amach as. In 2000, rinne an Pápa Eoin Pól II beannú ar Eoin XXIII, agus canónaíodh é go hoifigiúil ar an 27 Aibreán 2014.

Armas