Ku Klux Klan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Siombail an KKK
KKK - Gainesville, Florida, 31 Nollaig 1922. Cuireann na fir seo an chros adhmaid trí thine le námhaid de chuid an KKK a imeaglú - deasghnáth a shamhlaíonn an saol mór leis an KKK. Deirtear gurbh é William Simmons, a bhunaigh an "dara Klan" sa bhliain 1915, a chéadcheap an nós.

Is ainm é Ku Klux KlanKKK a úsáideann a lán grúpaí dúchasacha sceimhlitheoireachta sna Stáit Aontaithe, go háirithe sa Deisceart. Bíonn lucht leanúna Ku Klux Klan ag ionsaí Gormaigh agus lucht inimirce, agus iad ag iarraidh ardchumhacht an chine bháin a chur chun cinn. Go stairiúil, bhí Ku Klux Klan ag caitheamh róbaí bána agus púicíní ar dhéanamh coirceoige, agus iad ag cur i gcéill gurbh iad taibhsí na saighdiúirí a fuair bás i bpáirc an áir i rith Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe ar son an Deiscirt. Sin é an chuma a bhíonn ar lucht leanúna KKK ina lán scannán, cuir i gcás.

Tháinig an chéad KKK ar an bhfód i ndiaidh an Chogaidh Chathartha, agus é ag dul i muinín sceimhlitheoireachta, foréigin agus linseála leis na hAfra-Mheiriceánaigh, na Caitlicigh agus na Giúdaigh a choinneáil faoi smacht.[1]

Stair[athraigh | edit source]

Iarshaighdiúirí de chuid Arm an Deiscirt a bhunaigh an chéad KKK sa bhliain 1865. Bhí sé ag iarraidh forlámhas an chine bháin a chur ar bun arís trí eagla a chur ar na Tuaisceartaigh a chuir fúthu sa Deisceart (na carpetbaggers), ar na Deisceartaigh a bhí ag comhoibriú leis an Tuaisceart (na scalawags) agus ar na Gormaigh a bhí saortha ó bhráca na daoirse (na freedmen). Ar dtús, ní raibh an KKK ach ag bagairt an mhíle murdar ar na daoine seo, agus iad ag marcaíocht istoíche faoi na róbaí bána, ionas gur shíl na daoine piseogacha gur marcaigh neamhshaolta a bhí iontu. De réir a chéile, áfach, chuaigh an KKK i muinín foréigin, dúnmharú san áireamh. Sa deireadh thiar, mhaolaigh ar an ngníomhaíocht seo, ó thosaigh scothaicme thraidisiúnta an Tuaiscirt ag déanamh nach ndéanfadh coiriúlacht an KKK ach fad a chur le rialtas míleata na dtrúpaí Tuaisceartacha sa Deisceart. Mar sin, bhain an uasaicme a tacaíocht den KKK, agus fuair na húdaráis fheidearálacha an ceann is fearr ar na sceimhlitheoirí de réir a chéile i ndeireadh na 1860idí. Cuireadh deireadh deifnideach leis an KKK nuair a reachtaíodh an tAcht um Chearta Sibhialta sa bhliain 1871, agus an tUachtarán Ulysses Grant an-dian ag cur an dlí seo i bhfeidhm ar an Deisceart.

Bunaíodh an dara KKK sa bhliain 1915, ach níor tháinig fíorbhorradh faoi ach i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda. Bhí lucht inimirce ag tonnadh isteach ón Eoraip, go háirithe ó Oirthear na hEorpa. San am céanna, bhí na Gormaigh ag teacht go ceantair thionsclaíochta an Tuaiscirt ar lorg jabanna, agus na saighdiúirí ag filleadh ón gcogadh. Tharraing an plódú seo míshuaimhneas anuas ar an tsochaí, agus ní raibh aon mhoill ar lucht na drochthola a leas féin a bhaint as. Bhí an dara KKK ag saighdeadh na bProtastúnach Bán Angla-Shacsanach chun foréigin ar na Gormaigh, ar na Caitlicigh, ar na Giúdaigh agus ar an lucht inimirce ón Eoraip. Rinne dreamanna áitiúla de chuid an KKK linseálacha agus d'ionsaigh siad tithe príobháideacha agus foirgnimh phoiblí. Bhí sé de dheasghnáth acu crosa adhmaid a chur trí thine in aice le tithe a gcuid naimhde lena n-imeaglú. Sa Deisceart ba mhó a maraíodh daoine, ó bhí an t-aindlí i ndúchas an réigiúin.

Cineál cuallachta nó bráithreachais a bhí i gceist leis an dara KKK, eagraíocht fhoirmiúil a raibh struchtúir aici ar leibhéal náisiúnta agus sna stáit éagsúla araon. Nuair a bhí an eagraíocht i mbarr a méide, timpeall ar lár na 1920idí, bhí fear as gach seisear sna Stáit ina bhall den KKK. De réir a chéile, áfach, thit na baill amach eatarthu féin, agus ní raibh siad in ann an brú ón taobh amuigh a sheasamh ach an oiread. Chuaigh líon na mball i laghad arís, agus sa bhliain 1930, ní raibh ach tríocha míle duine fágtha san eagraíocht. Ní dhearna an Spealadh Móran Dara Cogadh Domhanda ach tuilleadh a bhaint de bhallra an KKK.

Ina dhiaidh sin, is iomaí eagraíocht neamhspleách a bhain úsáid as ainm agus as siombailí an KKK, agus iad ag cur in aghaidh chearta sibhialta an chine ghoirm sna Stáit Aontaithe, go háirithe sna 1950idí agus sna 1960idí. San am sin, is minic a d'éirigh leis na sceimhlitheoirí dul i gcomhghuaillíocht leis na póilíní áitiúla (i mBirmingham i stát Alabama, mar shampla), nó fiú le gobharnóirí stáit, cosúil le George Wallace in Alabama.

Ar an 15 Meán Fómhair 1963, buamáladh Eaglais Bhaisteach na 16ú Sráide i mBirmingham, Alabama, agus maraíodh ceathrar cailíní óga. Ciontaíodh baill de ghrúpaí áitiúla a bhí ag baint úsáide as ainm an KKK.[2]

Ar an 12 Meitheamh 1963, bhuail piléar as raidhfil Medgar Evers sa droim i Jackson, Mississippi, agus shíothlaigh sé ina dhiaidh sin in ospidéal na háite. Gníomhaí i ngluaiseacht na gceart sibhialta ab ea Evers. Fuarthas baill den KKK ciontach sa dúnmharú seo freisin.

Ar an 21 Meitheamh 1964, mharaigh an KKK triúr gníomhaithe óga de chuid na gluaiseachta a bhí ar a mbealach go dtí Longdale i gContae Neshoba san iargúltacht. Tamall roimhe sin, chuaigh teampall de chuid na hEaglaise Aontaithe Modhnaí trí thine i Longdale, agus cuma an choirloiscthe ar an scéal, ó ba nós le lucht na gCeart Sibhialta a gcuid cruinnithe a bheith acu sa teampall. Bhí na fir óga - Gormach agus beirt Ghiúdach - dírithe ar an gcoirloscadh seo a fhiosrú thar cionn ghluaiseacht na gceart sibhialta, ach bhain an KKK an bhearna díobh sular tháinig siad a fhad le Longdale. Bhí páirt ag sirriam an chontae sa choir. Ba é an dúnmharú seo a thug spreagadh don scannán Mississippi Burning ón mbliain 1988.

Inniu, measann lucht taighde gur féidir go bhfuil breis is 150 eagraíocht áitiúil ar fud na Stát Aontaithe a dtugann "Ku Klux Klan" orthu féin, agus timpeall ar ocht míle duine gníomhach iontu, nó níos lú. Dealraíonn sé nach mbíonn mórán idir lámha acu ach amháin ar leibhéal áitiúil nó réigiúnach.

An Chéad KKK[athraigh | edit source]

Tús an Scéil[athraigh | edit source]

Tháinig seisear iarshaighdiúirí Deisceartacha ó Pulaski, Tennessee le chéile ar an 24 Nollaig 1865 leis an KKK a bhunú, go gairid i ndiaidh dheireadh Chogadh Cathartha SAM. Is é an míniú is réidhe ar ainm na heagraíochta ná go bhfuil an focal Gréigise kuklos (cf. cycle an Bhéarla) a chiallaíonn "fáinne" agus an focal Gaeilge clann curtha le chéile ann. Le fírinne ní raibh sa Ku Klux Klan i dtosach báire ach ceann d'eagraíochtaí bráithriúla den chineál chéanna a bhí ag imirt foréigin ar an muintir isteach ón Tuaisceart (na carpetbaggers), ar na Deisceartaigh a chuaigh leis an Tuaisceart (na scalawags) agus ar na Gormaigh sa Deisceart. Rúnchumainn eile den chineál chéanna a bhí i gceist le Ridirí na Caiméilia Báine (Knights of the White Camelia), a bunaíodh sa bhliain 1867 i Louisiana, nó le Cros an Deiscirt (Southern Cross), a tháinig chun saoil sa bhliain 1865 i New Orleans.

I ndiaidh an Chogaidh Chathartha, bhí a lán iarshaighdiúirí Deisceartacha ag iarraidh forlámhas an chine ghil a chur i bhfeidhm in athuair, agus iad sásta an cuspóir seo a bhaint amach le lámh láidir. Bhí ainriail agus foréigean ag rith damhsa ina lán áiteanna. Sa bhliain 1866, dúirt Gobharnóir Mississippi, William Lewis Sharkey, go raibh an dlí ag teip i gcuid mhór den stát agus go raibh baiclí d'iarshaighdiúirí an Deiscirt ag siúl rompu mar ba rogha leo, gan aon duine a bheith ag iarraidh iad a stopadh. Bhí an KKK ag cur tithe trí thine agus ag marú daoine gorma le heagla a chur orthu siúd nár mhaith leo seanchóras cumhachta an Deiscirt.

Le déanaí, chuir an staraí Bob Brewer in iúl go raibh sé barúlach gur réamhtheachtaire don KKK iad Ridirí an Fháinne Órga (Knights of the Golden Circle), eagraíocht sa Deisceart a bhí ag iarraidh, ar dtús, cuid de thailte Mheicsiceo, Mheiriceá Láir agus na Cairibe - "an Fáinne Órga" - a fhorghabháil do na Stáit Aontaithe agus córas sclábhaíochta an Deiscirt a chur i bhfeidhm orthu. D'earcaigh na Ridirí a gcuid ball as Nua-Mheicsiceo agus as Texas, agus iad ag bunú grúpaí forairdeallacha le ruathair a thabhairt thar teorainn. Scoireadh an eagraíocht seo roimh dheireadh an Chogaidh Chathartha, áfach.

Tháinig baill den KKK le chéile i Nashville, Tennessee, sa bhliain 1867, agus ba é ba chuspóir don chruinniú seo ná struchtúr céimlathach a cheapadh don KKK, ionas go mbeadh balleagraíochtaí áitiúla ann agus iad faoi chomandracht na ceanncheathrún náisiúnta. Toghadh Brian A. Scates ina Uachtarán Náisiúnta ar an KKK. Ós iarshaighdiúirí a bhí i bhformhór mór na mball, bhí siad i dtaithí an chineál seo eagraíochtaí, ach go praiticiúil, níor thug na heagraíochtaí áitiúla aird ar shlabhra oifigiúil na n-orduithe.

Ba é an t-iar-Bhriogáidire-Ghinearál George Gordon a d'oibrigh amach an Prescript, nó dogma idé-eolaíoch an KKK. Bhí blas láidir air den idé-eolaíocht ar a dtugtar forlámhas an chine ghil. Mar shampla, chaithfí an cheist a chur ar an nua-earcaí, an raibh sé dírithe ar a leithéid de chuspóirí a bhaint amach agus "rialtas an chine ghil" a chur ar bun arís agus "an ceart vótála a thabhairt ar ais do mhuintir an Deiscirt". Le fírinne, áfach, níor baineadh an ceart vótála ach de mhionlach beag na ngeal sa Deisceart, is é sin, iad siúd nár throid in aghaidh an Tuaiscirt nó nár chabhraigh le hArm an Deiscirt go toilteanach. (Bhí a leithéid de rud ann agus an Mhóid Iarainn, nó an Ironclad Oath, móid a chaithfeadh gach Deisceartach a thabhairt le cead vótála a fháil. Sa mhóid sin, mhionnódh an vótálaí nár throid sé in aghaidh an Tuaiscirt agus nár chuidigh sé le stát na Cónaidhme ar aon nós eile, ach amháin in éadan a thola féin.)

Nathan Bedford Forrest (1821-1877), a bhí ina Leifteanant-Ghinearál in arm an Deiscirt agus ina eagraí ag an KKK. Fear éirimiúil a bhí ann ar a lán dóigheanna, ach san am chéanna, ba chiníochaí doleigheasta é.

De réir mar a deirtear, d'inis Gordon do Nathan Bedford Forrest, iar-thrádálaí sclábhaithe agus iar-Ghinearál in Arm an Deiscirt, go raibh a leithéid d'eagraíocht agus an Ku-Klux Klan i mbun oibre anois. Is é an freagra a thug Bedford Forrest ná: "Is maith an rud é, tá sé damanta maith. Is féidir linn úsáid a bhaint as leis na Gormaigh a choinneáil san áit is dual dóibh." Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, toghadh Bedford Forrest ina Ard-Draoi nó ina Ghrand Wizard, is é sin, uachtarán náisiúnta an KKK.

Sa bhliain 1868, agus é á cheistiú ag iriseoirí, dúirt Bedford Forrest gurbh iad naimhde an KKK ná na carpetbaggers, na scalawags, na Loyal Leagues - is é sin, na conarthaí a bunaíodh i stáit éagsúla an Deiscirt lena n-aghaidh siúd a bhí ag comhoibriú leis na húdaráis nua - agus rialtais nua na stát Deisceartach, ó ba iad na Tuaisceartaigh a chuir ar bun iad. D'áitigh Forrest gur chreid a lán de mhuintir an Deiscirt nach mbeadh na Gormaigh sásta a gcuid vótaí a chaitheamh ar mhaithe leis an bPáirtí Poblachtach, ach go bé go raibh lucht na Loyal Leagues ag cur dallamullóg orthu. Faoi thionchar Forrest, dúirt iriseoir amháin sa Deisceart nach raibh i gceist leis an Loyal League ach KKK na nGormach.

Go praiticiúil, ní raibh an KKK faoi cheannas Forrest agus Gordon. Bhí na craobhacha áitiúla ag gníomhú go neamhspleách, agus ba bheag a mbeann ar an bPrescript. Bhí siad ag iarraidh cumhacht na ngeal a chur ar bun arís, ach san am chéanna, ba mhinic nach raibh siad ach ag socrú seanfhaltanais phearsanta nach raibh cúiseanna polaitiúla leo. Seo an méid a dúirt an staraí faoi na cineálacha éagsúla de dhaoine a bhí ag glacadh páirte in imeachtaí an KKK san am:

Dá mbainfeá púicín an KKK díobh, d'fheicfeá romhat éagsúlacht anordúil de ghrúpaí forairdill a bhí ag cur troda ar na Gormaigh, scológa bochta geala a bhí míshásta lena gcás, lucht treallchogaíochta ó laethanta an chogaidh, polaiteoirí Daonlathacha ar seachrán, lucht déanta poitín, daoine a bhí ag iarraidh an mhoráltacht phoiblí a cheartú le lámh láidir, sádaigh, éigneoirí ban, lucht oibre gealchraicneach a raibh eagla orthu roimh shaoriomaíocht na nGormach, fostóirí a bhí ag iarraidh an lucht oibre a choinneáil faoi smacht, gnáthghadaithe agus, fiú, dornán de Ghormaigh shaora nó Poblachtaigh ghealchraicneacha a chuaigh i gcomhghuaillíocht leis na Daonlathaigh mura raibh pleananna coiriúla dá gcuid féin acu. An chuid ba mhó acu ba Daonlathaigh ghealchraicneacha ón Deisceart iad, ach thairis sin, ba é ainm an KKK an t-aon rud a bhí i bpáirt acu.

Dúirt an staraí Eric Foner:

Go praiticiúil, fórsa míleata a bhí sa KKK a bhí ag freastal ar leas an Pháirtí Dhaonlathaigh agus ar leas aicme na bplandóirí - ar a leas siúd ar mhian leo forlámhas na ngeal a chur ar bun arís. Bhí cuspóirí polaitiúla ag an eagraíocht, ach ní mór an chiall is fairsinge a bhaint as an bhfocal sin "polaitiúil" anseo. Is é sin, bhí an KKK ag iarraidh an chumhacht a athroinnt i sochaí an Deiscirt, sa saol príobháideach chomh maith leis an saol poiblí. Bhí an KKK dírithe ar na hathruithe a chur ar neamhní a bhí ag teacht ar shochaí an Deiscirt i ndiaidh an Chogaidh Chathartha, bunstruchtúr an Pháirtí Phoblachtaigh a dhíothú, teacht i seilbh na nGormach mar fhórsa oibre arís agus na Gormaigh a chur in áit na leathphingine i saol an Deiscirt in athuair.

Leis an gcuspóir seo a bhaint amach, bhí an KKK ag imeaglú na nGormach nuair a bhí siadsan ag iarraidh oideachas a bhaint amach, vótaí a chaitheamh nó airm a iompar. Chuaigh an KKK ar fud an Deiscirt go tiubh, agus na Poblachtaigh, idir gheal agus ghorm, scanraithe as a meabhair roimh ridirí na róbaí bána. Maraíodh James M. Hinds, a bhí ina bhall de Chomhdháil na Stát Aontaithe, chomh maith le triúr fear a bhí ina mbaill d'oireachtas Charolina Theas agus a lán gníomhaithe polaitiúla eile.

Gníomhaíocht an KKK[athraigh | edit source]

Bhí baill na "Clainne" ag caitheamh púicíní agus róbaí bána le nach n-aithneofaí iad, agus iad ag déanamh a gcuid drochoibre istoíche. Mar sin féin, bhí cónaí ar chuid mhór acu in áiteanna beaga faoin tuath, agus lucht a n-aitheantais in ann sonrú a chur san aghaidh faoin bpúicín.

Bhí an KKK ag ionsaí Gormaigh a bhí ina mbaill de na Loyal Leagues, agus iad ag imeaglú Poblachtaigh Dheisceartacha agus daoine a bhí ag obair sna Freedmen's Bureaus, is é sin, biúrónna a cuireadh ar bun le rilíf agus cabhair a thabhairt do na hiar-sclábhaithe. Nuair a mharaigh siad Gormaigh a bhí ina gceannairí pobail, mharaigh siad daoine a raibh róil éagsúla acu sa phobal. Fágadh clanna móra ina ndílleachtaí, agus chaill na heaglaisí a gcuid ministrí. Bhí Gormaigh á marú ag an KKK duine amháin nó ní ba mhó in aghaidh na seachtaine, mar a thuairiscigh na Freedmen's Bureaus. Bhí treallchogaíocht armáilte ar siúl, agus na mílte Gormaigh ag fáil bháis dá deasca. Cuireadh léirsithe polaitiúla ar bun nach raibh cúis shoiléir leo, ach nuair a d'iompaigh léirsiú den chineál seo ina chíréib, d'fhág sé i bhfad níos mó Gormaigh ná Geala sínte marbh ina dhiaidh. Thagadh lucht na bpúicíní ag scaoileadh urchair isteach na fuinneoga nó ag cur tithe trí thine, cé go raibh daoine daonna istigh. Má bhí an obair ag éirí go maith le feirmeoir gorm, tháinig an KKK le hé a ruaigeadh as a chuid tailte.

Bhí foréigean an KKK dírithe ar a gcuid vótaí a bhaint de na Gormaigh. Maraíodh nó gortaíodh níos mó ná dhá mhíle duine i Louisiana i rith an chúpla seachtain roimh thoghcháin an Uachtaráin i Mí na Samhna 1868. Cé go raibh tromlach Poblachtach 1,071 duine cláraithe i bparóiste St. Landry, níor caitheadh oiread is aon vóta Poblachtach amháin sna toghcháin féin, chomh scanraithe is a bhí na daoine i ndiaidh na ndúnmharuithe. Ba iad na Daonlathaigh Gheala a vótáil in aghaidh Ulysses Grant. Mharaigh nó ghortaigh an KKK níos mó ná céad Poblachtach gorm, agus iad á seilg ar fud na gcoillte mar a bheadh ainmhithe iontu. Tógadh triúr príosúnach déag amach as an gcarcair áitiúil agus maraíodh le hurchair iad, agus thángthas ar mholl 25 duine marbh amuigh sna coillte nach raibh ach leath-adhlactha. Chuir an KKK d'fhiacha ar na daoine a gcuid vótaí a chaitheamh i bhfách leis na Daonlathaigh, agus ansin, fuair na daoine a theastas sin ón KKK.

I Mí Aibreáin 1868, bhí gobharnóir nua le toghadh i Georgia. Chaith muintir Chontae Columbia 1,222 vóta ar son an Phoblachtaigh Rufus Bullock. Nuair a gheal lá na dtoghchán Uachtaránachta, áfach, ní raibh de mhisneach ach in aon duine amháin vótáil i bhfách le Ulysses S. Grant, agus an sceimhle a bhí curtha ag an KKK i muintir an cheantair san idirlinn.

Mharaigh lucht an KKK níos mó ná 150 duine gorm in aon chontae amháin i bhFlorida, agus fuair na céadta eile bás i gcontaetha eile an Stáit chéanna.

Ní raibh an KKK i dtuilleamaí an fhoréigin amháin. Bhí siad ábalta bagairt nó áitiú ar na daoine geala a bhí ag múineadh páistí gorma nó ag cur in aghaidh chuspóirí na "Clainne" ar dhóigh éigin eile. Mar shampla, i Mí na Márta 1871, fuair múinteoir mná dar shloinne Allen cuairteoirí oíche a raibh éadaí bána agus púicíní orthu. Ba as Illinois don Mháistreás Allen, agus scoil aige i gCotton Gin Port, Contae Monroe, Mississippi. Cé go raibh na fir seo á n-iompar go múinte béasach, bhí siad ag iompar airm thine, agus d'áitigh siad ar an Máistreás go neamh-dhébhríoch go gcaithfeadh sí éirí as an múinteoireacht agus an contae a thréigean chomh luath agus ab fhéidir. Dúirt siad léi, chomh maith, nach dtabharfaidís an dara rabhadh. Thuig an Mháistreás cá raibh a leas féin, agus ghread sí léi as an gcontae láithreach bonn.

Faoin mbliain 1868, dhá nó trí bliana i ndiaidh bhunú an KKK, thosaigh ag maolú ar ghníomhaíocht na heagraíochta. Bhí a lán polaiteoirí tábhachtacha sa Deisceart den tuairim nach raibh an KKK ach ag fíorú a dtuairimí siúd sa Tuaisceart nach raibh fonnmhar an Deisceart a chur á rialú ag a mhuintir féin in athuair. Thairis sin, thosaigh gnáthchoirpigh ag baint úsáide as feisteas an KKK le cuma na polaitíochta a chur ar a gcuid coireanna, ionas nach bhféadfaí an dlí a chur orthu gan lucht tacaíochta an KKK a spreagadh chun agóide. Bhí polaiteoirí áirithe, ar nós B. H. Hill ó Georgia, ag áitiú gurbh iad na Tuaisceartaigh féin a d'eagraigh an KKK, le go mbeadh siocair acu an chumhacht a choinneáil acu féin.

An Fhrithbheartaíocht[athraigh | edit source]

Ba iad iarshaighdiúirí Arm an Tuaiscirt i gContae Blount, in Alabama, a d'eagraigh an chéad dream frithbheartaíochta in aghaidh an Ku Klux Klan. Bhagair siad ar bhaill an KKK go n-agróidís díoltas orthu dá leanfadh an KKK ag ionsaí daoine a bhí dílis do rialtas na Stát Aontaithe agus ag cur teampaill agus scoileanna Gormacha trí thine. Chuaigh na Gormaigh féin faoi arm lena muintir a chosaint i mBennettsville, Carolina Theas, agus iad ag déanamh patróil ar na sráideanna.

Thosaigh muintir na Stát Aontaithe ag iompú in éadan an Klan, cé go raibh polaiteoirí Daonlathacha ar an leibhéal náisiúnta féin ag déanamh gurbh fhéidir nach raibh a leithéid de rud agus an KKK ann ar aon nós, agus gurbh iad gobharnóirí Poblachtacha an Deiscirt a chum is a cheap an Klan ó thús deiridh. Mar sin féin, thosaigh stáit Dheisceartacha ag reachtú dlíthe le srianta a chur leis an gKlan.

I Mí Eanáir 1871, chuir John Scott, Seanadóir Poblachtach ó Pennsylvania, gairm chruinnithe ar choiste Comhdhála le fianaise a bhailiú faoi ainghníomhartha an KKK. Thug an coiste cluas éisteachta do dháréag finné is dhá scór ar fad, agus breacadh síos dhá imleabhar déag d'fhianaise scanrúil. I Mí Feabhra, chuir Benjamin Franklin Butler, iar-Ghinearál Tuaisceartach agus ball de Chomhdháil na Stát Aontaithe ó Massachusetts, an Bille in aghaidh an KKK faoi bhráid na Comhdhála, agus ar ndóigh, más fíor nár thug Daonlathaigh ghealchraicneacha an Deiscirt mórán grá do mo dhuine roimhe sin féin, bhí fuath na ndaol acu air ina dhiaidh seo. Nuair a bhí an tAcht á chardáil ag an gComhdháil, phléasc tuilleadh trioblóidí amach sa Deisceart, agus is é an tátal a baineadh as sin go coitianta ná go raibh gá leis an dlí seo i ndáiríre. Bhí an foréigean chomh dona is gur iarr gobharnóir Carolina Theas ar an rialtas feidearálach saighdiúirí a chur chuige le go bhféadfadh sé an stát a choinneáil faoi smacht. Chuaigh ródach agus éirleach ar áras na cúirte i Meridian, Mississippi, chomh maith, agus b'éigean d'fhear ghorm amháin a bhí ina ionadaí stáit ansin éalú go dtí na coillte taobh amuigh den chathair le teacht slán ó na círéibeadóirí.

Sa bhliain 1871, shínigh an tUachtarán Ulysses S. Grant bille an Bhuitléaraigh. Anois, bhí dlí ann a d'fhéadfaí a chur ar an KKK. Le cuidiú an achta seo, bhí na húdaráis in ann baill de chuid an KKK a chur os coinne an dlí ag cúirteanna feidearálacha, in áit chúirteanna Stáit, agus ó bhí Gormaigh ina ngiúróirí ina lán cúirteanna feidearálacha (murab ionann agus cúirteanna Stáit sa Deisceart), ní raibh seansanna maithe ag na ciontóirí teacht slán. Fíneáladh nó príosúnaíodh na céadta baill de chuid an KKK le linn na cniogbheartaíochta in aghaidh na heagraíochta.

Meath an Chéad KKK[athraigh | edit source]

Cé go raibh Forrest ag déanamh gaisce as an KKK mar eagraíocht náisiúnta, agus é ag áitiú go raibh breis is leathmhilliún duine ina mbaill de is go bhféadfadh sé féin fórsa dhá scór míle duine a shlógadh i gceann chúig lá, ní raibh eagraíocht cheart ann: ní raibh liostaí ballraíochta ann, ní raibh cumainn áitiúla ann a thabharfadh aird ar na horduithe ó lárionad nó ó cheanncheathrú náisiúnta, agus ní raibh oifigigh áitiúla ann a bheadh páirteach i struchtúir ar leibhéal náisiúnta. Má toghadh duine éigin ina cheann urra nó ina thaoiseach ar bhrainse áitiúil nó réigiúnach, is minic nach raibh ann ach céim oinigh agus nach raibh tionchar ar bith ag an "taoiseach" seo ar a raibh idir lámhaibh ag na fir óga fhiáine.

Sa bhliain 1870, dhearbhaigh giúiré mór feidearálach go hoifigiúil gur eagraíocht sceimhlitheoireachta ab ea an KKK. D'eisigh an giúiré na mílte díotálacha faoi na coireanna sceimhlitheoireachta a bhí déanta ag an KKK. Cuireadh an dlí ar a lán baill de chuid na "Clainne", agus d'éalaigh cuid eile acu ó na réigiúin sa Deisceart a bhí faoi dhlínse an dlí fheidearálaigh. Tháinig ordú ó Bedford Forrest chomh luath leis an mbliain 1869 an KKK a scor mar eagraíocht, agus é ag maíomh go raibh an eagraíocht ag dul ar strae ón gcuspóir "uasal" agus ag dul le coiriúlacht shuarach. Níor thug na dronga áitiúla aird ar an ordú seo, áfach, agus má chuaigh an KKK in éag ina dhiaidh sin, ní scor tobann a bhí ann ach meath de réir a chéile.

Nuair a rinne gnáthbhithiúnaigh coireanna comónta faoi bhratach an KKK, is annamh a bhac na húdaráis áitiúla leis an dlí a chur orthu. Pé scéal é ní raibh giúróirí gorma ann, agus má bhí linseáil faoi chaibidil, ní dhaorfadh na giúiréithe geala aon bhall den KKK, ó bhí eagla ar na giúróirí roimh dhíoltas na gKlansmen áitiúla.

Is léir go raibh cuid de na giúróirí breá sásta le "dlí Uí Loingsigh" mar dhóigh leis na Gormaigh a choinneáil faoi smacht. Ina lán stát ní raibh na húdaráis fonnmhar chun an mílíste gorm a shaighdeadh faoin KKK, ó shíl siad go gcuirfeadh sin míchompord ar na geala. Nuair a chuaigh William Holden, Poblachtach a bhí ina Ghobharnóir ar Charolina Thuaidh, i dtuilleamaí an mhílíste leis an KKK a smachtú sa bhliain 1870, ní dhearna sin ach cur le míghnaoi an phobail air. Ceann de na cúiseanna a bhí ann leis an dóigh ar chaill na Poblachtaigh a dtromlach i ndáil reachtaíochta an stáit go gairid ina dhiaidh sin, cé go raibh cúiseanna eile ann. Cibé scéal é, nuair a fuair na Daonlathaigh an tromlach, tháinsigh siad Holden agus bhain siad an Ghobharnóireacht de.

Sna 1870idí, tháinig meath ar an KKK, go háirithe nuair a thosaigh breithiúna fuinniúla ar nós Amos Tappan Ackerman ag cur an dlí ar na daoine a bhí tar éis coireanna a dhéanamh faoi bhratach an KKK. Níor chuir sin deireadh leis an bhforéigean ciníoch, áfach, nó tháinig dreamanna cosúla eile in áit an KKK, ar nós na Red Shirts agus an White League.

Bhí an White League gníomhach i Louisiana, agus ba iad Mississippi agus an dá Charolina na stáit ina raibh na Léinte Dearga ag obair. Bhí feachtas oscailte idir lámhaibh acu leis na postanna poiblí a bhaint de na Poblachtaigh, agus san am chéanna, bhí siad ag imeaglú agus ag marú vótóirí gorma agus ag cur isteach ar na Gormaigh agus iad siúd ag iarraidh eagraíochtaí dá gcuid féin a chur ar bun nó vótaí a chaitheamh sna toghcháin. Bhí na Léinte Dearga amuigh ag cur a gcatha le linn na canbhásála agus na dtoghchán féin sna blianta 1874 agus 1876, agus chuidigh siad leis na Daonlathaigh Choimeádacha teacht i gcumhacht arís sa bhliain 1876.

Go gairid ina dhiaidh sin, sa chaingean úd Na Stáit Aontaithe in aghaidh Cruikshank (1875), tháinig an Chúirt Uachtarach ar an gconclúid nár bhronn an Force Act ón mbliain 1870 na cumhachtaí ar an Rialtas Feidearálach ladar a chur i gcúrsaí na ndaoine príobháideacha - ní fhéadfadh na húdaráis fheidearálacha tionchar díreach a imirt ach ar na stáit. Mar sin, fágadh na Gormaigh gan sciath chosanta ar bith ar lucht rialtais na stát aonair, agus ní raibh na stáit sásta cosc a chur ar ainghníomhartha na ndaoine aonair agus na ndreamanna paraimíleata.

An Dara KKK[athraigh | edit source]

Athbhunú na "Clainne" sa bhliain 1915[athraigh | edit source]

Tharla an trí rud seo sa bhliain 1915, agus dlúthbhaint acu le chéile:

  • Tháinig an scannán The Birth of a Nation ar an scáileán. Scannán a bhí ann a rinne laochra de bhaill an chéad KKK.
  • In aice le hAtlanta, d'imir slua gramaisce dlí Uí Loingsigh ar fhear darbh ainm Leo Frank. Bainisteoir monarchan de phór Ghiúdach a bhí ann agus é ciontaithe i mbanéigniú agus i ndúnmharú Mary Phagan, cailín óg a bhí ag obair sa mhonarcha a raibh Frank i gceannas uirthi. Scéal conspóideach a bhí ann ó thús deiridh a bhí i mbéal an phobail agus ar fud na nuachtán san am.
  • Bunaíodh an dara KKK i Stone Mountain, Georgia, agus clár oibre úr á chur chun tosaigh ag an eagraíocht. Anois, bhí an frith-Ghiúdachas, an frith-Chaitliceachas, cosc an alcóil agus cosc na himirce curtha leis an bhfrith-Ghormachas ba dual don tsean-KKK. An chuid ba mhó acu siúd a bhí ag bunú na heagraíochta nua, ba as na bólaí timpeall ar Atlanta dóibh, agus ba bhaill iad den eagraíocht a bhí ann roimhe sin, The Knights of Mary Phagan. Na deasghnátha agus na searmanais a chuaigh in úsáid san eagraíocht nua, bhí siad múnlaithe ar a raibh feicthe ar an scannán thuasluaite.

An Scannán Úd The Birth of a Nation[athraigh | edit source]

Rinne an stiúrthóir D.W.Griffith an-idéalú ar an KKK ar an scannán The Birth of a Nation. Bhí an scannán bunaithe ar an dráma úd The Clansman agus ar an úrscéal úd The Leopard's Spots, a tháinig ó pheann an scríbhneora Thomas Dixon Jr. Ba as an Deisceart do Dixon féin, agus tháinig sé i mbun a mhéide le linn na hatógála i ndiaidh an chogaidh chathartha. Cosúil lena lán daoine geala ón Deisceart, bhí sé barúlach gur imir trúpaí an Tuaiscirt díoltas thar an gceart ar an Deisceart le linn na hatógála, agus theastaigh uaidh tuiscint na nGeal ón Deisceart ar an atógáil a chur os comhair mhuintir an Tuaiscirt. Nuair a rinne Griffith a scannán, d'éirigh le Dixon go gleoite a chuid cuspóirí a bhaint amach. Bhí an Ku Klux Klan faiseanta anois.

Mar a dúradh, is as an scannán seo a tháinig a lán siombailí agus searmanas a shamhlaítear leis an "gClann" inniu, cosúil leis an leagan "caighdeánaithe" de na róbaí bána agus, fiú, an dóigh a gcuirtear an chros trí thine leis na naimhde a imeaglú. Le fírinne, bhí an scríbhneoir Dixon an-doirte do shaothar Walter Scott agus ar an íomhá rómánsach de chultúr na sean-Alban a bhí á craobhscaoileadh ag Scott. Mar sin, rinne sé cineál "treibh Albanach" i stíl Scott den Ku Klux Klan ina chuid saothar, agus fuair sé spreagadh do na deasghnátha féin ó úrscéalta Scott.

Nuair a bhí The Birth of a Nation ag imeacht ar na pictiúrlanna, thuairiscigh na nuachtáin ar fud na tíre go bhfuair an scannán moladh ón Uachtarán Woodrow Wilson, a bhí ina staraí acadúil freisin, agus is follasach go ndeachaigh na tuairiscí seo chun sochair don scannán. Bhí tagairtí do mhórshaothar Wilson, History of the American People, le feiceáil ar an scannán fosta le craiceann na fírinne léannta a chur air. Tuairiscíodh go bhfaca Wilson an scannán sa Teach Bán, agus gurbh é an breithiúnas a thug sé air ná: Shílfeá go raibh an stiúrthóir ag scríobh staire le splanc thintrí, agus is é an t-aon locht amháin a fhaighim ar an scannán go bhfuil an oiread sin fírinne ann. ("It's like writing history with a lightning, and my only regret is that it is all so terribly true.") Bhí an chuma ar na focail seo go raibh Wilson ag tacú leis an scannán, go háirithe le taobhshúil ar a chuid tuairimí i dtaobh an KKK agus cheisteanna an chine. Spreag breithiúnas Wilson díospóireacht agus conspóid ar an toirt, agus sa deireadh b'éigean dó ráiteas seachantach a eisiúint leis an bhfaobhar a bhaint de na focail gan iad a shéanadh i gceart.

Scéal Leo Frank[athraigh | edit source]

Scéal eile a chuidigh le hathbheochan an KKK ab ea scéal Leo Frank. Ba é Leo Frank an t-aon Ghiúdach amháin a linseáladh sna Stáit Aontaithe riamh. Bainisteoir monarchan a bhí ann, agus é ionchúisithe i mbanéigniú agus i ndúnmharú Mhary Phagan, cailín trí blian déag d'aois a bhí ag obair i monarcha Frank. Cuireadh an dlí ar Frank faoi dheifir agus daoradh chun báis é, ach go gairid i ndiaidh na trialach tháinig fianaise nua chun solais a bhí ag tabhairt le fios nach raibh Frank ciontach i ndiaidh an iomláin. Mar sin, d'iomalartaigh gobharnóir Georgia, John M. Slaton, an pionós báis go príosúnú saoil, agus dóchas aige go ndaorfaí an t-amhrastach nua, Jim Conley, sa deireadh. Fuadaíodh Frank as an bpríosún, áfach, agus linseáladh ar an 17 Lúnasa 1915 é i bhFrey's Gin, trí chiliméadar soir ó Marietta, Georgia.

Bhain Thomas E. Watson, polaiteoir agus foilsitheoir ó Georgia an-ghaisneas as triail Frank ina chuid iarrachtaí féin leis an KKK a athbhunú. Bhí sé ina eagarthóir ar an iris úd The Jeffersonian agus é in ann an-tionchar a imirt ar thuairimí an phobail i Georgia. Ar an iris, bhí sé ag gríosú na sluaite chun Frank a linseáil, agus i ndiaidh na linseála, ghlac sé buíochas leo go raibh a leithéid de ghníomh "gaisce" déanta acu. Fear mór le rá a bhí i Watson i saol polaitiúil Georgia le fada. Thosaigh sé a réim i bPáirtí na bPobalóirí nó an Populist Party, a raibh tréithe áirithe Sóisialachais le haithint ar a chlár oibre. Nuair a chuaigh sé féin chun rachmais agus chun saibhris, áfach, d'iompaigh Watson in aghaidh gach cineál Sóisialachais, agus chuir sé béim ar an bhfrith-Ghiúdachas agus ar an bhfrith-Chaitliceachas feasta ina chuid tuathghríosóireachta. Sin é an tuige ar ghlac sé páirt in athbhunú an KKK fosta.

D'fhógair William J. Simmons athbhunú an Ku Klux Klan i Stone Mountain, Georgia, ar an 25 Samhain 1935 ó mhullach an tsléibhe óna bhfuair an áit a hainm. Cuireadh cros trí thine, agus mhóidigh na fir dílseacht do Nathan Bedford Forrest II, garmhac an ghinearáil a chuir tús leis an gcéad "Chlann". I measc na ndaoine a bhí i láthair, bhí seanfhir a ghlac páirt i ngníomhaíocht na chéad "Chlainne" nuair a bhí siad óg.

Dúirt William Simmons go bhfuair sé inspioráid ó Phrescript na chéad Chlainne. Sa doiciméad seo, cuireadh cuspóirí na heagraíochta i bhfocail ar dhóigh shollúnta idéalach, ach mar is eol dúinn, níor thug craobhacha na chéad Chlainne aird ar bith ar na prionsabail idéalacha san obair a bhí idir lámhaibh acu go praiticiúil. Bhí siad ag imeacht rompu ag ionsaí agus ag marú daoine macánta, agus iad ag caitheamh púicíní le lámh thapaidh an dlí a sheachaint, rud nach raibh cuma na crógachta ná na saighdiúireachta air.

An Cúlra Sóisialta[athraigh | edit source]

Nuair a tháinig borradh faoin dara KKK, bhí na Gormaigh díreach ag déanamh imirce go dtí stáit an Tuaiscirt, rud a tharraing caismirt shóisialta. San am chéanna, bhí lucht imirce ag teacht isteach ó thíortha Caitliceacha na hEorpa, agus níor thaitin an fhorbairt seo leis na Protastúnaigh Angla-Shacsanacha, ar ndóigh. Ba iad na cathracha móra tionsclaíochta fócas gníomhaíochta an dara KKK, nó ba ansin ba mhó a bhí na dreamanna eitneacha éagsúla in iomaíocht faoi jabanna. Mar sin, ba é an Tuaisceart, seachas an Deisceart, an réigiún ba mhó tinrimh i ré an dara KKK.

San am sin, ní raibh córas leasa shóisialta ar bith ann, agus mar sin, fuair an lucht oibre riachtanach cuallachtaí nó eagraíochtaí bráithreachais a bhunú a chinnteodh cuidiú do na baill agus dá dteaghlaigh in am an ghátair - mar shampla, má bhí fear oibre ina chomhalta de chuallacht den chineál seo, d'fhéadfadh sé a bheith ina mhuinín go gcoinneodh an chuallacht bia agus beatha lena bhean is lena chlann, dá bhfaigheadh sé bás nó dá gcuirfeadh galar nó timpiste ó obair é. Bhí William Simmons, bunaitheoir na dara Clainne, ina bhall de dhá chuallacht déag éagsúla, agus rinne sé aithris ar na cuallachtaí agus é ag eagrú na Clainne.

Tagairtí[athraigh | edit source]