Gráinne Ní Mháille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gráinne Ní Mháille ag buaileadh le Banríon Eilís I i Londain sa bhliain 1593.

Taoiseach Gaelach agus foghlaí mara ab ea Gráinne Ní Mháille (1530-1603), Gráinne UmhallGráinne Mhaol mar a tugtaí de ghnáth uirthi.

"Banríon na bhFoghlaithe Mara" a thugtar uirthi chomh maith.

A saol[athraigh | edit source]

Rugadh Gráinne sa bhliain 1530 i nDún Bhéal an Chláir, Contae Mhaigh Eo. Ba iníon í le Mairéad agus Dúdarach Ó Máille, taoiseach na Máilleach. Timpeall na bliana 1544, phós sí Dónall an Chogaidh Ó Flaithearta, a raibh cuid mhaith de chósta thiar theas Chonamara faoina cheannas. Agus Gráinne Mhaol i mBun Abhann, príomhbhaile Dhónall an Chogaidh, chuir sí loingeas mór le chéile agus ghearradh sí cáin ar na longa a bhíodh ag teacht isteach i gCuan na Gaillimhe chun trádála leis an gcathair. Sa bhliain 1565, mharaigh na Seoighigh, naimhde na bhFlaitheartach, Dónall an Chogaidh, agus ghlac mic Ghráinne ceannas ar thailte a n-athar. Phill Gráinne ar thailte a hathar féin ar chósta Chuan Mó, agus phós sí Risteard Búrc an bhliain dár gcionn, 1566. In 1577 gabhadh Gráinne fad is a bhí sí ag foghlaíocht ar Chósta na Mumhan. Cuireadh go Baile Átha Cliath í, áit ar coinníodh ar feadh dhá bhliain í sular ligeadh saor í. I 1593, chuaigh sí go Londain chun breathnadh ar Eilís I, banríon le banríon. Ba in Oileán Chliara in iarthar Cuan Mó a bhí a baile. Bhí caisleán mór eile aici in Acaill. Fuair Gráinne bás sa mbliain 1603.

De réir an tseanchais, tugadh "Maol" uirthi mar leasainm toisc gur bhearr sí a cuid foilt ar fad dá ceann chun a bheith in ann dul amach ar an bhfarraige leis na fir--ní raibh athair Ghráinne sásta ligint do bhean teacht ar an mbád agus, mar gheall air sin, bhearr Gráinne a gruaig chun a bheith cosúil le fear. Nuair a chonaic a hathair a cloigeann maol, ligeadh isteach sa mbád í.

Eolas eile[athraigh | edit source]

Tá tuilleadh eolais as Gaeilge le fáil in Gráinne Mhaol Ní Mháille le Darach Ó Scolaí (2003) agus sa leabhar Fanaíocht i gContae Mhaigh Eo, atá ar fáil sa seanlitriú ar an nGréasán. D'fhoilsigh an Gúm leagan caighdeánaithe den leabhar sna nóchaidí. Sa Bhéarla, tá cuid mhaith eolas le fáil sa bheathaisnéis de chuid Anne Chambers - Ireland's Pirate Queen: The True Story of Grace O'Malley.

Féach freisin[athraigh | edit source]

Tiobóid na Long

Tagairtí[athraigh | edit source]