Foghlaí mara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Foghlaí mara

Is éard is foghlaí mara ann duine de bhuíon a ionsaíonn agus a ghoideann ó longa ar an bhfarraige. Ní bhaineann foghlaíocht mhara le hionsaithe ar dhaoine sa long chéanna leis na hionsaitheoirí. Ní bhaineann foghlaíocht mhara le gníomhaíochtaí de chuid chabhlach náisiúnta ach an oiread. Sainmhíniú ar fhoghlaíocht mhara is ea robáil nó foréigean ar an bhfarraige.

Glactar leis go raibh foghlaíocht mhara á cleachtadh ó thosaigh daoine ag trádáil thar farraige, ach is leis an tréimhse ón 17ú hAois go dtí an 19ú hAois is mó a bhaineann an téarma mar a thuigtear inniu é.[1]

Bucainéirí[athraigh | edit source]

Foghlaithe mara a bhí sna bucainéirí a d’ionsaíodh loingeas thráchtála na Spáinne i Muir Chairb sa 17ú hAois. Ba ghnách go mbíodh na bucainéirí Mhuir Chairb ina ngrúpaí níos mó ná foghlaithe mara eile, agus d’ionsaídís bailte mórta le cósta.[2] Is as focal i dteanga na nArawak an focal buccan, fráma adhmaid chun feoil a dheatú. Is as sin a tháinig an focal Fraincise “boucane” agus baisteadh “boucanier” ar shealgairí in Hispaniola (nó Haiti agus [[An Phoblacht Dhoiminiceach|Poblacht Dhoiminiceach}} an lae inniu).[3]

Corsaeir[athraigh | edit source]

Tugadh Corsaeir Bheirbearacha ar na foghlaithe mara a bhí lonnaithe ar chósta thuaidh na hAfraice. Rinne siad slad ar thrádálaithe na Meánmhara ó aimsir na gCrosáidí, agus ar longa ag taisteal le cósta thiar na hAfraice go tús na 19ú hAoise. Ba mhinic cóstaí na Spáinne, na hIodáile agus oileáin na Meánmhara faoi ionsaí acu, agus sa 17ú hAois rinne siad ionsaithe ar Éirinn agus ar an Íoslainn. Idir an 16ú agus 19ú hAois ceaptar gur ghabh siad os cionn milliún Eorpach le díol mar sclábhaithe san Afraic agus in Impireacht na hOtamáine.[4][5] Ar na corsaeir ba chlúití tá Hayreddin Barbarossa agus a dheartháir Oruç Reis (An Fheasóg Rua), Turgut Reis (nó Dragut), Kurtoglu (nó Curtogoli), Kemal Reis, Salih Reis agus Koca Murat Reis. Ina measc freisin bhí Eorpaigh a d’iompaigh ar an gcreideamh Moslamach, leithéidí Jan Janszoon na hÍsiltíre (Murat Reis) agus John Ward (Yusuf Reis) Shasana.[6]

Foghlaíocht Mhara in Éirinn[athraigh | edit source]

In Éirinn i ndeireadh an 16ú hAois bhí Gráinne Ní Mháille (nó Gráinne Umhaill, mar a thugtaí uirthi) i réim ar chósta thiar Chonnacht. Ghearradh sí cáin ar longa tráchtála a bhí ag triall ar Ghaillimh, agus bhí caisleán aici ar Oileán Chliara. Gailléithe a bhí sna longa a bhí aici, agus fir de chlainne Mhic Conraí agus Mhic Conaola a bhí ina mbádóirí aici. Nuair nach mbíodh sí fostaithe ag iompar saighdiúirí Albanacha chuig na taoisigh i gConnachta bhíodh sí páirteach in ionsaithe ar a cuid naimhde. De réir chuntas amháin throid sí cath farraige le corsaer Turcach.[7]

I nDún na Séad in iarthar Chontae Chorcaí sa bhliain 1631 d'fhuadaigh corsaeir 108 Sasanach a bhí ag obair i dtionscail an éisc ar an mbaile, chomh maith le líon beag Gael gan áireamh. Corsaeir ó Thuaisceart na hAfraice faoi cheannas Mhurat Reis a rinne an t-ionsaí agus thugadar a gcuid príosúnach leo ar ais go dtí an Afraic le díol mar sclábhaithe.[8]

Íomhá na bhFoghlaithe Mara[athraigh | edit source]

Bhí leaganacha éagsúla ann de bhratach na bhfoghlaithe mara, Bratach na gCnámh (Jolly Roger i mBéarla nó Joli rouge i bhFraincis) ina raibh cnámharlach, cnámha, nó airm, ar chúlra dubh nó dearg. Ach is ó litríocht an 19ú hAois, agus ó Treasure Island le Robert Louis Stevenson ach go háirithe, a d’fhás na steiréitípí atá againn den fhoghlaí mara ar leathshúil nó ar leathchois, fáinne ina chluais aige agus pearóid ar a ghualainn. Is uaidh sin freisin a tháinig na scéalta faoi léarscáileanna d’órchistí.[9]

Fonótaí[athraigh | edit source]

  1. Heller-Roazen, Daniel (2009). "{{{title}}}". Zone Books. 
  2. Lucie-Smith, Edward (1978). "Outcasts of the Sea: Pirates and Piracy". Paddington Press. 
  3. teideal=Little>The Buccaneer's Realm: Pirate Life on the Spanish Main, 1674-1688 le Benerson Little (Potomac Books, 2007)
  4. "When Europeans were slaves: Research suggests white slavery was much more common than previously believed".
  5. "Christian Slaves, Muslim Masters: White Slavery in the Mediterranean, the Barbary Coast and Italy, 1500–1800". Robert Davis (2004) ISBN 1-4039-4551-9
  6. teideal="bbc.co.uk">"British Slaves on the Barbary Coast".
  7. teideal="Chambers">Chambers, Anne. "Granuaile: Ireland's pirate queen Grace O'Malley c. 1530–1603". Baile Átha Cliath: Wolfhound Press. 
  8. http://www.baltimore.ie/heritage-history/the-sack-of-baltimore-1631.html
  9. Jason Porterfield, Treasure Island and the Pirates of the 18th Century, Rosen, 2004, lch 12.