Armáid na Spáinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtArmáid na Spáinne
Íomhá
Map
 50°10′00″N 4°15′42″W / 50.1667°N 4.2617°W / 50.1667; -4.2617
Cineálarmada (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deAn Cogadh Angla-Spáinneach Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht25 Aibreán - Lúnasa 1588
SuíomhMuir nIocht Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Mhonarcacht Easpáinneach Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Cogadh Angla-Spáinneach Cuir in eagar ar Wikidata


an Armada galeass, ealaín chomhaimseartha i Greenwich, gan ainm

Ba í an Armáid (Spáinnis: La Grande y Felicísima ArmadaLa Armada Invencible) an loingeas Spáinneach a rinne ar Shasana faoi cheannas Medina Sidonia sa bhliain 1588, chun Eilís I Shasana a threascairt agus cosc a chur ar Shasana baint don Ísiltír Spáinneach agus leanúint den fhoghlaíocht san Aigéan Atlantach agus san Aigéan Ciúin.

Chuaigh an Armáid ar ancaire amach ó Gravelines, ach chuir longa dóiteáin na Sasanach an ruaig uirthi. Bhí cath ann. Agus dá bhrí sin, níorbh fhéidir leis an Armáid teagmháil le fórsaí Spáinneacha san Ísiltír.

D’éirigh leis longa na hArmáide teacht le chéile arís agus dul ó thuaidh, cé go raibh longa Sasanacha á gcoinneáil i mbroid tamall suas cósta thoir Shasana.

Bheartaigh Medina Sidona gur chóir don Armáid filleadh abhaile: sheol sí timpeall na hAlban agus na hÉireann ach rinne stoirmeacha géara dochar mór di. Briseadh os cionn 24 long ar chósta thiar na hÉireann. As 130 long de chuid na hArmáide briseadh nó bádh timpeall caoga ceann.

Ba í an tsluaíocht seo an comhrac ba mhó sa chogadh neamhfhógraithe idir Shasana agus an Spáinn (1585-1604). Sa bhliain 1589 chuir Sasana sluaíocht den saghas céanna, Sluaíocht Drake-Norris, ar bun ach ní raibh rath uirthi.

Eilís I, 1600

Cúlra an chomhraic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pilib II na Spáinne c. 1580, Gailearaí Náisiúnta na bPortráidí, Londain

Ba é Pilib II na Spáinne comh-mhonarc Shasana nó go bhfuair a bhean chéile, Máire I Shasana, bás sa bhliain 1558. Ba Chaitliceach cráifeach é agus shíl sé nach raibh ina dheirfiúr chéile Eilís I ach eiriceach. Deirtear gur thug sé cúnamh do lucht ceannairce i Sasana. Thug Eilís féin cúnamh don Phoblacht Ollannach, an chuid den Ísiltír a scar le riail na Spáinne.

Ar na rudaí a chuir a chuir fearg ar Philib bhí an creachadh a bhí á dhéanamh ag an gcaptaen Sasanach Francis Drake ar longa Spáinneacha, an cúnamh a thug Eilís I do cheannaircigh na hÍsiltíre (go háirithe trí Chonradh Angla-Ollannach Nonsuch 1585, socrú a lean fóirdheontas mór agus arm Sasanach é), agus an ruathar a thug Drake ar an nGailís sa bhliain 1686.

Thosaigh sé ag smaoineamh ar ionradh a dhéanamh ar Shasana agus a fhios aige gurbh éigean bua a fháil ar chabhlach Shasana. Fuair sé comhairle dá réir, cé go raibh imní air faoin gcostas a bheadh ag gabháil leis an bhfeachtas. Bhí airgead chomh gann sin go raibh ar Philib iasacht a iarraidh ar an bPápa Sixtus V, airgead nach mbeadh le híoc go dtí go raibh an t-ionradh curtha i gcrích. Idir an dá linn, áfach, tháinig lasta mór óir (16,000,000 diúcat) ó na hIndiacha Thiar.[1][2]

Mionsamhail den long San Juan Nepomuceno ón Armáid

Thug Drake ruathar ar Cadiz, lárionad soláthair na hArmáide, sa bhliain 1586. Chaill na Spáinnigh ceithre long is fiche agus scriosadh a lán lón cogaidh, go háirithe díol bliana d’fhonsaí agus de chláir bhairillí. D’éirigh cuid mhór de bhia na hArmáide lofa toisc nach raibh bairillí fónta ann.[3]

Thaobhaigh an Pápa Sixtus V le Pilib.[4] Bhí saighdiúirí bailithe le chéile ag Diúc Parma ag Nieuwpoort agus ag Dunkirk (san Ísiltír ag an am).[5] Bhí siad le teagmháil le loingeas Spáinneach, agus chruinnigh Medina Sidonia 130 long le chéile, mar a leanas:

  • 12 long de Scuadrún na Portaingéile (a scuadrún féin),
  • 14 long ón mBioscáin,
  • 16 long ón gCaistíl,
  • 11 long ón Andalúis,
  • 11 long ó Guipuzcoa, agus
  • 10 long ón Leiveant.
  • Ina theannta sin chairtfhostaigh na Spáinnigh 23 hulca (urcas) ó cheannaithe Hainseatacha mar longa stórais.
  • Bhí 22 pionais (gabras agus petaches) acu mar bháid teachtaireachta agus faisnéise.
  • As an 30,000 fear, a bheag nó a mhór, a bhí san Armáid bhí breis is 19,000 acu ina saighdiúirí agus iad chun dul ag troid gualainn ar ghualainn le saighdiúirí Parma.
Gúnna mór ó La Trinidad Valencera agus é faighte i nGleann Uí Dhuibheannaigh, 1971. Anois in Iarsmalann Uladh.

Bhí timpeall 197 long ag na Sasanaigh:

  • 34 long Ríoga
  • 105 long thrádála
  • 58 cóstóir agus long bhiatachais

D'fhág an méid sin timpeall 1600 fear san iomláine acu.[6] Bhí dhá oiread gunnaí ag na Spáinnigh agus a bhí ag na Sasanaigh.[7]

Rinne rialtas Shasana iarracht ar an gcósta a dhaingniú, ach bhí gunnaí agus púdar gann, agus bhí a fhios ag an rialtas go raibh easpa traenála ar na mílístí a bhí chun dul i ngleic le saighdiúirí seanchleachta na Spáinne.[8]

Comhrac[cuir in eagar | athraigh foinse]

An seachtú lá den chath leis an Armáid. Hendrick Cornelisz Vroom a rinne sa bhliain 1601.

Tháinig longa na hArmáide le chéile ag Liospóin sa bhliain 1588. Chuaigh siad chun farraige ar an 30 Bealtaine, ach bhí drochbhail ar an mbia agus ar an uisce faoin am sin (de dheasca stuáil chiotach agus tréimhse fhada gheimhridh). Bhuail an chuid ba mhó den loingeas isteach i gcalafort La Coruña, agus chuaigh siad chun farraige arís ar an 22 Iúil.

I gceann seachtaine bhí an Armáid amach ó Portsmouth, cé go raibh na rámhlonga imithe abhaile roimh na gálaí Atlantacha, in éineacht le gailias Bioscánach. Ag seoladh suas Muir nIocht dó bhí Medina Sidonia leagtha amach ar eagar catha a choinneáil ar an loingeas.

An Ridire Francis Drake sa bhliain 1591

Dé Domhnaigh 31 Iúil d’ionsaigh na Sasanaigh an Armáid den chéad uair, ach ba léir nach dtiocfaidís le bord ar chuntar ar bith. D’ordaigh Medina Sidonia don loingeas leanúint air. Lean na Sasanaigh den tóir ar feadh na hoíche: ní raibh troid dhian ann ar an 1 Lúnasa, ach d’éirigh leis an Revenge, faoi cheannas an Ridire Francis Drake, Nuestra Señora del Rosario a ghabháil.

An lá dár gcionn bhí cathanna diana ann amach ó Portland Bill. Na Spáinnigh ba thúisce a chuaigh i mbun troda agus buntáiste gaoithe acu, ach nuair a thug siad iarracht ar dhruidim isteach leis an Tiarna Howard ó Effingham san Ark Royal, luigh sé amach ar an domhain chun bacadh ar an namhaid teacht le bord. Idir an dá linn rinne na gailiasanna iarracht ar shé long Shasanacha a scaradh amach, ach ba shaothar in aisce acu é.

Faoi 4 Lúnasa bhí an Armáid laisteas d’Inis Iocht. Bhí teipthe ar an dá thaobh dochar mór a dhéanamh dá chéile.

Faoi 6 Lúnasa bhí an Armáid ar ancaire sa ród ag Calais. Bhí timpeall 140 long sa loingeas Sasanach faoin am seo tar éis do longa Seymour teacht suas leis. Chruinnigh siad san oirdheisceart gur bheartaigh siad ar longa dóiteáin a scaoileadh uathu.

An Armáid

Istoíche ar an 7 Lúnasa luchtaíodh ocht long le hábhar dóiteáin, cuireadh dhá urchar i ngach gunna, cuireadh na longa trí thine agus ligeadh faoin ngaoth iad. D’éirigh leis na Spáinnigh iad a sheachaint le teann haclaíochta agus níor shuigh ach aon long amháin (an gailias San Lorenzo), cé gur chaill a lán long a gcuid ancairí agus iad ag iarraidh éalú. Ba é an chuid ba mheasa den scéal ná go raibh leaba ancaire caillte ag Medina Sidonia agus gan aon ancaireacht eile le fáil aige idir Calais agus longa iompair Parma ag Dunkirk, longa nach raibh réidh go fóill.

An cath deireanach agus an ceann ba ghéire tugadh é amach ó Gravelines ar 8 Lúnasa. Faoin am seo shíl na Sasanaigh gurbh éigean dóibh druidim isteach laistigh de chéad slat chun cabhlacha na long Spáinneach a pholladh. Bhí an chuid ba mhó de phúdar na Sasanach caite sna chéad chomhraic agus bhí orthu a gcuid armlóin a choinneáil i dtaisce le haghaidh ionsaí mór in aice le Gravelines. Ba dheacair do na Spáinnigh a ngunnaí móra a thabhairt isteach lena n-athlódáil toisc go raibh siad an-ghar dá chéile agus go raibh an oiread sin lóin stuáilte idir na deiceanna, mar a fuair Drake amach nuair a ghabh sé an Rosario i Muir nIocht agus díobháil déanta di.[9]

Henry Lawrence Swinburne, 1878: An Cabhlach Ríoga (1907)

Taispeánann fianaise ó longa briste in Éirinn nár caitheadh cuid mhaith d’armlón na hArmáide.[10] Bhí longa ag troid ar ghearr-raon agus bádh ceithre long Spáinneacha ar a laghad. Tar éis an chatha bhí ar an Armáid fanacht amach ón gcósta toisc sruth agus gaoth a bheith ina coinne agus tanalacht a bheith ann.

Ba léir faoi 9 Lúnasa nach raibh an dara rogha ag an Armáid ach dul bealach na Mara Thuaidh timpeall na hAlban agus na hÉireann.

Filleadh na hArmáide[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Mí Mheán Fómhair 1588 sheol an Armáid timpeall na hAlban agus na hÉireann agus isteach san Aigéan Atlantach Thuaidh. Bhí na longa suaite ag an taisteal fada agus bhí cuid de na cabhlacha ceangailte le téada.

Turas na hArmáide

Bhí bia agus uisce ag éirí gann, agus caitheadh na capaill mharcra thar bord. Is dócha go raibh na Spáinnigh ag iarraidh fanacht amuigh ar an domhain thiar, ach ní raibh a fhios acu go raibh Sruth na Murascaille á dtabhairt ó thuaidh agus soir, agus chas siad ó dheas i bhfad níos faide soir ná mar ba mhian leo.

Rug stoirmeacha uafásacha orthu in aice le cósta na hAlban agus na hÉireann. Bhí an cladach fúthu agus is minic a bhí a gcuid ancairí fágtha san fharraige acu nuair a bhí siad ag iarraidh éalú ó longa dóiteáin na Sasanach. B’fhéidir go raibh baint ag na stoirmeacha seo le carnadh oighir pholaigh láimh le cósta na Gríonlainne, rud a bhain leis an “Oighearaois Bheag”.[11] Briseadh níos mó long ar an dóigh seo ná mar a scriosadh sa troid.

Meastar go bhfuair timpeall 5,000 fear bás le bá, le hocras nó den chlaíomh tar éis dóibh teacht i dtír in Éirinn.[12] Fuair roinnt den fhuíoll bheith istigh ó na hÉireannaigh, ach níor fhill a bhformhór abhaile riamh. An beagán a bhain an Spáinn amach, cailleadh mórán acu ann de ghalracha a tholg siad ar bord.

Fuair idir 50 agus 100 Sasanach bás agus gortaíodh 400 fear eile. Níor bádh long Shasanach ar bith, ach fuair mórán fear bás le hocras, le fiabhras ballach agus le buinneach tar éis gur scaoileadh leo: bhí ganntanas airgid ar an rialtas agus fágadh mórán fear gan phá leis na míonna fada, rud a bhí bunoscionn le scéal na Spáinne, mar ar thug an rialtas cabhair d’fhuíoll na tubaiste.

Cúiseanna an díomua[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gunnadóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gúnna mór ó La Trinidad Valencera agus é aimsithe i nGleann Uí Dhuibheannaigh, 1971. Anois in Iarsmalann Uladh.

Ba mhór an mhoill a bhain le lódáil, díriú agus scaoileadh ghunnaí móra na hArmáide. Níorbh fhéidir le cuid de na long níos mó ná trí chaor a scaoileadh sa lá. Bhí cuid de na gunnaí fabhtach agus iad i mbaol pléascadh dá bharr. Bhí i bhfad níos mó gunnaí beaga ag na Spáinnigh ná mar a bhí ag na Sasanaigh, rud a bhain de chumas troda na hArmáide.

Bhí na gunnaí Sasanacha gléasta go sásta ar charráistí ceithre roth, ach bhí gunnaí mór na hArmáide ar charráistí a raibh rothaí móra fúthu agus slapar fada acu. B’éigean na gunnaí a chur fiarthrasna lena lódáil. Seisear a theastaigh chun na gunnaí a ullmhú agus ba shaighdiúirí iad a rachadh ar ais ag scaoileadh muscaedarcabas ón mbord láir nó ó bharr crainn.

Ní raibh an Armáid inchurtha leis na longa Sasanacha i ngeall ar scaoileadh mear agus raon fada na ngunnaí móra, agus d'fhág an díobháil a d'fhulaing na longa Spáinneacha lag go leor iad nuair a bhuail gálaí an Atlantaigh iad.[13]

Síon[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Wreck of one of the Armada Vessels on the Irish Coast": Cassell's Illustrated History of England, Imleabhar 2, lch 54

Bhí stoirmeacha géara ann le linn Mí na Lúnasa agus Mí Mheán Fómhair 1588. Tháinig siad de lagbhrúnna a bhain leis an bhFronta Polach Atalantach a bhí ann ag an am. Tháinig an Armáid salach ar ghála aniar aduaidh ar 26-27 Iúil agus lagbhrúnna ag teacht anall roimpi fad a bhí sí ag seoladh siar ó dheas ó Bhá na Bioscáine.

Sheol an Armáid timpeall na hAlban agus ó dheas tríd an Atlantach Thuaidh ach tháinig sraith lagbhrúnna ar an 12-13 agus ar an 15-16 Deireadh Fómhair. Neartaigh ceann díobh agus ba é sin faoi deara na gálaí aniar aduaidh a rinne slad ar an Armáid feadh chósta na hÉireann.[14]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hutchinson, lgh 28-39.
  2. Hart, lgh 28-32.
  3. Hutchinson, lgh 45-49.
  4. http://en.wikisource.org/wiki/Catholic_Encyclopedia_(1913)/The_Spanish_Armada
  5. Colin Martin, Geoffrey Parker,The Spanish Armada, Penguin Books, 1999, ISBN 1-901341-14-3: 30,500, lch 94; 30,000 saighdiúir coise agus 2,000 marcra, lch 96.
  6. Paine, lch 453. Féach freisin: http://britishbattles.com/spanish-war/spanish-armada.htm The Spanish Armada : Sir Francis Drake.
  7. Martin & Parker, lch 185.
  8. Hutchinson, lch 82.
  9. Coote, 259
  10. Martin & Parker, lgh 189–190
  11. Brian Fagan, The Little Ice Age: How Climate Made History 1300–1850,. New York: Basic Books, 2000
  12. Garrett Mattingly, The Armada, Houghton Mifflin, Boston, 1959, lch 369.
  13. Hutchinson, lgh 211-217.
  14. Hutchinson, lgh 242-4.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coote, Stephen (2003). Drake. Simon & Schuster UK. ISBN 0-7432-2007-2. Lch 259.

Hutchinson, Robert (2013). The Spanish Armada. Wiedenfeld & Nicolson. ISBN 978-0-297-86637-4

Martin, Colin; Parker, Geoffrey (1999). The Spanish Armada. Penguin Books. ISBN 1-901341-14-3

Paine, Lincoln (1997). ‘San Martín’ in Ships of the World: An Historical Encyclopedia. Conway. ISBN 0-85177-770-8. Lgh 453-54.

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corbett, Julian S. Drake and the Tudor Navy: With a History of the Rise of England as a Maritime Power (1898) online edition vol 1 Curtha i gcartlann 2011-06-04 ar an Wayback Machine; online edition vol 2 Curtha i gcartlann 2011-06-04 ar an Wayback Machine
  • Cruikshank, Dan: Invasion: Defending Britain from Attack, Boxtree Ltd, 2002 ISBN 0-7522-2029-2
  • Fernández-Armesto, Felipe. The Spanish Armada: The Experience of War in 1588. (1988).
  • Froude, James Anthony. The Spanish Story of the Armada, and Other Essays (1899): full text online
  • Kilfeather, T.P: Ireland: Graveyard of the Spanish Armada. Anvil Books Ltd 1967
  • Konstam, Angus. The Spanish Armada: The Great Enterprise against England 1588 (2009)
  • Martin, Colin (with appendices by Wignall, Sydney: Full Fathom Five: Wrecks of the Spanish Armada (with appendices by Sydney Wignall), Viking, 1975
  • Parker, Geoffrey. "Why the Armada Failed." History Today 1988 38 (May): 26–33. ISSN: 0018-2753.
  • Pierson, Peter. Commander of the Armada: The Seventh Duke of Medina Sidonia. (1989). 304 pp.
  • Rodriguez-Salgado, M. J. and Adams, Simon, eds. England, Spain, and the Gran Armada, 1585–1604 (1991)
  • Thompson, I. A. A. "The Appointment of the Duke of Medina Sidonia to the Command of the Spanish Armada", The Historical Journal, Vol. 12, No. 2. (1969), lgh 197–216.
  • Alcalá-Zamora, José N. (2004). La empresa de Inglaterra: (la "Armada invencible" : fabulación y realidad). Taravilla: Real Academia de la Historia ISBN 978-84-95983-37-4