Seán Ó Donnabháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seán Ó Donnabháin
Odonovan.jpg
Seán Ó Donnabháin le Bernard Mulrenan.
Dáta breithe 25 Iúil, 1861
  Contae Chill Chainnigh, Éire
Dáta báis 10 Nollaig, 1861
  36 Sráid Buckingham Uachtarach, Baile Átha Cliath, Éire
Gairm Taighdeoir topagrafaíochta, Ollamh na dTeangacha Ceilteacha.
Seánra Bailitheoir lámhscríbhinní agus Topagrafaíocht.

Scoláire mór Gaeilge ba ea Seán Ó Donnabháin (Béarla: John O'Donovan), (25 Iúil 1806 - 10 Nollaig 1861). D’fhoilsigh sé na chéad eagráin nua-aimseartha de mhórán de mhórshaothair stairiúla na Gaeilge, agus Annála Ríochta Éireann san aireamh. Rinne sé an-taighde ar sheanchas na hÉireann i measc chainteoirí dúchais na tíre, taighde a mbaineann scoláirí tairbhe as go fóill.

Beatha[athraigh | edit source]

Ba é an ceathrú mac d’Éamonn Ó Donnabháin agus d’Eileanóir Hoberlin ó Bhaile an Róistigh é.[1] Rugadh é in Áit an Tí Móir i bparóiste Cill Cholm i gContae Chill Chainnigh agus fuair sé oideachas in Acadamh Hunt i bPort Láirge.[2]

Chrom sé ar Ghaeilge agus ar Laidin a fhoghlaim in aois a naoi mbliana, de réir mar a dúirt sé féin, agus faoin mbliain 1819 b’fhéidir leis Gaeilge a thrascríobh réasúnta maith. Bhain sé Baile Átha Cliath amach sa bhliain 1823 agus chuaigh ar ‘Scoil Laidine’ lena ullmhú do Choláiste Mhaigh Nuad, ach níorbh í an tsagarthacht ba dhual dó. I mBaile Átha Cliath thosaigh sé ag bailiú eolais do James Hardiman, ársaitheoir, ó pháipéir stáit agus ó fhoinsí eile in Oifig na dTaifead Poiblí. Mhúin sé Gaeilge do Thomás Larcom, scoláire, ar feadh tréimhse ghearr sa bhliain 1828 agus d’oibrigh do Mhaolmhuire Sheáin Ó Raghallaigh, bailitheoir lámhscríbhinní.

Ba iad an Donnabhánach, a chara George Petrie agus an Ridire Samuel Ferguson an triúr a fuair réidh le teoiricí áiféiseacha na n-ársaitheoirí a tháinig rompu. Áiríodh an Donnabhánach agus Eoghan Ó Comhraí, deartháir a chéile, ar phríomhúdaráis a linne ar an teanga Ghaeilge agus ar sheandachtaí Éireannacha. Bhí an Donnabhánach ina chúl taca ag a lán cumann léannta – Cumann Seandálaíochta Chill Chainnigh, Cumann Seandálaíochta Uladh agus an Cumann Ceilteach.

Chuaigh sé ag obair don Roinn Dinnseanchais i Suirbhéireacht Ordanáis Éireann i Mí Dheireadh Fómhair 1830 faoi stiúradh George Petrie. Lasmuigh de thréimhse gearr sa bhliain 1833, rinne sé taighde ar logainmeacha anuas go dtí an bhliain 1842, agus tháinig ar mhórán lámhscríbhinní. Bhí lé ar leith aige le Contae an Chláir de bharr a raibh de sheanchas ann, cé gurbh éigean dó cur suas le leapacha taise agus drochbhia. Ar ais i mBaile Átha Cliath dó d’oibríodh sé dólámhach ag trascríobh a raibh bailithe aige. Ina dhiaidh sin ní raibh sé chomh sáite sin san obair, cé go ndéanadh sé corrbhabhta taighde de réir mar ba ghá. Is iomaí léarscáil agus lámhscríbhinn a scrúdaigh sé i leabharlanna agus i gcartlanna na hÉireann agus Shasana chun eolas cruinn a fháil ar a oiread de bhailte fearainn a thíre agus ab fhéidir.

Tá an-tábhacht leis na litreacha a scríobh an Donnabhánach mar chuntas ar sheanchas na hÉireann. Tá fáil fós ar chuid mhór de na litreacha a scríobh sé chun William Reeves idir na blianta 1845 agus 1860. [3]

Rinneadh iarracht ar dheontas a fháil ón Rialtas chun cuidiú leis agus é ag cur lámhscríbhinní in eagar, ach diútaíodh dó, agus sa bhliain 1842 cuireadh deireadh le Roinn Dinnseanchais na Suirbhéireachta. Fuair an Donnabhánach cúnamh ó chairde, rud a lig dó sraith eagrán de shaothair Ghaeilge, in éineacht le réamhráite suntasacha agus nótaí, a chur amach idir na blianta 1842 agus 1861. Ba é a eagrán d’Annála Ríochta Éireann a phríomhshaothar, eagrán a críochnaíodh sa bhliain 1851 agus a thuill pinsean de £50 in aghaidh na bliana dó ón Rialtas, in éineacht le Bonn Óir Cunningham ó Acadamh Ríoga na hÉireann agus céim LL.D. ó Choláiste na Tríonóide. Bhí socair ag an Donnabhánach ar dhul go dtí Meiriceá, ach choinnigh bunú Choimisiún an Fhéineachais ag obair in Éirinn é.

Rinneadh Ollamh na dTeangacha Ceilteacha den Donnabhánach in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste agus glacadh leis mar abhcóide sa bhliain 1847. Toghadh é mar bhall comhfhreagrach d’Acadamh Ríoga Berlin sa bhliain 1856, ar mholadh Grimm. Ní raibh an tsláinte ró-mhaith aige riamh, agus cailleadh é beagán i ndiaidh an mheán oíche ar 10 Nollaig 1861 ina theach féin ag 36 Sráid Uachtarach Buckingham, Baile Átha Cliath. Cuireadh é i Reilig Ghlas Naíon ar 13 Nollaig 1861.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Boyne 1987, lch 1.
  2. Alt dá chuid ar a bheatha féin ar Transactions of the Kilkenny Archaeological Society, 1851, lch 362. Seán Ó Dálaigh a chuir i gcló i mBaile Átha Cliath, 1862
  3. Hastings, Angela, ‘John O'Donovan/William Reeves correspondence’

Bhí an Donnabhánach agus Ó Comhraí pósta le beirt deirfiúr. Mar sin, fear chéile deirfiúir chéile Sheáin Uí Dhonnabháin ab ea Eoghan Ó Comhraí, níorbh deartháir a chéile é.

Leabhair thagartha[athraigh | edit source]

  • Andrews, J.H.. A Paper Landscape, the Ordnance Survey in Nineteenth-Century Ireland, 1993, Four Courts Press. ISBN 1-85182-664-5
  • Boyne, Patricia. John O'Donovan (1806—1861): A Biography, Kilkenny: Boethius, 1987. ISBN 0-86314-139-0
  • De hÓir, É.. Seán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó Comhraí, Baile Átha Cliath, 1962.
  • MacSweeney, P.. A Group of Nation-Builders: O’Donovan — O’Curry — Petrie. Dublin, 1913
  • Lalor, Brian. Encyclopaedia of Ireland, 2003, Gill and MacMillan, lach 813. ISBN 0-7171-3000-2
  • Ó Muráile, N.. 'Seán Ó Donnabháin, An Cúigiú Máistir' in Léachtaí Cholm Cille XXVII: Scoláirí Gaeilge, eag. R. Ó hUiginn. Maigh Nuad, 1997, lgh 11-82.

Leabhair de chuid Uí Dhonnabháin ar líne[athraigh | edit source]

  • O'Donovan, John, ed. (1844), The Genealogies, Tribes, and Customs of Hy-Fiachrach, Commonly Called O'Dowda's Country, Dublin: The Irish Archaeological Society, http://books.google.com/?id=fgMGAAAAQAAJ
  • O'Donovan, John (1852), "Introduction, and an Historical Account of the Family of O'Daly", The Tribes of Ireland: A Satire, by Aenghus O'Daly, Dublin: John O'Daly, http://books.google.com/?id=IIgNAAAAYAAJ
  • O'Donovan, John, ed. (1861), The Topographical Poems of John O'Dubhagain and Giolla Na Naomh O'Huidhrin, Dublin: The Irish Archaeological and Celtic Society (published 1862), http://books.google.com/?id=Eg8OGXGk3LAC
  • O'Donovan, John; Todd, James Henthorn; Reeves, William, eds. (1864), The Martyrology of Donegal. A Calendar of the Saints of Ireland, Dublin: The Irish Archaeological and Celtic Society, http://books.google.com/?id=clR5GAXu0V8C
  • O'Donovan, John; O'Curry, Eugene, eds., Ancient Laws of Ireland, II

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]