Long fhada na hÉireann
Saghas rámhloinge a bhí i long fhada na hÉireann agus í an-chosúil, is dócha, le long fhada na hAlban. Long chlinse ba ea í, crann seoil inti agus stiúir aici. Ba mhinic sé bhuille (i.e. rámh) dhéag aici, agus bhí clú an luais uirthi. Faoin 16ú haois bhí sí á n-úsáid go forleathan in Iarthar Éireann agus baint aici go minic le cúrsaí cogaidh. Cheal iarsmaí seandálaíocha caithfear eolas a bhailiú ó sheancháipéisí agus ó sheaníomhánna.
Faoin 16ú haois bhí laghdú tagtha i dTuaisceart Eorpa ar an méid rámhlong a bhí á n-úsáid, cé go raibh siad coitianta go maith fós sa Mheánmhuir. Bhí rámhlonga (den saghas 'Eorpach', is dócha) á dtógáil ina lán calafort in Éirinn sa 13ú haois agus cuid acu á ndéanamh don Choróin.[1] ach long ar leith ba ea long fhada na hÉireann agus na hAlban. D'eascair sí ó shaoirseacht loinge iarthuaisceart na hEorpa agus d'oir dá raibh ann de chuanta agus d'oileáin i gcríocha na nGael.
Clár ábhair |
Dealramh na loinge [athraigh]
Tá fianaise ar dhealramh na long Éireannach le fáil ó íomhánna ar léarscáileanna de Chúige Uladh le Francis Jobson [2] agus íomhá eile mar chuid d'armas ar leac aolchloiche i Mainistir Oileán Chliara. Meastar go mbaineann sí siúd le tús an 17ú haois: tá "Terra et mari potens (i réim ar tír is ar muir) - Ó Máille" uirthi mar mhana.
Taispeánann iómha de chuid Jobson ón mbliain 1590 long a bhfuil deireadh cruinn agus tosach géar aici. Tá deic ardaithe ar an tosach, cábán deiridh siar go maith ón gcrann agus ceann cuar air, agus roinnt rámh le feiceáil. Tá crann sa chuid tosaigh den long agus seol air atá ceangailte de shlat fhada. Ní léir ón íomhá cé acu coirneog atá ann nó seol púcáin. Ta láinnéir chleithe (le frídeoir), cúlstaghanna agus staghanna tosaigh le feiceáil. Cuma stílithe shimplithe atá ar an bpictiúr.[3] Tá íomhánna eile leis ón mbliain 1591 de thrí long, ocht mbuille ag gach ceann acu agus coirneog acu a bhfuil stríoca ingearacha air. Tá amharc ann ar stiúracha, láinnéir chleithe, láinnéir shlaite agus ar chrannóga. Tá gob fada ar na longa agus cábán cuarach thiar.[4]
Tá íomhá long Chliara an-simplí ach is léir gur cosúil le gnáthlong Albannach í: tá roinnt rámh aici agus crann inti a bhfuil slat choirneoige air.
Fianaise na hAlban [athraigh]
Má bhí cosúlacht idir long na hÉireann agus long fhada na hAlban, is dócha go raibh rian stairiúil na déantúsaíochta Lochlannaí orthu araon. Thóg na hÉireannaigh a lán focal ó na Lochlannaigh a bhain le cúrsaí mara: ancaire <akkeri, scód <skaut, stiúir <stýri, cnarr (long lasta) <cnorr, agus eile.[5] Chuir na Lochlannaigh fúthu ar fud Inse Ghall agus bhí a rian sin ar longthógáil iarthar na hAlban anuas go dtí an 17ú haois ar a laghad. Cuireann cáipéisí Sasanacha in iúl go raibh an dealramh céanna ar longa na hÉireann agus na hAlban, cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de gur mhar a chéile ar fad iad.
Longthógáil [athraigh]
Tá leid le fáil faoi dhéanamh na loinge fada ón eolas atá againn ar longa na Lochlannach agus na nAlbannach.
Dhéanadh na saoir Lochlannacha an chíle a cheangal de na poist tosaigh agus deiridh le scarbhailt. An chabhail a dhéanamh de stráicí thanaí chlinse ansin ar dhroim na cíle, agus tairní iarainn á n-úsáid chuige. Easnacha comhchruthacha a cheangal ansin de na stráicí le cordaí nó duail. Chuirfí trasnán caol nó tochta anuas ar an gcuid is mó de na heasnacha. Crann a chur sa cheap tró i lár na loinge nó in aice leis, agus rámha a leagan isteach. Ba ghnách rámh stiúrtha a úsáid.[6] Bheadh eangaí sna poist a d'oirfeadh do cheann na gclár, glúine faoi na tochtaí lena gceangal de na stráicí, agus maidí ag nascadh bharr na n-easnacha.[7]
Is dócha ar an bhfianaise atá ann go raibh an chuma chéanna ar long fhada na hÉireann: í ina soitheach fíneáilte clinse a thógtaí de réir ghnáthnosanna tógála iarthuaisceart na hEorpa. Ba shoitheach chlinse í an long Albannach agus stiúir cheart aici murab ionann is an long fhada Lochlannach.[8] Bhíodh pionnaí sa stiúir lena ceangal den chabhail agus cuma sách díreach ar dheireadh na loinge dá réir. Poill ann do na rámha, dhá bhuille dhéag ag na longa ba lú toirt agus daichead buille ag na longa ba mhó. Long mhear éadrom a bhí inti agus gan gunnaí móra ar iompar aici.
Rigín [athraigh]
Tá fianaise le fáil ar ghnáthrigín long fhada na hAlban ó shnoíodóireacht ar leaca in Inse Ghalll agus dealramh aige le rigín Lochlannach. Láinnéir, staghanna tosaigh agus deiridh, scriútaí, háilléar agus fáinne gafail atá i gceist, agus is dócha go mbaintí feidhm as téada súgáin. Bhíodh crann i lár na loinge agus coirneog air a bheadh déanta as olann thiubh.[9] B'fhéidir go mbaintí feidhm as sparra lochlannach ("beitass") in áit scód coirneoige chun leithead tosaigh an tseoil a choinneáil teann.[10]
Léiríonn an fhianaise atá ann go mbíodh rigín den saghas céanna ar long fhada na hÉireann.
Úsáid na loinge [athraigh]
Déanann Annála Ríochta Éireann tagairt do chabhlaigh agus baint ag an scéal le hAlbain go minic. Sa bhliain 1413 bhí Tuathal Ó Máille ag filleadh a bhaile ó Chúige Uladh le seacht long nuair a rug “anfadh na mara” orthu. Fuadaíodh iad ó thuaidh i dtreo na hAlban, agus long Thuathail amháin a tháinig slán.[11] Sa bhliain 1433 feicimid Mac Domhnaill na hAlban ag teacht aduaidh “co c-cobhlach mór” chun cuidiú le hEoghan Ó Néill – cuairt chogaidh a tharla go minic.[12] Muintir Mháille agus muintir Fhlaitheartaigh, tiarnaí Iar-Chonnacht, is mó a bhain tairbhe as na longa, iad ag creachadh ceantair eile nó ag tabhairt ceithearnaigh tiarnaí eile leo ó áit go háit. Sa 16ú haois thug na Sasanaigh tréan-iarracht ar iad a shárú lena gcuid long féin.[13] Ba í Gráinne Ní Mháille an tiarna ba mhó cáil díobh, agus scríobh an Ridire Richard Bingham, Gobharnóir Chonnacht, sa bhliain 1591 go raibh fiche long aici,[14] cé nach cinnte go mbeadh an méid sin ina seilbh de ghnáth agus timpistí mara curtha san áireamh. Ba mhór an trádálaí í, rud ba dhual athar di.[15]
Deir Páipéir Stáit Shasana (1599) go bhfuil trí long an-mhaithe ag Tiobóid na Long (mac le Gráinne Ní Mháille) agus iad in ann 300 fear a iompar faoi seach.[16] Tugann seo le fios go raibh tathag agus toirt i gcuid de na longa seo. Is dócha, áfach, nach raibh a bhformhór rómhór, agus d’fhéadfadh gunnaí móra iad a bhriseadh, cé go mbeidís in ann iad féin a chosaint ar shoithigh eile dá dtoirt.[17]
Mhol filí na scol mhuintir Mháille as an mbaint a bhí acu leis an muir:
- Leomhain an oirir uaine
- eolaigh oirir na Spáinne
- ag buain chruidh do Cheann Tíre
- gearr míle ar muir d'íbh Máille[18]
Intaofacht na fianaise cartagrafaí [athraigh]
Bhí Francis Jobson ar an lucht déanta léarscáileanna is seanchleachtaí in Éirinn agus an-eolas aige ar an tír. B’fhada ag obair i gCúige Mumhan é[19][20] agus dúirt sé féin gur chuir sé féin i mbaol ag déanamh léarscáileanna i gCuige Uladh.[21]
Ó lámh Jobson a tháinig cuid de na híomhánna is suimiúla den long fhada. Íomhánna iad atá ag teacht go maith leis an eolas atá ar fáil ó fhoinsí eile ar rigín, ar sheol agus ar chabhail na loinge sin.
Cúrsaí seandálaíochta [athraigh]
Ní fios ar mhair iarsmaí ar bith de na longa fada seo faoi uisce. Níor thángthas ar leithéidí na long a fuarthas i bhFiord Roskilde sa Danmhairg sa bhliain 1957, cúigear a cuireadh go tóin d'aonghnó sa 11ú haois mar chonstaic agus a bhfuil neart eolais le fáil uathu ar adhmad, ar thógáil agus ar sheoltóireacht na long úd.[22] Mar sin féin, tugann na hiarsmaí sin leid dúinn faoi dhéanamh longa fada na hÉireann.
Nótaí [athraigh]
- ↑ Rixson (1998), lgh 167-168
- ↑ Bhí Jobson ar na cairtghrafaithe Sasanacha a bhí ag obair in Éirinn sa chuid dheireanach den 16ú haois. Féach Collins, M.E. (1980). Ireland 1478 - 1610. The Educational Company. Sliochta as le fáil ag http://www.paulturner.ca/Ireland/Cork/plantation-of-munster.htm. Ba ghnách lena leithéidí a gcuid léarscáileanna a mhaisiú le híomhánna - foirgnimh, longa agus eile: http://news.bbc.co.uk/today/hi/today/newsid_8307000/8307233.stm.
- ↑ Collins (1980).
- ↑ Map of Ulster (1591), Francis Jobson, TCD MS 1209/17.
- ↑ Sawyer, Peter (2001). The Oxford Illustrated History of the Vikings. Oxford University Press 2001, lch 104. ISBN 0-19-285434-8
- ↑ Greenhill (1976), lch 234
- ↑ ibid. lgh 219-220
- ↑ Rixson (1998), lch 138
- ↑ ibid. lgh 158-159
- ↑ Greenhill (1976), lch 213
- ↑ http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html M1413.3: Tuathal Ó Máille do dhul ar congmháil h-i c-cúicceadh Uladh, & a beith bliadhain innte & ag soadh dia thigh lucht secht long im fhél Cholaim Chille, ro éirigh anfadh na mara thiar dhóibh, & ro fuadaigheadh iad lamh dheas ré h-Albain gur ro báidheadh sé longa cona f-fóirnib díbh-sidhe im dhá mhac Tuathail Uí Mháille, im Dhonnchadh mac Eoghain Connachtaigh Mec Suibhne, im Dhomhnall Bhallach mac Mec Suibhne Girr, & dá fichit ar dhá chéd immaille friú, & Tuathal féin do thecht i t-tir ar eigin i n-Albain.
- ↑ http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html M1433.1: Coccadh mór eitir Chenél c-Conaill & Eoghain. Ua Domhnaill, Niall Garbh mac Toirrdhealbhaigh an Fhíona cona shochraide do dhul isin Duibh-trian do chongnamh lá Mac Uidhilín. Ua Néill .i. Eoghan do dhul sluagh mor i l- lenmain Ui Domnaill, & Mic Uidhlín. Tainic dna Mac Domhnaill na h-Alban co c-cobhlach mór h-i c-comhdail Uí Neill do chongnamh lais. Do-chóidhset na h-Albanaigh fo chaoruighecht Mic Uidhilín & Roiberd Sabhaoís go rabhsat for a c-comas, & tuacadar ár dearmhair & díth daoine for Mac Uidhilín & for Roiberd, & a t-tearna dia muintir as an Duibh-trian torchrattar uile d'urmhór ag fersait an Chaisléin Nui.
- ↑ Rixson, lch 42
- ↑ Rixson (1998), lch 44
- ↑ 1593 Petition of Gráinne Ní Mháille to Queen Elizabeth, State Papers Relating to Ireland (micreascannán in Oifig na dTaifead Poiblí i Londain) SP 63/171/18
- ↑ Chambers (1998), lch 24, ó Knox H.T. (1908), History of the County Mayo, Dublin, lch 250.
- ↑ Féach Rixson (1998), lch 50: cuntas Chaptaen Plessington an Tramontana, long chogaidh Shasanach, ar long fhada a ghabh sé idir Teileann agus na Cealla Beaga, Mí Iúil 1601: Not withstanding she rowed with thirty oars and had on board ready to defend her a hundred good shots which entertained a skirmish with my boat for most of an hour and had put her to the worst. Coming up with my ship to the rescue, I quickly, with my great shot made an end to the fray. This galley comes out of Connaught and belongs to Grany O’Malley whereof a base son of hers is captain.
- ↑ Chambers, lch 18, ó Revue Celtique, iml. XLIX, lch 74
- ↑ http://www.ucc.ie/celt/published/E580000-001/text004.html Introduction to the Desmond Surveys, lgh 32-33.
- ↑ Sarah Tyacke, “Introduction,” in Sarah Tyacke, (eag.) English Map-Making 1500-1600 (British Library 1983), lgh 20-21. Luaite in Smith, Donald Kimball (2008). Cartographic Imagination in Early Modern England: Rewriting the World in Marlowe, Spenser, Raleigh and Marvell. Ashgate Publishing Company. ISBN 978-0-7546-5620-3
- ↑ Rinne sé tagairt don ‘most savage and rebellious people from whose cruelty God only by his divine power delivered me being every hour in danger to lose my head’: http://www.bbc.co.uk/ulsterscots/library/a-narrow-sea-episode-22 Dr Jonathon Bardon: ‘Making Ulster Visible’.
- ↑ http://en.wikipedia.org/wiki/Skuldelev_ships
Tagairtí [athraigh]
- Chambers, Anne (1998). Granuaile: The Life and Times of Grace O'Malley c. 1550 - 1603. Wolfhound Press. ISBN 0-86327-631-8
- Greenhill, Basil (eag.) (1976). Archaeology of the Boat: A new introductory study . Adam and Charles Black, London ISBN 0-7136-1645-8
- Rixson, Denis (1998). The West Highland Galley. Birlinn, Edinburgh ISBN 1-874744-86-6