Curach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí SoitheachCurach
Saintréithe teicniúla
CineálCanú Cuir in eagar ar Wikidata
Curach in Inis Bó Finne

Saghas báid is ea curach (currachcurragh i mBéarla) a bhfuil cabhail adhmaid aici agus í clúdaithe le canbhás (nó le seithí fadó). Níl báid den saghas seo le fáil ach in iarthar na hÉireann, sa Bhreatain Bhig agus san Albain agus cuma dhifriúil orthu de réir an réigiúin. I gContae Chorcaí, i gContae Phort Láirge agus i gContae Chiarraí tugtar naomhóg uirthi, agus tugtar “canoe” uirthi i gContae an Chláir. Tá gaol aici le curachán na Breataine Bige. Tá bád adhmaid i gConnacht a bhfuil an toirt chéanna inti agus a dtugtar curach adhmaid uirthi.

Baineadh feidhm as an gcurach riamh mar bhád mara agus mar bhád ar uiscí intíre. Bhí soitheach beag ciorclach a tógadh ar dtús i bhfoirm ciseáin as giolcacha ag na Ceiltigh is na Briotanaigh ársa. Dhéantaí uiscedhíonach í le seithí ainmhithe (nó le pic níos déanaí) agus í chomh héadrom sin go bhféadfadh fear amháin í a iompar.[1] Traidisiún é seo a mhair sa Bhreatain Bheag, in Albain[2] agus in Éirinn araon.

Dhá churach sa Bhreatain Bhig ar Abhainn na Teifi; 1972.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dhá thraidisiún tógála bád a bhí in Éirinn, ceann an bháid adhmaid agus ceann an bháid seithe.[3] Bhí an laghad sin tathaig sa dara bád nach dócha go mbeadh aon iarsmaí le fáil ag an seandálaí mara, ach is léir ó na téacsanna go raibh sí ann leis na cianta cairbreacha.

Ceann de na téacsanna úd is ea an cuntas Laidine a tugadh ar iomramh nó aistear mara Bhréanainn, naomh a rugadh c. 484 in iardheisceart na hÉireann): Navigatio sancti Brendani abbatis. Tá tuairisc ann ar thógáil báid mhara: bhain na manaigh feidhm as uirlisí iarainn chun bád easnacha adhmaid a dhéanamh sicut mos est in illis partibus (“de réir an nóis atá acu sa taobh sin tíre”), agus chlúdaigh é le seithí a leasaíodh le coirt dara. Baineadh feidhm as tarra chun ceangal na seithí a shéalú. Ansin tógadh crann i lár na curaí agus crochadh seol.[4] Scéal iontais an t-iomramh i ndáiríre, ach cuirtear in iúl gur tógadh an churach de réir ghnáthnósanna na ré úd.[5]

Deir Gearóid na Breataine Bige in Topographia Hibernica (1187) go ndúirt mairnéalaigh leis go ndeachaigh siad ar foscadh ó stoirm amach ó chósta Chonnacht agus chonaic beirt fhear fholtacha faoi scriosán éadaigh ag déanamh orthu i mbád caol caolaigh a bhí clúdaithe le seithí. Fuair criú na loinge amach go raibh Gaeilge ag an mbeirt agus thug ar bord iad, agus tháinig iontas orthu siúd toisc nach bhfaca siad long mhór adhmaid riamh roimhe sin.[6]

Tá an oiread sin cosúlachta idir na cuntais a thugtar ó na luathmheánaoiseanna go dtí tús na ré nua-aimseartha gur dócha nár tháinig aon athrú mór ar dhearadh agus ar thógáil na gcurach idir an dá linn.

Tá tuairisc Laidine de chuid an 17ú haois againn ó láimh Philib Uí Shúilleabháin Béirre ar na cogaí Eilíseacha in Éirinn agus cuntas ann ar dhá churach a tógadh faoi dheifir chun dul trasna Abhainn na Sionainne. Tógadh an churach ba mhó acu mar a leanas: sádh dhá shraith de thuigí sa talamh os comhair a chéile amach, cromadh na cinn uachtaracha isteach ar a chéile ((ad medium invicem reflexa) gur ceanglaíodh le cordaí iad agus casadh an chabhail úd droim ar ais. Cuireadh cláir, tochtaí agus suíocháin isteach, ceanglaíodh seithí capall den taobh amuigh agus feistíodh leapacha iomartha. Deirtear go raibh acmhainn iompair tríocha fear aici.[7]

Curacha mara timpeall an 17ú haois[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Captaen Thomas Phillips - Curach mhór de chuid an 17ú haois

Rinne Sasanach, an Captaen Thomas Phillips, tógáil agus seoladh curaí mara de chuid an 17ú haois (leagan croschineálach den bhád adhmaid agus den bhád seithe) a léiriú: "A portable vessel of wicker ordinarily used by the Wild Irish".[8]

Tá amhras curtha i gcruinneas na sceitseanna seo[9] ach tá mionléiriú iontu agus taispeánann siad curach ar ceartleagan déanach í den seanchurach mhara. Tá sí isteach is amach le fiche troigh ar fad; tá cíle fúithi agus stiúir aici, cabhail chaolaigh aici atá daingnithe ag easnacha, agus crann inti. Í á tógáil ón gcíle aníos. Chuirtí clúdach (seithí, is dócha) ar an gcabhail agus an chaoladóireacht déanta agus tuigí ina dtaca ag na taobhanna idir an dá linn.

Tá an crann treisithe ag staghanna agus ag scriútaí dúbailte ar gach taobh agus iad ag teacht anuas go dtí cláir nó seanail. Tá an stagh tosaigh ag dul thar ghabhal beag os cionn na slaite, coirneog ceangailte di siúd agus craobh nasctha le barr an chrainn. Tá leathfhonsaí dúbailte ar an deireadh ar féidir clúdach a chur orthu.

Cuireann na sceitsí in iúl go raibh curacha den saghas seo coitianta le linn Phillips. Chuideodh an chíle leis an mbád a stiúradh,[10] ach bheadh an chabhail lúbach fós.

Curach na linne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an cuspóir atá ag lucht déanta curach soitheach éadróm láidir so-ionramháilte a sholáthar. Déantar an chabhail d’easnacha agus de ribíní rungáis agus gunail ar barr. Tá posta tosaigh agus posta deiridh aici ach is annamh cíle fúithi. Cuirtear tochtaí isteach agus glúine de réir mar is gá. Feistítear cléití nó crogaí, agus b’fhéidir go mbeadh crann agus seol ann, le rigín an-simplí. Clúdaítear an taobh amuigh den chabhail le canbhás tarráilte nó ceaileacó.

Bhaintí feidhm as curacha de chuid na himsire seo chun iascaireacht nó farantóireacht a dhéanamh, agus chun earraí, caoirigh agus eallach a chur sall. Tá cuntas ag an scríbhneoir Seán Ó Criomhthain ar conas a cheanglófaí cosa an eallaigh:

Chaithfeá iad seo a leagadh agus na ceithre cosa a cheangal dá chéile, agus a fhios a bheith agat conas a cheanglófá leis iad, agus téadán maith a bheith agat. Iad a bhualadh isteach ansin sa naomhóg, agus, má chífeá aon bhogadh ag na cosa á dhéanamh, teacht agus an cupán, áras atá ag leanúint na naomhóige, a chur anuas don uisce, agus cúpla maith uisce a dhoirteadh anuas ar an téad, agus d'fháiscfeadh sé sin go maith ar a chéile iad.[11]

Ní i ngach áit ar an gcósta Atlantach féin a bhíodh an churach le fáil lenár linn. Níor bhain sí Contae Chiarraí amach go dtí an chuid deiridh den 19ú haois (c. 1880) agus gan in úsáid acu go dtí sin ach an bád saighne, bád trom adhmaid a raibh ocht mbuille ag teastáil chun í a bhogadh.[12] Bhain muintir na mBlascaodaí tairbhe ar leith as an naomhóg,[13] agus leagan suntasach réigiúnach di acu.

Contae Mhaigh Eo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé de dhifríocht ag curach Mhaigh Eo go bhfuil cláir thanaí ar a tóin agus ar a taobhanna in áit na ngnáthribíní rungáis a gheofá taobh amuigh de chrannaíl na cabhlach. In Oileán Acla déantar an churach le gunailí dúbailte.[14]

Conamara agus na hoileáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gunail dhúbailte atá ag curach Chonamara, in éineacht le bloc sclóine atá ceangailte de thaobh amháin den chuid chearnaithe de chos an rámha.

Bhaineadh muintir Árann feidhm mhór as an gcurach. Seol aici, rud nár ghnách sa limistéar, ach gan scriútaí ná staigheanna ann. Cé is moite den háilléar, ní bhíodh de théada ann ach an taca agus é tarraingthe chun pointe in aice leis an stuimine agus an scód, a bheadh tarraingthe siar agus nasctha leis an tochta thiar.[15]

Contae an Chláir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba chosúil curach an Chláir le curach Árann. Agus í á déanamh sháfaí roinnt comharthaí adhmaid fad áirithe ó chéile sa talamh, rud a thaispeánfadh cé chomh leathan is a bheadh fráma na gunaile íochtaraí. Dhéanfaí é seo ar dtús agus ansin an fráma uachtarach, agus cheanglófaí na tochtaí le tairní.[16]

An tSionainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí curacha reithe coitianta fós sna 1840í suas ó Loch Rí. Ní raibh siad le fáil ina dhiaidh sin ach amháin cois farraige in Inbhear na Sionainne.[17]

Contae Chiarraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí clú na maisiúlachta agus an luais ar churacha Chiarraí. Seol acu ar chrann gearr gan scriútaí agus é curtha i gceap gearr treo. An háilléar ag raith trí fháinne iarainn in aicle le barr an chrainn agus é ceangailte le seol beag cleithe a raibh scód agus taca aige. D’fhéadfaí cílí cliatháin a úsáid.[18]

Lucht déanta curach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mionsamhail churach Bhréanainn

Is beag duine atá ag déanamh curach go lánaimseartha. I gCorcaigh déanann Meitheal Mara curacha a thógáil agus daoine a oiliúint ar an gceird.[19]

Curacha na hAlban[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar éigean atá an churach Albanach ann anois, cé go ndéantar ceann nua ó am go ham.[2] Bhíodh sí á húsáid ar Abhainn na Spé san oirthuaisceart agus in Inse Ghall.

Curacha na Spé[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Statistical Account of Scotland 1795 tugtar cuntas ar fhear

" sitting in what was called a Currach, made of hide, in the shape, and about the size of a small brewing-kettle, broader above than below, with ribs or hoops of wood in the inside, and a cross-stick for the man to sit on. . . . These currachs were so light, that the men carried them on their backs home from Speymouth."

Fiche bliain roimhe sin tá tagairt eile in History of the Province of Moray (1775):

"Let me add, as now become a Rarity, the Courach. . . . It is in shape oval, near three feet broad, and four long."

Tá cuntas níos iomláine le fáil i dtaifid chúirte na hAlban (1780):

"The currach contained only one man in working it, whereas the floats require two men and oars; and the man in the currach paddled with a shovel, one end of the rope being fixed to the raft, and the other tied to the man's knee in the currach, which he let loose when there was any danger, the currach going before the raft."

Bhaintí feidhm as curacha na Spé i hgnóthaí adhmaid, mar a luaitear in Pilgrimage etc. Ainslie (1822):

"The river taking a sudden bend, broadened and deepened into a wheel, on the breast of which a salmon cobble, or currach swam.
"Hence curracher, a man who sat in a currach and guided floating timbers down the Spey."

B’fhéidir go raibh siad seo le fáil fós san fhichiú haois, ó tá tagairt do "currick" sa Banffshire Journal (1926).

Notes[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  2. 2.0 2.1 "Currach" (as en) (2022-09-01). Wikipedia. 
  3. Seosamh Ó Cuaig (1 Meán Fómhair 2022). "Cé a rinne an chéad churach adhmaid i gConamara?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-03.
  4. Navigatio sancti Brendani abbatis, cap. IV: http://www.hs-augsburg.de/~harsch/Chronologia/Lspost10/Brendanus/bre_navi.html
  5. Vita apud Colgan: luaite in Hornell (1977), lch 17: Erat enim in istis partibus, eo aevo, quoddam navigii genus usitatum, ex viminibus contextum, et bovinis coriis contectum; quad Scotica lingua Curach appellatur.
  6. Topographia Hibernica, Dist. III, Cap. XXVI: http://www.maryjones.us/ctexts/index_latin.html. Tá aistriúchán Béarla le fáil ag: http://www.yorku.ca/inpar/topography_ireland.pdf. Tá an sliocht Laidine an-suimiúil ó thaobh na heotneolaíochta agus deir sé: Audivi enim a navibus quibusdam, quod cum quadrogesimali quodam tempore ad boreales et inexscrutabiles Connactici maris vastitates vi tempestatis depulsi fuissent, tandem sub insula quadam modica se receperunt: ubi et anchorarum morsu, funiumque triplicium, immo multiplicium tenacitate se vix retinuerent. Residente vero infra triduum tempestate, et restituta tam eari serenititae quam mari tranquillitate, apparuit non procul facies terrae cujusdam, eis hactenus prorsus ignotae; de qua non longe post et cymbulam modicam ad se viderunt remigantem, arctam et oblongam, vimineam quidem, et coriis animalium extra contextam et consutam. Erant autem in ea homines duo, nudis omnino corporibus, praeter zonas latas de crudis animalium coriis quibus stringebantur. Habebant etiam Hibernico more comas perlongas et flavas, trans humeros deorsum, corpus ex magna parte tegentes. De quibus cum audissent, quod de quadam Connactiae parte fuissent, et Hibernica lingua loquerentur, intra navem eos adduxerunt. Ipsi vero cuncta quae ibi videbant tanquam nova admirari coeperunt. Navem enim magnam et ligneam, humanos etiam cultus, sicut asserebant, nunquam antes viderant..
  7. O'Sullivan-Beare, Philip, Historia catholicae Iberniae compendium, Tom III., Cap IX: https://archive.org/stream/MN42000ucmf_1/MN42000ucmf_1_djvu.txt (cé go bhfuil roinnt earráidí sa tras-scríobh). Tá aistriúchán Béarla le fáil ag http://www.ucc.ie/celt/published/T100060/index.html.
  8. Tá sé seo i dtaisce sa Pepsyian Library, Cambridge. Féach a bhfuil le rá ag Nance, R. Morton, 'Wicker Vessels,' The Mariner's Mirror, July 1922
  9. Hornell (1977), pp. 35 – 36
  10. Féach Ua Maoileoin, lgh141–142, i dtaobh na ndeacrachtaí a bhain le curach gan chíle: Ar a tosach a choimeád sa bhfarraige agus gan í a ligeant i leith a cliatháin uirthi, is maith an bléitse farraige a chuirfeadh síos í. Agus tá iompar seoil inti ná cuirfeá féna tuairim in aon chor, ach aon ní amháin, gan aon chille a bheith fúithi agus nach féidir aon bhordáil, puinn, a dhéanamh léi ach roimis an ngaoith i gcónaí agus í ag imeacht leathchliathánach...
  11. Tyers (eag.), lgh 94 – 95
  12. Ua Maoileoin, lch 140 – 146
  13. Tyers (eag.) lgh 29 – 30
  14. Hornell (1977), lgh 5 – 13
  15. Hornell (1977), lgh 13 – 23
  16. Hornell (1977), lgh 24 – 28
  17. Hornell (1977), lgh 28 – 29
  18. Hornell (1977), lgh 29 – 35
  19. http://www.meithealmara.ie/

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Long fhada na hÉireann

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Hornell, James (1977). British Coracles and Irish Curraghs. New York: Arms Inc. ISBN 0-404-16464-1 [1] Curtha i gcartlann 2008-05-09 ar an Wayback Machine Féach freisin ‘The Curraghs of Ireland’ by James Hornell, Part III, lch 17, athchló as The Mariner’s Mirror, vol. XXIV, January 1938. [2]
  • Ua Maoileoin, Pádraig (1970). Na hAird ó Thuaidh (an dara heagrán). Sáirséal agus Dill
  • Tyers, Pádraig (eag.) (1982). Leoithne Aniar. Baile an Fheirtéaraigh: Cló Dhuibhne
  • Ainslie, H.. Pilgrimage etc. (1822)
  • Banffshire Journal (18 May 1926)
  • Shaw, L.. History of the Province of Moray (1775)
  • Session Papers, Grant v. Duke of Gordon (22 April 1780)
  • Statistical Account of Scotland (1795)
  • Wylie, Rev. J.A.. History of the Scottish Nation, Vol. 2 (1886)

Naisc eachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]