Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An ghníomhaireacht náisiúnta mapála i bPoblacht na hÉireann. Táirgeann sí raon leathan léarscáileanna cathrach, tuaithe, turasóireachta is scíthe, ar scálaí éagsúla. Cuireann sí na léarscáileanna seo ar fail ar páipéar is i bhfoirm dhigiteach. Athnuann sí na bunsonraí go leanúnach, agus baineann feidhm astu chun táirgí eile, cosúil le grianghrafadóireacht ón aer is mionsamhlacha digiteacha réimsí talún, a chur ar an margadh.