Diego Maradona

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Diego Maradona
Diego Maradona.jpg
Eolas pearsanta
Dáta breithe 30 Deireadh Fómhair, 1960
Áit breithe Buenos Aires, An Airgintín
Foirne mar imreoir
1976-1981
1981-1982
1982-1984
1984-1991
1992-1993
1993
1995-1997
1977-1994
Argentinos Juniors
Boca Juniors
F.C. Barcelona
Napoli
Sevilla
Newell's Old Boys
Boca Juniors
An Airgintín

Is iar-imreoir agus bainisteoir sacair ón Airgintín é Diego Armando Maradona, a rugadh i mBuenos Aires ar an 30 Deireadh Fómhair, 1960). Tá sé ar dhuine de na himreoirí is fearr agus is cáiliúla riamh, a bhí ina chaptaen nuair a bhuaigh an fhoireann náisiúnta Corn an Domhain sa bhliain 1986.

Thosaigh sé ag imirt le Argentina Juniors i 1976 roimh aistriú go Boca Juniors, áit a bhuaigh sé craobh i 1980. D'aistrigh sé go F.C. Barcelona i 1981. Bhuaigh sé Copa del Rey le Barça ach chuir gortuithe as dó agus níor éirigh ró-mhaith leis ann. I 1984 aistríodh é go SSC Napoli, club Iodálach nár bhuaigh comórtas le seasca bliain. Is ansin a shroich sé a bhuaicphointe, ag buachaint an scudetto Iodáileach dhá uair, i 1986-1987 agus 1989-1990, an Corn UEFA i 1989, an Coppa d'Italia i 1987 agus an Supercopa Italiana i 1990. D'fhág sé an Iodáil i 1991, ag dul go Sevilla FC sa Spáinn. I 1993 d'fhill sé ar an Airgintín, ag imirt le Newell's Old Boys, roimh dul ar ais go Boca Juniors, áit a d'éirigh sé as an bpeil ar 30 Deireadh Fómhair 1997.

Diego Maradona ag imirt leis an Airgintín sa bhliain 1979.
Commons
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann leis an ábhar seo:


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.



Do chuid uirlisí