Lámhach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula d'esportLámhach
Cineáltechnical activity (en) Aistrigh agus foréigean

Scaoileadh gunnaí, mar chaitheamh aimsire, foghlaeireacht, spórt, nó i gcath. Luadh an gunna den chéad uair i 1326, agus tháinig sé le bheith mar phríomharm cogaidh go tapa ina dhiaidh sin. Saothraíodh an spórt sa 15ú céad, agus bunaíodh an chéad chlub seilge i Lucerne na hEilvéise i 1466. Tá an-chuid saghas lámhaigh iomaíoch ann agus an-chuid gunnaí in úsáid, an piostal caighdeánach, an raidhfil beagchró, an raidhfil lánchró, agus an t-aerghunna ina measc. Sna comórtais scaoiltear le targaidí, iad fosaithe nó ag gluaiseacht mar a bhíonn i lámhach créphlátaí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Lámhach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 393.