Traenálaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí GairmTraenálaí
Cineál fostaíochta
pearsa spóirt agus ionad
Réimse oibre
traenáil spóirt agus coaching (en) Aistrigh
Giovanni Trapattoni: Traenálaí reatha an fhoireann náisiúnta na hÉireann.

Is duine a traenálann foireann spóirtlúthchleasaí aonair é traenálaí.[1] Féadfaidh an ról a athrú de réir an spórt i gceist ach tá sé bunaithe ar thraenáil theicniúil, meabhrach agus fisiceach i gcoitinne. Bíonn na traenálaithe iar-lúthchleasaithe nó daoine le heolas mór den spórt i gceist go minic. Féadfar an traenálaí a hainmniú mar bhainisteoirteicneoir freisin.[2][3][4]

Spóirt foirne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimsíonn beagnach gach spórt foirne post na traenálaí. Déanann an traenálaí tascanna cineálacha ag an leibhéal oirbheartaíochta, lúthchleasach agus síceolaíoch, de ghnáth. Tionlacann aon nó níos mó cúntóirí an traenálaí le linn seisiúin traenála de ghnáth agus déanann siad na tascanna níos mó sonracha. Go háirithe, féadfar traenálaí a cuidiú ag:

  • traenálaí cúnta, lena bhfuil sé i gcomhpháirtíocht don seisiúin traenála agus cluichí;
  • aon nó níos mó ullmhaitheoirí, cé a bhfuil i bhfeighil an ullmhú fisiceach na himreoirí go heisiach.
Ceapadh Mick McCarthy ina bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann i Samhain 2018

Is é an traenálaí an duine atá freagrach i chinneadh an foirmíocht a húsáid sa pháirc, na himreoirí le himirt agus na hionaduithe a dhéanamh le linn na cluichí freisin. Féadfar an traenálaí a hainmniú mar roghnóir má tá an duine i bhfeighil foireann náisiúnta nó i gcásanna eile inarb iomchuí. Ainmnítear an traenálaí mar bhainisteoir sna cluichí Gaelacha. Úsáidtear an téarma seo sa pheil (sacar) freisin, san Ríocht Aontaithe go formhór, nuair atá níos mó ná an gnáth údarás ag an traenálaí. Chuimseodh seo an údarás chun imreoir a shíniú, post in áirithe do stiúrthóir spórtúil i bhformhór tíortha.

Bíonn riachtanas ag an traenálaí deimhniú cailiúcháin a bheith aige i bhformhór spóirt. Faightear sé trí pháirt a ghlacadh i gcúrsaí traenála de ghnáth.[5]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Trap takes a look at young hopefuls". Irish Independent. Dáta rochtana: 2010-06-09. (en)
  2. "An iomáint faoi léigear". Beo. Dáta rochtana: 2010-06-08.[nasc briste go buan]
  3. "Settore Tecnico". Federazione Italiana Giuoco Calcio. Dáta rochtana: 2010-06-08. (it)
  4. "Spanish Inquisition: Where Do Barcelona & Pep Guardiola Go From Here?". Goal.com. Dáta rochtana: 2010-06-09. (en)
  5. "Start coaching while still playing". UEFA. Dáta rochtana: 2010-06-14. (en)