Foireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann
| Poblacht na hÉireann | |||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
|
|
|||||||||||||||||||||
Culaith
|
|||||||||||||||||||||
| Cumann | FAI | ||||||||||||||||||||
| Comhaontas | UEFA | ||||||||||||||||||||
| Cód FIFA: | IRL | ||||||||||||||||||||
| Leasainm: | The Boys in Green | ||||||||||||||||||||
| Bainisteoir | |||||||||||||||||||||
| An imreoir is mó a roghnaíodh | Shay Given agus Kevin Kilbane (103) | ||||||||||||||||||||
| Príomhscórálaí | Robbie Keane (41) | ||||||||||||||||||||
| Staidiam | Staidiam Aviva | ||||||||||||||||||||
| Rangú FIFA | 43ú | ||||||||||||||||||||
| An chéad chluiche idirnáisiúnta Colombes, An Fhrainc; 28 Bealtaine 1924 |
|||||||||||||||||||||
| Toradh is fearr Baile Átha Cliath, Éire; 16 Samhain 1983 |
|||||||||||||||||||||
| Toradh is measa Uberlândia, An Bhrasaíl; 27 Bealtaine 1982 |
|||||||||||||||||||||
| Corn an Domhain | |||||||||||||||||||||
| Páirteachas | 3 (Céad i 1990) | ||||||||||||||||||||
| Toradh is fearr | Ceathrú ceannais, 1990 | ||||||||||||||||||||
| Craobh na hEorpa | |||||||||||||||||||||
| Páirteachas | 1 (Céad i 1988) | ||||||||||||||||||||
| Toradh is fearr | Céim grúpáilte, 1988 | ||||||||||||||||||||
Is í foireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann a dhéanann ionadaíocht do Phoblacht na hÉireann i gcomórtais sacair. Tá an fhoireann náisiúnta faoi stiúir Cumann Peile na hÉireann agus imrítear a gcluichí baile sa Staidiam Aviva i mBaile Átha Cliath. Is é an tIodálach Giovanni Trapattoni bainisteoir reatha na foirne.
Cháiligh an fhoireann dá gcéad mhórchomórtas sa bhliain 1988 nuair a shroicheadar Craobh na hEorpa sa Ghearmáin. Bhí bua cáiliúil acu in aghaidh Shasana sa chomórtas seo, agus rinneadh laochra de na peileadóirí mar thoradh. Cháiligh siad do Chraobh na hEorpa arís sa bhliain 2012 agus do Chorn Sacair an Domhain sna blianta 1990, 1994 agus 2002.
Clár ábhair |
Staid [athraigh]
Imríonn an fhoireann ag imirt a gcluichí baile sa Staidiam Aviva, áis a roinneann siad le foireann rugbaí na hÉireann. Roimhe sin, d'imir an dá fhoireann i bPáirc an Chrócaigh mar shocrú sealadach, fad agus a bhí athfhorbairt á dhéanamh ar pháirc Bhóthar Lansdún i mBaile Átha Cliath, mar a thugaí air.
Is é Staidiam Aviva ceanncheathrú an IRFU chomh maith, eagraíocht stiúrtha rugbaí in Éirinn. D'imir an fhoireann sacair a chéad chluiche sa staid seo i gcoinne na hIodáile sa bhliain 1971. Roimhe seo, bhíodh cluichí á imirt bPáirc Cnocán Uí Dhálaigh.
Stair chomórtais [athraigh]
Corn Sacair an Domhain [athraigh]
- 1930 - Níor ghlac siad páirt
- 1934 go 1986 - Níor cháiligh siad
- 1990 - Cluiche ceathrúcheannais
- 1994 - Babhta 2
- 1998 - Níor cháiligh siad
- 2002 - Babhta 2
- 2006 - Níor cháiligh siad
- 2010 - Níor cháiligh siad
Craobh na hEorpa [athraigh]
Bainisteoirí [athraigh]
- Giovanni Trapattoni (Bealtaine 2008+)
- Steve Staunton (Eanáir 2006- Samhain 2007)
- Brian Kerr (2003-2005)
- Mick McCarthy (1996-2002)
- Jack Charlton (1986-1995)
- Eoin Hand (1980-1985)
- Alan Kelly (1980)
- John Giles (1973-1980)
- Seán Thomas (1973)
- Liam Tuohy (1971-1973)
- Mick Meagan (1969-1971)
Scórálaithe is fearr [athraigh]
| Uimhir | Ainm | Cúil (Cluichí) |
|---|---|---|
| 1 | Robbie Keane | 53 (115) |
| 2 | Niall Quinn | 21 (91) |
| 3 | Frank Stapleton | 20 (71) |
| 4 | Don Givens | 19 (56) |
| Tony Cascarino | 19 (88) | |
| John Aldridge | 19 (69) | |
| 7 | Noel Cantwell | 14 (36) |
| 8 | Gerry Daly | 13 (48) |
| Jimmy Dunne | 13 (15) | |
| 10 | Ian Harte | 11 (64) |
Iar-imreoirí cáiliúla [athraigh]
Scuaid faoi láthair [athraigh]
Tá na clubanna go léir i Sasana, ach amháin iad le nóta. Seo an scuaid a roghnaíodh do Euro 2012 ina measc imreoirí atá ar an liosta cúltaca
|
|
|
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.