Diego Maradona

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

(Athsheolta ó Diego Armando Maradona)
Diego Maradona
Eolas pearsanta
Dáta breithe 30 Deireadh Fómhair, 1960
Áit breithe Buenos Aires, An Airgintín
Ionaid mar imreoir
1976-1981
1981-1982
1982-1984
1984-1991
1992-1993
1993
1995-1997
1977-1994
Argentinos Juniors
Boca Juniors
F.C. Barcelona
Napoli
Sevilla
Newell's Old Boys
Boca Juniors
An Airgintín

Is é an t-iar-imreoir sacair is cáiliúla ón Airgintín é Diego Armando Maradona (Buenos Aires, An Airgintín, 30 Deireadh Fómhair, 1960). Thosaigh sé ag imirt le Argentina Juniors i 1976 roimh aistriú go Boca Juniors, áit a bhuaigh sé craobh i 1980. D'aistrigh sé go F.C. Barcelona i 1981. Bhuaigh sé Copa del Rey le Barça ach chuir gortuithe as dó agus níor éirigh ró-mhaith leis ann. I 1984 aistríodh é go SSC Napoli, club Iodáileach nár bhuaigh comórtas le seasca bliain. Is ansin a shroich sé a bhuaicphointe, ag buachaint an scudetto Iodáileach dhá uair, i 1986-1987 agus 1989-1990, an Corn UEFA i 1989, an Coppa d'Italia i 1987 agus an Supercopa Italiana i 1990. D'fhág sé an Iodáil i 1991, ag dul go Sevilla FC sa Spáinn. I 1993 d'fhill sé ar an Airgintín, ag imirt le Newell's Old Boys, roimh dul ar ais go Boca Juniors, áit a d'éirigh sé as an bpeil ar 30 Deireadh Fómhair 1997.

Diego Maradona ag imirt leis an Airgintín sa bhliain 1979.
Diego Maradona ag imirt leis an Airgintín sa bhliain 1979.
Commons
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann leis an ábhar seo:


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí