Ceres (abhacphlainéad)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Abhacphláinéad is ea í Ceres, nó 1 Ceres, mar a thugtaí uirthi nuair ba nós í a áireamh ar ceann de na hastaróidigh. Tá sí ag timpeallú na Gréine laistigh den phríomhchrios astaróideach, idir Iúpatar agus Mars, agus is í an réad is mó sa chrios sin. Tá si 950 ciliméadar ar trastomhas, agus í beagnach sféarúil (ar déanamh liathróide), murab ionann agus an chuid is mó de na hastaróidigh, agus mar sin, tá sí níos cosúla le pláinéad beag ná le gnáthastaróideach. Le fírinne, is i measc ghealacha Shatarn is mó a bheadh súil agat le Ceres, ó thaobh na méide de ar a laghad. Tá sí beagáinín níos lú ná míle ciliméadar ar trastomhas, agus mar sin, tá sí beagáinín níos lú ná Tethys agus Dione, ach níos mó ná Mimas agus Enceladus.

Bhí sé ina ábhar diospóireachta ag Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta, ar chóir dóibh Ceres agus na réada is mó i gCrios Kuiper a athaicmiú mar phláinéid, ó ghlactaí le Plútón mar phláinéad freisin. Sa deireadh thiar, bhí siad sásta catagóir an abhacphláinéid a bhunú le haghaidh réada "idir eatarthu" mar seo.

Ba é an réalteolaí Iodálach Giuseppe Piazzi a chuir an chéad sonrú riamh in Ceres, ar an gcéad lá de Mhí Eanáir sa bhliain 1801.

Tagairtí[athraigh | edit source]

athraigh An Grianchóras
An Ghrian Mearcair Véineas An Ghealach An Domhan Mars Phobos agus Deimos Ceres An príomhchrois astaróideach Iúpatar Gealacha Iúpatair Satarn Gealacha Shatairn Úránas Gealacha Úránais Neiptiún Gealacha Neiptiúin Plútón Gealacha Phlútóin Haumea Gealacha Haumea Makemake Crios Kuiper Eris Dysnomia An diosca scaipthe Scamall Hills Scamall OortSolar System Template.png
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris