Enceladus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Réigiún Thuaidh Polach Enceladus

Is é Enceladus an séú-gealach is mó de chuid Shatairn. D'aimsigh William Herschel é sa bhliain 1789. Go dtí gur thug spásárthaí an dá Voyager cuairt air go luath sna 1980í, ní raibh moran eolais againn faoi seachas go raibh oighear uisce ar a dhromchla. Thug Voyagers le fios dúinn go bhfuil trastomhas Enceladus 500 km, timpeall an deichiú cuid de thrastomhas Thíotán, an gealach is mó de chuid Shatairn, agus frithchaitheann sé beagnach 100% den solas a bhuaileann air. Fuarthas amach ó Voyager 1 gur fhithisigh Enceladus sa chuid is dlúithe de 'E-fháinne' idirleata Shatairn, a léiríonn gur féidir cumann a bheith eatarthu, agus léirigh Voyager 2 in ainneoin méid bheag na gealaí, go raibh réimse leathan tír-raonta aige, ó shean, dromchlaí lán-chráitéaracha go hóg, tír-raon le dífhoirmiú teicteonach, le roinnt réigiún le haois a ndromchlaí chomh hóg le 100 milliún bliain d'aois.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]