Mimas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mimas. Tabhair faoi deara cráitéar Herschel ar dheis.

Satailít de chuid Shatarn é Mimas. B'é William Herschel a tháinig trasna air sa bhliain 1789. Tá Mimas ar an rinn neimhe is lú sa Ghrianchóras a bhfuil cuma na liathróide uirthi a bheag nó a mhór. Tá sé beagáinín níos lú ná 400 ciliméadar ar trastomhas, agus é criathraithe le cráitéir. Tá an ceann is mó acu 120 ciliméadar ar trastomhas, agus é ainmnithe as an bhfear a d'fhionn an ghealach - Herschel.