Beinséin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Beinséin
Benz1.png Benzene balls.png
Ainm IUPAC Beinséin
Aitheantóirí
Uimhir CAS 71-43-2
PubChem 241
Airíonna
Foirmle mhóilíneach C6H6
Mais mhóilíneach 78.11 g/mol
Leáphointe 5.5 °C
Fiuchphointe 80.1 °C
Guaiseacha
NFPA 704 Nfpa h2.pngNfpa f3.pngNfpa r0.png

Is í an bheinséin an ceann is simplí de na hidreacarbóin aramatacha. Is é struchtúr na beinséine, nó an fáinne aramatach, is comhartha sóirt do na hidreacarbóin seo go léir.

Tá fáinne sé adamh carbóin i móilín na beinséine, agus aon adamh hidrigine amháin ag gobadh amach as gach adamh carbóin. Ós rud é go gcaithfidh gach adamh carbóin ceithre nasc comhfhiúsach a cheangal le hadaimh eile, chuaigh sé rite leis na luathcheimiceoirí ciall cheart a bhaint as an bhfáinne beinséine. De réir na gnáth-thuisceana ba chóir go mbeadh gach dara nasc san fháinne ina nasc dúbailte agus na cinn eile ina naisc shingil, ach ní raibh modh imoibrithe na beinséine cosúil leis na hidreacarbóin eile a raibh naisc dhúbailte iontu. Nó bíonn na hidreacarbóin sin an-fhonnmhar imoibriú leis an hidrigin, abair, leis na naisc bhreise a oscailt. Maidir leis an mbeinséin, áfach, bíonn sí ag imoibriú cosúil leis na hidreacarbóin nach bhfuil ach naisc shingil iontu - is é sin, glacann sé le malartaí (adamh de chineál eile, nó grúpa d'adaimh) in áit ceann de na hadaimh hidrigine, ach tá an-teacht aniar san fháinne féin.

Is é an tuiscint atá againn ar an bhfáinne aramatach inniu ná nach bhfuil naisc dhúbailte ann ar aon nós, ach go scaiptear na leictreoin bhreise ar fud an fháinne ina bhfithiseán móilíneach. Deirtear go bhfuil na naisc dhúbailte dílogánaithe, is é sin, nach féidir a rá cé acu de na hadaimh charbóin a bhfuil nasc dúbailte eatarthu agus cé acu nach bhfuil.

Ba é an ceimiceoir Gearmánach Friedrich August Kekulé, thiar sa bhliain 1865, ba túisce a mhol go raibh struchtúr an fháinne ag an mbeinséin. Dúirt sé gur taibhríodh nathair dó agus í ag baint greama as a heireaball féin, agus gurb é an taibhreamh seo a chuir an smaoineamh ina cheann an chéad uair.

Tá boladh láidir milis as an mbeinséin, cosúil lena lán hidreacarbón aramatach eile - sin é an tuige go dtugtar "hidreacarbóin aramatacha" orthu, le fírinne. Leacht geal gan dath atá ann a lasfaidh suas ar an toirt má thugann tú bladhaire tine ina aice. Bíonn an bheinséin le fáil san artola go nádúrtha, agus is amhábhar tábhachtach í don tionsclaíocht cheimiceach.

Ábhar ailse (carcainigin) agus nimh atá ann freisin.