Bliosán gréine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda mór ilbhliantúil a fhasann 2.8 m ar airde, dúchasach do thuaisceart Mheiriceá. Go leor stólan faoin talamh aige le tiúbair cosúil le prátaí ag a mbarra a mhaireann tríd an ngeimhreadh. Na duilleoga lansa-chruthach, le fiacla garbha, na bláthchinn 4-8 cm ar leithead, buí agus timpeallaithe le brachtanna bioracha dúghlasa. Tugadh isteach san Eoraip sa 16ú céad é, agus saothraítear ó shin é ar son na dtiúbar inite ina bhfuil iniúilin, foinse an tsiúcra fruchtós.