An Ultais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Ultais
Cineálcanúint
Canúint naan Albainis
Úsáid
Dúchasach doCúige Uladh
Stáitan Ríocht Aontaithe
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Gearmáinice
Gearmáinic an Iarthair
an Angla-Fhreaslainnis
Anglic (en) Aistrigh
an Albainis
Cóid
Glottologulst1239
Linguist Listsco-uls
IETFsco-ulster

Teanga Gearmáinice nó canúint, de chuid an Bhéarla nó na hAlbainise, í an Ultais (Ulster-Scots, Ulstèr-Scotch; ainmneacha eile a fheictear ar na meáin Ghaeilge is ea iad Albainis Uladh agus an Ullainnis) a labhraítear go príomha i gceantair thuaithe in oirthuaisceart an Dúin, i gContae Aontroma, in oirthear Chontae Dhoire agus in oirthear Dhún na nGall. Is léir go bhfuil an t-ainm "Ultais" bunaithe ar an ainm "Ullans" (a chum an polaiteoir Aontachtach Ian Adamson sna 1980idí. Tugann cainteoirí traidisiúnta "Scotch" ar a gcanúint.

comhartha

Pobal[cuir in eagar | athraigh foinse]

comhartha
Bolscaireacht

30,449 duine a mhaígh sa daonáireamh 2021 go labhraíonn siad Ultais gach lá – 1.66% de dhaonra Thuaisceart Éireann.[1] 10,409 duine a mhaígh gur labhair siad Ultais go seachtainiúil agus 17,811 a dúirt gur labhair siad níos lú ná sin í.Den 61,032 duine os cionn trí bliana a dúirt go bhfuil Ultais acu dúirt 2,363 nár labhair siad in aon chor í. I dtoghcheantar Chósta Chlochán an Aifir agus na Glinnte a bhí an líon agus an céatadán is mó daoine a dúirt gur labhair siad Ultais gach lá. 6,390 duine sa cheantar sin, nó 4.66%, a dúirt gur cainteoirí laethúla Ultaise iad.

I gCathair Dhoire agus An Srath Bán a bhí an céatadán is lú cainteoirí laethúla Ultaise –0.77%, nó 1,143 duine.[1]

30,449 duine a mhaígh sa daonáireamh 2021 go labhraíonn siad Ultais gach lá –
I dtoghcheantar Chósta Chlochán an Aifir agus na Glinnte a bhí an líon agus an céatadán is mó daoine a dúirt gur labhair siad Ultais gach lá.

Stadás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cineál nó leagan réigiúnach den Albainis í an Ultais agus sainmhínítear í i reachtaíocht feidhmithe Chomhaontú Bhéal Feirste (Aoine an Chéasta) mar “an cineál Albainise a fhaightear i gcodanna de Thuaisceart Éireann agus i nDún na nGall”.

Inniu tá traidisiún teangeolaíoch ann, traidisiún béil den chuid is mó –  canúint de chuid na hAlbainise a bhíonn á labhairt ag Caitlicigh agus Protastúnaigh, ag daoine amach san aois den chuid is mó,  i gceantar beag tíreolaíochta ar chósta Aontroma.[2]

Aithníonn an Biúró Eorpach um Theangacha Neamhfhorleathana Albainis na hAlban agus an Ultais araon mar theangacha mionlaigh.

Fuair an dá leagan den Albainis a lán focal ar iasacht ó Ghaeilge na hAlban, ach is léir nach teangacha Gaelacha iad. De réir taighde a rinne Derrick McClure i 1995 agus Caroline Macafee i 1997, is focail Cheilteacha iad 0.8% de na focail san Albainis (d'fhéadfadh an figiúr seo a bheith rud beag ní b'airde i gcás na hUltaise).

In 2020 a cuireadh tús leis an obair ar an straitéis don Ultais agus ar an straitéis don Ghaeilge a gealladh faoin socrú New Decade, New Approach..[2] Foilsíodh na moltaí ar shuíomh na Roinne Pobal sa bhliain 2022; Ettlins fur the Ulster-Scotch plon fur oor leid, heirskip an cultur – Report o the Expert Adwisory Fivesome.[3] Mhol an painéal comhairleoirí gurb é an réimse a bheadh ag an Choimisinéir Ultaise ná “an teanga, an oidhreacht agus an cultúr” seachas “an teanga, na healaíona agus an litríocht”. Mar sin tugadh tús áite do chultúr grúpa eitneach ar leith seachas do chaomhnú agus cur chun cinn na hUltaise féin, agus 'grúpa eitneach' e lucht na hUltaise.[2]

gutaí

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

De ghnáth aithnítear cúig chanúint san Albainis, .i. Albainis Lárnach, Albainis an Tuaiscirt (a dtugtar "Doric" uirthi in amanna), Albainis na nOileán (Inse Orc agus Sealtainn), Albainis an Deiscirt, agus Albainis Uladh nó an Ultais. Is í Albainis Lárnach an chanúint a úsáideann dhá thrian de na cainteoirí. Scríobh an chuid is mó de na mórscríbhneoirí Albainise sa chanúint seo fosta, mar shampla, Allan Ramsay, Robert Fergusson, Robert Burns, agus R. L. Stevenson. Tá cás i bhfad níos láidre ag Albainis na nOileán agus Albainis an Tuaiscirt a bheith aitheanta mar theangacha ar leith ná atá ag Albainis Uladh.

Má ghlactar leis an Ultais mar theanga ar leith, is féidir a rá gur teanga Gearmáinice atá ann, cosúil leis an mBéarla, an Ollainnis, an Ghearmáinis agus na teangacha Lochlannacha. Mar sin, tá sí cosúil leo ar go leor bealaí.

Bhí an Albainis á labhairt i gcúirt Ríocht na hAlban ón 14ú haois go dtí an 17ú haois (ba é Séarlas II an rí deireanach a raibh blas Albanach aige). Tháinig an teanga go hÉirinn in aimsir na bPlandálacha, ach tháinig an grúpa is mó le linn na 1690idí, am a raibh gorta in Albain.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 nisra.gov.uk (2021). "Census". Dáta rochtana: 2023.
  2. 2.0 2.1 2.2 Méabh Ní Thuathaláin (9 Lúnasa 2023). "Ní fios don Roinn Pobal an bhfuil Ultais ag painéal saineolaithe a d’ullmhaigh straitéis don Ultais" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-09.
  3. "Ulster-Scots Language, Heritage and Culture Strategy Expert Advisory Panel Recommendation Report | Department for Communities" (en). Communities (2022-02-16). Dáta rochtana: 2023-08-09.