An Albainis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Albainis/Lallainnis/"Béarla Gallda"
(Scots)
Á labhairt: Albain, Tuaisceart Éireann, Poblacht na hÉireann, Sasana
Réigiún: Galltacht Alban, Gallaibh, na hOileáin Thuaidh, Cúige Uladh
Cainteoirí san Iomlán: 200,000[1]
Rang: -
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Gearmáinic
  Gearmáinic an Iarthair
   Iarthair
    Sean-Shasainis
     Albainis

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: -
Foras Pleanála Teanga: -
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1
ISO 639-2 sco
ISO 639-3 sco
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Teanga Gearmáinice is ea í an Albainis nó an Lallainnis (is é an chéad téarma an ceann is minicí a úsáidtear inniu, ach is é an téarma úd Lallainnis a bhí i gCiste Cúrsaí Reatha; Scots an t-ainm sa teanga féin) a labhraítear in Albain agus i gCúige Uladh. Tugtar Lallainnis uirthi i bhfoinsí áirithe Gaeilge chomh maith. Is é an t-ainm a úsáidtear i nGaeilge na hAlban ná a' Bheurla Ghallda, is é sin, "an Béarla Gallda". Inniu, úsáidtear an téarma Albainis Uladh go hoifigiúil le tagairt don chineál Albainise a labhraítear i gCúige Uladh, go háirithe i dTuaisceart Éireann.

Is deacair a rá, cé acu teanga inti féin nó canúint de chuid an Bhéarla í an Albainis. Ón taobh amháin de, glactar leis gur ceann de sheanchanúintí an Bhéarla í an Albainis, ach tá canúintí traidisiúnta seanbhunaithe dá cuid féin ag an Albainis chomh maith. Is féidir dearcadh ar an Albainis freisin mar chuid den Bhéarla mar a labhraítear in Albain é, ach tá sí an-difriúil le Béarla na hAlban, is é sin, an leagan den Bhéarla Chaighdeánach a chleachtaítear in Albain.

Maidir leis na cainteoirí dúchais, is é an t-ainm is minicí a thugann siad ar an teanga ná Scotsbraid Scots - is ionann braid agus broad an Bhéarla chaighdeánaigh. Is minic nach dtugann siad "Scots" ar a bhfuil á labhairt acu, ach ainmneacha cosúil le DoricBuchan Claik - is é sin, ainm na canúna cúinge. Ainm seanfhaiseanta é Scotch, ach chluinfeá sa chiall seo é an chorruair in Éirinn. Tá an t-ainm Lallans bunaithe ar Lowlands an Bhéarla, agus bhain scríbhneoirí an leabhair úd Ciste Cúrsaí Reatha úsáid as an leagan Gaeilge Lallainnis. Ainm é a d'fheicfeá ag scríbhneoirí Albanacha cosúil le Robert Burns agus Robert Louis Stevenson, cuir i gcás.

They took nae pains their speech to balance,
Or rules to gie;
But spak their thoughts in plain, braid lallans,
Like you or me.

Sa sliocht seo, is léir gurb é an chiall atá á cur in iúl leis an bhfocal Lallans ná "caint na ndaoine", "canúint na ndaoine simplí", seachas aon chineál teanga liteartha nó chaighdeánaithe: "Níor bhuair siad a gcloicne le gramadach ná le rialacha na teanga, ach labhair siad an rud a bhí ar a n-intinn i gcaint shimplí na ndaoine cosúil leat féin nó liomsa." (Robert Burns)

Nuair a thosaigh athbheochan na hAlbainise i dtús na fichiú haoise, baineadh úsáid as an bhfocal Lallainnis nó Lallans le tagairt don "Albainis shintéiseach" a bhí ag teacht ar an bhfód san am - is é sin, teanga liteartha a bhí curtha i dtoll le chéile as focail chanúnacha chomh maith le focail a tháinig as seanlitríocht na hAlbainise.

Stair[athraigh | edit source]

Go dtí an 15ú haois, b'ionann Scottis agus Gaeilge na hAlban, agus lucht labhartha na hAlbainise ag tabhairt Inglis ar an teanga a bhí acu féin. Ina dhiaidh sin, áfach, d'éirigh sé coitianta Erse, is é sin, teanga na hÉireann, a thabhairt ar Ghaeilge na hAlban, agus an t-ainm ScottisScots ag tagairt don Albainis feasta.

Ón tseachtú haois ar aghaidh, bhí seanchanúint Nortumbrach an Bhéarla á labhairt in Oir-Dheisceart na hAlban. Bhí an teanga teorannaithe don cheantar seo go dtí an 13ú haois, a fhad agus a bhí Gaeilge na hAlban á labhairt i gcúirt Rí na hAlban. Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh an teanga in úsáid i mbuirgeanna na hAlban. Is éard a bhí i gceist leis na buirgeanna ná sórt cathracha a bhí curtha ar bun ag Dáibhí Mac Maol Coilm (Dáibhí a hAon), agus é ina Rí ar Albain sna blianta 1124-1153. An meas a bhí ag na daoine ar an Albainis mar theanga, chuaigh sé i méadaíocht, go háirithe nuair a bhí an Fhraincis ag imeacht go tiubh. Mar sin, bhí an Albainis á labhairt go forleathan i gcuid mhór d'Oirthear na hAlban ón 14ú haois ar aghaidh.

Mar sin, tá an Albainis bunaithe ar na canúintí a bhí á labhairt sa Nortumbarlainn sna Meánaoiseanna. Cosúil le canúintí na Nortumbarlainne, bhí sí breac le hiasachtaí Fraincise agus Lochlainnise. Níos deireanaí, fuair an Albainis focail ar iasacht ón Íseal-Ghearmáinis agus ón Ollainnis, ó bhí muintir na hAlban ag trádáil le mairneálaigh ó thuaisceart na Gearmáine agus ón Ísiltír. Fuair an Albainis cuid mhór focal ón nGàidhlig chomh maith, ní nárbh ionadh. Go háirithe na téacsaí dlíthiúla ó na Meánaoiseanna, tá siad breac le hiasachtaí Gàidhlig.

Stádas[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1707, chuaigh Sasana agus Albain le chéile in aon ríocht aontaithe amháin. Roimhe sin, b'é an meas a bhí ag na daoine ar an Albainis sa dá thír gur teanga ar leith a bhí i gceist leis an Albainis. D'imigh sin, áfach, agus tháinig seo: inniu, is minic a labhraíonn na hAlbanaigh canúintí atá idir eatarthu idir an chanúint Albanach agus an Béarla caighdeánaithe. Bíonn na hAlbanaigh ábalta, ina lán cásanna, códmhalartú a dhéanamh ó Bhéarla caighdeánaithe go canúint Albanach, de réir mar a theastaíonn uathu. Contanóid atá ann, agus níl sé furasta teorainn shoiléir a shocrú idir "Albainis faoi thionchar an Bhéarla" agus "Béarla faoi thionchar na hAlbainise", ná a rá, cé acu canúintí de chuid Bhéarla na hAlban nó canúintí de chuid na hAlbainise atá i gceist le caint na ndaoine in Albain an lae inniu.