Plandáil Uladh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Na contaetha a plandáladh in Ultaibh (teorainneacha nua-aimseartha). Tabhair faoi deara go bhfuil an léarscáil simplithe, mar nár choilíníodh an réimse iomlán atá scáthaithe

Is éard atá i gceist le plandáil Uladh ná an dóigh ar cuireadh Protastúnaigh ina gcónaí i gCúige Uladh sa 17ú haois leis an gcúige a dhéanamh dílis do choróin Shasana. Cuid a bhí ann d'iarrachtaí na nGall an tír a chur faoi chois, agus cuireadh i gcrích é i ndiaidh Imeacht na nIarlaí agus Chogadh na Naoi mBlian. I dtús báire, b'é Cúige Uladh an cúige ba mhó a bhí ag tarraingt trioblóidí anuas ar na Sasanaigh, ach tháinig deireadh leis sin i ndiaidh an chogaidh. D'éirigh leis an bplandáil seo i bhfad ní b'fhearr ná le hiarrachtaí cosúla i gCúige Mumhan is i gCúige Laighean, nó bhí córas eagraithe taobh thiar de nach raibh a leithéid ann sna plandálacha eile. Mar shampla, tháinig lucht na gceirdeanna ó Londain go Doire Cholm Cille. Dá thoradh sin, d'fhréamhaigh pobal Gallda i gCúige Uladh. Ruaigeadh a lán Caitliceach as a gcuid seantailte, agus mar sin, cuireadh an chéad síol le trioblóidí Thuaisceart Éireann. Tá sé soiléir gurb í an Phlandáil is príomhchúis le cuid mhór d'fhadhbanna an lae inniu.