Yukio Mishima

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Yukio Mishima
Yukio Mishima, 1955 (cropped).jpg
Saol
Ainm iomlán平岡 公威
Eolas breitheTóiceo, 14 Eanáir 1925
NáisiúntachtAn tSeapáin
Teanga dhúchaisAn tSeapáinis
BásTóiceo, 25 Samhain 1970
Áit adhlacthaReilig Tama
Cúis bháisféinmharú ()
Muintir
AthairAzusa Hiraoka
MáthairShizue Hiraoka
Céile/CéilíYōko Hiraoka (en) Aistrigh  (Meitheamh 1, 1958 -  Samhain 25, 1970)
Páistí
Siblíní
Teaghlach
Oideachas
Alma materUniversity of Tokyo Graduate School for Law and Politics (en) Aistrigh
TeangachaAn tSeapáinis
Gairm
Gairmaistritheoir, aisteoir, úrscéalaí, stiúrthóir scannán, scríbhneoir scripte scannáin, file, scríbhneoir aistí, drámadóir, liriceoir, léirmheastóir, mainicín, aisteoir scannáin, scríbhneoir, scríbhneoir próis, saighdiúir agus gníomhaí polaitiúil
Airde163 cm
Áit oibreAn tSeapáin
Saothar iomráiteachThe Temple of the Golden Pavilion (en) Aistrigh
Confessions of a Mask (en) Aistrigh
The Sea of Fertility (en) Aistrigh
The Sound of Waves (en) Aistrigh
The Sailor who fell from Grace with the Sea
Kyōko no Ie (en) Aistrigh
Patriotism (en) Aistrigh
Five Modern Noh Plays (en) Aistrigh
Madame de Sade (en) Aistrigh
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
Daoine le tionchar air/uirthiMurasaki Shikibu, Izumi Shikibu, Fujiwara no Teika, Chikamatsu Monzaemon, Ihara Saikaku (en) Aistrigh, Mimei Ogawa, August Strindberg agus Raymond Radiguet (en) Aistrigh
BallraíochtTatenokai (en) Aistrigh
GluaiseachtJapanese nationalism (en) Aistrigh
Japan Romantic School (en) Aistrigh
Second Generation of Postwar Writers (en) Aistrigh
aeistéiteachas
SloinnteYukio Mishima, 榊山保 agus 三島由紀夫
Lipéad ceoilKing Records
Cleamhnú
ReiligiúinAn Búdachas
IMDbnm0592758
Discogs ID1563852
Yukio Mishima signature.png

Is é Yukio Mishima (Seapáinis: 三島 由紀夫 [= Mishima Yukio]) an t-ainm cleite a bhí ag an scríbhneoir, aisteoir, náisiúnaí agus stiúrthóir scannán Seapánach Kimitake Hiraoka (Seapáinis: 平岡 公威 [= Hiraoka Kimitake]).

Do rugadh Mishima ar an 14ú lá d’Eanáir i Shinjuku, ceantar Thóiceo na Seapáine, sa bhliain 1925 agus do chuir sé lámh ina bhás féin ar an 25ú lá de Mhí na Samhna in Ichigaya, ceantar eile Thóiceo, sa bhliain 1970.

Do ghiorraigh Mishima leis féin tar éis dó ráiteas a thabhairt ó bhalcóin de chuid an fhoirgnimh a bhí mar cheannáras ag Ceannasaíocht Thoir Fhórsaí Féinchosanta na Seapáine. Do bhí sé mar aidhm ag Mishima agus é ag tabhairt an ráitis sin ná baill Fhórsaí Féinchosanta na Seapáine a spreagadh chun coup d’état a dhéanamh agus an t-impire a chur thar n-ais i gceannas ar an dtír. Seachas coup d’état a dhéanamh ar an tSeapáin, áfach, do dheineadar gáire agus magadh faoi Mhishima agus faoina ráiteas. Agus é léir do Mhishima nár éirigh leis coup d’état a spreagadh, d’imigh sé ón mbalcóin agus do thug sé seppuku dó féin.

Yukio Mishima (1925-1970), ag tabhairt ráitis ó bhalcóin ar an lá ar chuir sé lámh ina bhás féin.

Deirtear go bhfuil Mishima, scríbhneoir bisiúil a chum úrscéalta, gearrscéalta, dánta, drámaí agus leabhróg, ar dhuine desna scríbhneoirí Seapánacha is tábhachtaí dá raibh ag scríobh san 20ú haois. Is iad an chollaíocht, an bás agus an t-athrú polaitiúil príomhábhair na saothar de chuid Mhishima agus is cosúil gurb iad na húrscéalta 仮面の告白/Kamen no Kokuhaku (Gaeilge: ‘Coibhseana Cealtrach’) agus 金閣寺/Kinkaku-ji (Gaeilge: ‘Teampall an Phailliúin Órga’) na saothair is cáiliúla dár scríobh sé.

Bhí Mishima i measc na ndaoine a bhí á meá i gcomhair Dhuais Nobel na Litríochta sa bhliain 1968. Ní le Mishima a bhí duais na bliana san, áfach; do moladh do Yasunari Kawabata, scríbhneoir Seapánach eile agus cara de chuid Mhishima, í.