Murasaki Shikibu
Murasaki Shikibu | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Kyoto, 973, 978, 972, 974, 975, 970, 970 |
Náisiúntacht | An tSeapáin |
Bás | Kyoto, 1014, c. 1016, 1031, 1019 |
Muintir | |
Athair | Fujiwara no Tametoki |
Máthair | daughter of Fujiwara no Tamenobu |
Céile/Céilí |
Fujiwara no Nobutaka (en) ![]() |
Páistí |
liosta iomláin
|
Oideachas | |
Teangacha | An tSeapáinis |
Gairm | |
Gairm |
lady-in-waiting (en) ![]() |
Fostóirí |
Fujiwara no Shōshi (en) ![]() |
Saothar iomráiteach |
The Tale of Genji (en) ![]() The Diary of Lady Murasaki (en) ![]() Poetic Memoirs (en) ![]() |
Gluaiseacht ealaíne | úrscéal |
IMDb | nm0613556 |
Úrscéalaí, file agus bean choimhdeachta i gcúirt na himpire sa tSeapáin ba ea Murasaki Shikibu (Seapáinis: 紫 式部; c. 973 or 978 – c. 1014 nó 1031) sa tréimhse Heian. Cuimhnítear í inniu go príomha as a húrscéal úd Scéal Genji nó Genji Monogatari, a scríobh sí i Seapáinis idir 1000 agus 1012. Leasainm ba ea Murasaki Shikibu; níl a fíorainm ar eolas, ach seans gurbh ise Fujiwara Takako, a luadh mar bhean choimhdeachta i ndialann chúirte sa bhliain 1007.
Scríobh Murasaki Dialann Bhean Murasaki, leabhar filíochta, agus Scéal Genji. Taobh istigh de dheich mbliana, bhí Genji á léamh fud fad chúigí na Seapáine; laistigh de chéad bliana aithníodh Genji mar shaothar clasaiceach i litríocht na tíre agus é ina ábhar léirmheastóireachta. San 20ú haois aistríodh a saothar go teangacha eile; críochnaíodh aistriúchán i sé imleabhar go Béarla sna blianta 1933 agus aistriúcháin go Fraincis sa bhliain 1928 (Yamata} agus 1988 (Sieffert; athchlónna 1999, 2011).
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |