The Sailor who fell from Grace with the Sea
| (ja) 午後の曳航 | |
|---|---|
| Cineál | saothar liteartha |
| Cárta innéacs | |
| Údar | Yukio Mishima |
| Teanga | an tSeapáinis |
| Foilseachán | an tSeapáin, 1963 |
| Foilsitheoir | Kodansha agus Alfred A. Knopf |
| Tréith | |
| Seánra | ficsean fealsúnach |
| Líon na leathanach | 260 |
| Suíomh scéalaíochta | Yokohama |
| Eile | |
| Uimhir OCLC | 29389499 |
| Suíomh gréasáin | shinchosha.co.jp… |

Is úrscéal de chuid Yukio Mishima The Sailor who fell from Grace with the Sea, foilsithe i Seapáinis sa bhliain 1963.
Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scéal Ryuji, mairnéalach, a thiteann i ngrá le bean darb ainm Fusako. Is baintreach í le siopa éadaí rathúil agus páiste amháin aici, garsún darb ainm Noburu agus é trí bliana déag d'aois.
Is ball é Noburu de dhrong ógánach a bhfuil gráin acu ar dhaoine fásta, den tuairim go bhfuil an saol folamh, fimíneach agus gan chúis.
Nuair a phósann Ryjiu agus Fusako, tá Noburu an-tógtha leis an socrú ar dtús. Ach nuair a fhágann Ryuji slán leis an mhuir agus lena shaol mar a bhí, tagann athrú intinne ar Noburu.
Déanann Rujiu chuile iarracht muinín an bhuachaill óg a sholáthair, ach ní éiríonn leis.
Tá baint láidir idir an mac agus an mháthair ach faigheann sí amach go bhfuil an t-ógánach ag cúlchoimhéad orthu, trí pholl sa bhalla, idir na seomraí codlata. Ceapann Norubu nach ceart dá mháthair caidreamh a bheith aici le fear den saghas sin. Déanann seisean agus a chomrádaí plean chun fáil réidh le Ryuji.