William Standish Knowles

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
William Standish Knowles
Bush7NobelLaureates.jpg
Saol
Eolas breitheTaunton, 1ú Meitheamh 1917
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Áit chónaitheTaunton
Jackson Hole (en) Aistrigh
Dayton
St. Louis
New Bedford
BásChesterfield, 13 Meitheamh 2012
Cúis bháis (scléaróis chliathánach aimiótrófach)
Oideachas
Alma materBerkshire School (en) Aistrigh
Ollscoil Columbia 1942) dochtúireacht : ceimic
Ollscoil Harvard 1939) céim bhaitsiléara : ceimic
Phillips Academy (en) Aistrigh
Stiúrthóir tráchtaisRobert Elderfield
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmceimiceoir agus taighdeoir
FostóiríMonsanto
Duaiseanna
BallraíochtAcadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí

Ceimicí a rugadh i dTaunton, Massachusetts is ea William Standish Knowles (1 Meitheamh 191713 Meitheamh 2012). Chaith sé a shaolré le comhlacht Monsanto. Rinne sé taighde ar chatalú ciriúil ar chomhdhúile orgánacha a rothlaíonn plána solais atá polaraithe i bplána. Mar shampla, déanann tuaslagán siúcra é seo. Rothlaíonn comhdhúile ar leith an plána polaraithe ar deiseal, agus comhdhúile eile ar tuathal. Tá cuid mhaith comhdhúl mar seo, drugaí, feithidicídí, is leasuithe talún ina measc, a tharlaíonn in dhá struchtúr, gach ceann ina íomhá scáthánach ar a chéile, ag rothlú plána polaraithe sa treo eile ón gceann eile. Fuair Knowles amach nárbh ionann éifeacht an dá struchtúr ina bhfeidhmeanna mar dhrugaí is eile, agus uaidh sin bhí sé in ann an struchtúr is éifeachtaí a roghnú is éifeacht na gcomhdhúl a fheabhsú go mór. Le Barry Sharpless is Ryoji Noyori, bhuaigh sé Duais Nobel na Ceimice i 2001 as an saothar seo.