Wanderwort

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
"Siúcra" ... Wanderwort par excellence

Is éard is Wanderwort ('focal imirceach', iolra 'Wanderwörter'[1]) ann ná focal a scaip mar iasacht i measc teangacha agus cultúir iomadúla, go háirithe iad siúd atá i bhfad ar shiúl ó aon eile, iad bainteach le trádáil de ghnáth. Mar sin, is nithe inspéise iad Wanderwörter sa teangeolaíocht stairiúil agus sa tsochtheangeolaíocht i réimse staidéir ar a dtugtar teagmháil teangacha.

Nuair atá go leor ama caite tar éis don fhocal imeacht ar iasacht, is minic a bhíonn sé an-deacair go deo a dhéanamh amach cén teanga, nó cén fine teangacha inar tháinig ann don fhocal i dtosach agus cé acu a thóg ar iasacht é.

Samplaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Samplaí de Wanderwörter is ea cannabas, siúcra, sinséir, copar, airgead, cuimín, miontas, agus fíon, agus is féidir roinnt díobh a rianú siar chomh fada le trádáil sa Chré-umhaois.

Is sampla eile é tae, tae atá ar an gcineál a scaip ar an bhfarraige agus chai a thugtar ar an leagan a óltar ar an ilchríoch Eoráiseach (tháinig an dá leagan isteach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla) [1]. Tharla an scaipeadh sách déanach i stair an duine agus dá bhrí sin tuigtear go measartha maith é: is ó Hokkien, go sonrach Amoy, don tae, trí chalafort Xiamen Fujianese, sin é an fáth gur scaip sé sa limistéar muirí, agus cha (sé sin chai[4]) a úsáidtear i gCantainis agus Mandairínis.[5]

Is cosúil go bhfuil gaol ag focal do "capall" in go leor teangacha Eoráiseacha ar nós na Mongóilise морь (mor'), Manchúis ᠣᡵᡳᠨ (morin), Cóiréis 말 (mal), Seapáinis 馬 (uma), agus Téalainnis ม้า (máː), chomh maith le teangacha Sín-Tibéadacha as a dtagann an focal Mandairínise 馬 (mǎ), agus an focal Tibéidise རྨང (rmang). Tá sé le fáil i roinnt teangacha Ind-Eorpacha freisin ach tá sé teoranta do na craobhacha Ceilteacha agus Gearmánacha amháin, áit a bhfaightear marc na Gaeilge agus mare Bhéarla.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. tosaíonn Wanderwort le litir mhór cosúil le gach ainmfhocal Gearmáinise