Cuimín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda caol bliantúil a fhásann 50 cm ar airde, dúchasach do thuaisceart na hAfraice is iardheisceart na hÁise. Na duilleoga roinnte ina maotháin chaola, cosúil le snáithí. Na bláthanna bán nó bándearg, na peitil eangach. Na torthaí ubhchruthach le heitrí caola. Saothraítear é ar son na dtorthaí cumhra a úsáidtear mar spíosra, mar chomhábhar i bpúdar curaí, agus i gcócaireacht Mheicsiceach.