Vicipéid na Sínise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí VicipéidVicipéid na Sínise
TeangaAn tSínis
Dáta cruthaitheDeireadh Fómhair 2002
CeadúnasCreative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (en) Aistrigh agus Ceadúnas GNU do Dhoiciméadú Saor
Cainéal IRCirc://irc.libera.chat/#wikipedia-zh
AibítirChinese characters (en) Aistrigh
Staitisticí
Ailt1,407,336
Úsáideoirí cláraithe3,479,132
Riarthóirí63
Leathanaigh iomlána7,643,868
Comhaid áitiúla66,347
Vicipéid na Sínise

Leagan as Sínis (Mandairínis) den chiclipéid phoiblí ilteangach Vicipéid is ea Vicipéid na Sínise (Sínis, scríofa le carachtair shimplithe: 维基百科 ; le carachtair thraidisiúnta : 維基百科 ; le pinyin : wéi jī bǎi kē). Is í Vicipéid na Sínise an 15ú Vicipéid is mó atá ann, cé gurb í an tSínis an teanga is mó ar domhan. An fáth leis sin ná gur cuireadh bac ar Vicipéid na Sínise agus (ar gach tionscadal eile de chuid na Vicipéide) ar feadh tamaill sna 2000idí i nDaonphoblacht na Síne. Thug sin deis do dhreamanna eile sa tSín dul i gcomórtas léi, ag cur trí chiclipéid Sínise ar bun atá eagraithe mar thionscadail dheonacha ar line cosúil leis an Vicipéid, mar atá an Baike.com (Hudong roimhe seo), an Baidu baike agus an Sogou baike (Soso). An t-aon difear eatarthu agus an Vicipéid ná gur eagraíochtaí ar son brabúis iad sin. Ar an 13 Eanáir 2018, bhí 985,921 alt ann.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Vicipéid na Sínise ar an bhfód i nDeireadh Fómhair 2002. I gcomparáid leis sin, bhí breis is 6.4 milliún alt ag an gCiclipéid Hutong faoi mí Meitheamh, 2012, agus breis is 5.4 milliún alt ag an Baidu Baike faoi Dheireadh Fómhair, 2012. Tá 3.9 milliún alt ag an Sogou baike. Ceann de ghníomhaíochtaí de chuid an comhlacht Soso í an chiclipéid Sogou. (Ciallaíonn baike "ciclipéid".) Ar an 12 Lúnasa 2015, bhí 836,072 alt ann.

Córais scríbhneoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí fadhbanna ón tús a bhain le córas scríbhneoireachta na Sínise. Sa chéad áit bhí ar dhaoine comhéadan na Vicipéide a chur in oiriúint dó. Ansin, bhí ar lucht Vicipéid na Sínise dul i ngleic leis an dá chaighdeán scríofa atá sa tSínis. Shocraigh siad ar aon tionscadal amháin den Vicipéid a bheith acu sa tSínis ach rogha an dá chaideáin a thabhairt do léitheoirí.[1] Sa deireadh bhí ceithre rogha le fáil do na léitheoirí le freastail freisin ar na stíleanna agus stór focal atá in úsáid i Hong Cong/Macau agus sa Mhalaeisia/Singeapór.

Vicipéidí Síneacha eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'iarr cainteoirí canúintí nó teangacha Síneacha eile cead a Vicipéidí féin a chur ar siúl. Nuair a chinntíodh go mbeadh a ndóthain suime ann, fuair siad cead sé chinn a bhunú, mar atá, Vicipéid na Cantainise, Minnan (an Téaváinis mar chaighdeán), Mindong, Wu, Hakka, agus Gan. Scríobhtar Vicipéid na Cantainise le carachtair thraidisiúnta, an leagan Wu (canúint Shanghai le carachtair shimplithe, agus na cinn eile le litreacha laidineacha. Chomh maith leis seo ceadaíodh Vicipéidí sa tSínis Chlasaiceach (wenyan), í scríofa le carachtair thraidisiúnta. Tá na leaganacha seo go léir neamhspleách ar Vicipéid na Sínise.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Andrew Lih. (2009). The Wikipedia Revolution. New York: Hyperion.