Jump to content

Vicipéid na Gearmáinise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí VicipéidVicipéid na Gearmáinise
TeangaAn Ghearmáinis
Dáta cruthaithe16 Márta 2001
CeadúnasCC BY-SA 3.0 agus Ceadúnas Saorcháipéisíochta GNU
Cainéal IRCirc://irc.freenode.net/#wikipedia-de
Aibítiraibítir Laidineach
Staitisticí
Ailt2,938,857
Úsáideoirí cláraithe4,428,572
Riarthóirí175
Leathanaigh iomlána8,094,485
Comhaid áitiúla129,716
Vicipéid na Gearmáinise

Leagan Gearmáinise den chiclipéid phoiblí ilteangach Vicipéid is ea Vicipéid na Gearmáinise. Is í an dara Vicipéid dár tháinig ar an bhfód, i mí Márta 2001. Is í an ceathrú ceann is mó, i ndiaidh na na leaganacha Béarla, Ollainnise agus Sualainnise den Vicipéid. Ag deireadh na bliana 2014, bhí breis is 1,792,000 alt inti. Tá cur chuige sách coimeádach acu: Is minic a bhaintear ailt bheaga nua den tionscadal agus ní úsáidtear bots ar Vicipéid na Gearmáinise chun ailt nua a chur ar bun go huaithibríoch ach an oiread. Ar an 26 Iúil 2019, bhí 2,325,445 alt ann.

Ceiliúradh 5 bliana de Vicipéid na Gearmáinse i Leabharlann Ollscoil Göttingen, sa Ghearmáin, Márta na bliana 2006