Vicipéid na Hiondúise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí VicipéidVicipéid na Hiondúise
TeangaAn Hiondúis
Dáta cruthaithe11 Iúil 2003
CeadúnasCreative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported (en) Aistrigh agus Ceadúnas GNU do Dhoiciméadú Saor
Staitisticí
Ailt160,958
Úsáideoirí cláraithe804,149
Riarthóirí7
Leathanaigh iomlána1,306,898
Comhaid áitiúla4,360
Vicipéid na Hiondúise

Is é an cuspóir atá ag Vicipéid na Hiondúise na ciclipéid shaor ar chur ar fáil do chainteoirí na Hiondúise ina dteanga féin. Tionscadal de chuid na Fondúireachta Viciméid atá inti. Ar 13 Eanáir 2018, bhí beagán breis is 122,919 alt aici.

Cuireadh Vicipéid na Hiondúise ar siúl ar 11 Iúil 2003. Sa bhliain 2008 thosaigh cuid vicipéideoirí ag obair le Google chun ailt a aistriú ó Vicipéid an Bhéarla ag baint úsáide as Google Translation Toolkit faoi iniúchadh eagarthóirí de chuid Vicipéid na Hiondúise. Cuireadh 600,000 giotán le téacs na Vicipéide úd agus ar 30 Lúnasa 2011 foilsíodh an 100,000ú alt in Hiondúis. Tá breis is 20,000 alt curtha leis an tionscadal ó shin.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "Wikipedia hosts India conference amid expansion push", 2013. Alt de chuid an BBC ina ndéantar cur síos ar an difear idir líon na n-eagarthóirí Indiacha i mBéarla agus i Hiondúis. Arna rochtain ar 29 Meith.
  • [1] "Using Wikipedia to change the language of the web", alt in The Hindu, 7 Eanáir 2011. Arna rochtain ar 29 Meith. 2016

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]