Vicipéid na Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí VicipéidVicipéid na Gaeilge
TeangaAn Ghaeilge
Dáta cruthaitheDeireadh Fómhair 2003
CeadúnasCreative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported (en) Aistrigh agus Ceadúnas GNU do Dhoiciméadú Saor
Staitisticí
Ailt59,824
Úsáideoirí cláraithe60,317
Riarthóirí7
Leathanaigh iomlána103,409
Comhaid áitiúla1,148
Vicipéid na Gaeilge

Is í Vicipéid na Gaeilge an leagan Gaeilge den Vicipéid.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Vicipéid na Gaeilge ar an bhfód ar an 7 Meitheamh 2003 (cé go bhfuil éiginnteacht áirithe ann maidir leis an dáta sin).[1] Aithnítear Gabriel Beecham mar bhunaitheoir.[2]

Faoi mhí an Mhárta 2007 bhí thart ar fiche duine ag cur leis an suíomh ar bhonn rialta agus bhí suas le 7,000 alt ann.[3]

Faoin tráth seo (Márta 2024), tá 117 duine ag cur leis an suíomh ar bhonn rialta[4], agus tá 59,824 alt ar fáil ann.[5] Sa bhliain 2023, cruthaíodh na céadta leathanach gach mí, agus rinneadh na mílte athrú.

Tuairimí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhol an iris Beo (http://www.beo.ie) Vicipéid na Gaeilge,

"An rud is áille faoi Vicipéid ná gur féidir le haon duine í a chur in eagar. Ciallaíonn sé sin gur féidir le duine a bhfuil eolas ar bith aige faoi ábhar, cé acu saoi nó amadán é, é sin a chur ar an suíomh chun go mbeidh sé ar fáil do gach duine.

Cheap Beo go raibh an Vicipéid úsáideach d'fhoghlaimeoirí chomh maith le cainteoirí líofa:

"Is áis den scoth í Vicipéid don phobal Gaeilge ar líne, agus d’fhoghlaimeoirí chomh maith. Is iontach an rud é bheith in ann an Ghaeilge a léamh agus bheith ag foghlaim ag an am céanna. Agus, má chláraíonn tú ar an suíomh, is féidir leat do chuid Gaeilge a úsáid go rialta agus tú i mbun plé leis na daoine eile agus ag cur leis na haltanna."

Ina alt Putting the learning back into learning technology dúirt Barry McMullin (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) gur áis mhaith í Vicipéid na Gaeilge:

...No doubt, the Irish version of wikipedia will never be as complete or current as the English version; but for those users who need it, it will be much better than having no Irish language encylopedia at all! Moreover, the Irish wikipedia will probably evolve to contain the primary or definitive versions of articles in certain specific topic areas. Of course, mutatis mutandis, similar comments could be made for other language versions of wikipedia."[6]

Chuir scoláirí eile béim ar luach oideachasúil na Vicipéide.[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Más fíor do Gabriel Beecham (a aithnítear mar bhunaitheoir Vicipéid na Gaeilge), cuireadh tús leis an tionscadal ar an 7 Meitheamh 2003. Dealraíonn sé gur chruthaigh Beecham an chéad leathanach (leathanach úsaideora faoin ainm Kwekubo1) ar an 11 Lúnasa 2003; gur chruthaigh Arnaud Lagrange an chéad alt (alt faoi Esperanto ar thug sé Sprantais air, agus nár scríobh sé mórán téacs air) ar an 18 Nollaig 2003; agus gur chruthaigh Beecham an chéad leagan den phríomhleathanach ar an 3 Eanair 2004.
  2. "Beo! - Wikipedia: tionscadal an-fhiúntach ar fad". web.archive.org (2023-07-30). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-07-30. Dáta rochtana: 2024-01-04.
  3. "Wikipedia Insanica - Features, Unsorted - Independent.ie". web.archive.org (2009-03-11). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-03-11. Dáta rochtana: 2022-07-23.
  4. Athrú amháin, ar a laghad, déanta acu le 30 lá anuas
  5. Féach Speisialta:Statistics
  6. Barry McMullin (2008-08-19). "Putting the learning back into learning technology". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-08-19. Dáta rochtana: 2022-07-23.
  7. "Immersion Education - General Teaching Council for Northern Ireland Repository". web.archive.org (2011-07-18). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-12-06. Dáta rochtana: 2022-07-23.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]