Vicipéid na hAlbainise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí VicipéidVicipéid na hAlbainise
TeangaAn Albainis
Dáta cruthaithe23 Meitheamh 2005
CeadúnasCreative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported (en) Aistrigh agus Ceadúnas GNU do Dhoiciméadú Saor
Aibítiraibítir Laidineach
Staitisticí
Ailt34,937
Úsáideoirí cláraithe109,425
Riarthóirí3
Leathanaigh iomlána139,372
Comhaid áitiúla533
Vicipéid na hAlbainise

Is é Vicipéid na hAlbainise (Albainis: Scots Wikipædia) an t-eagrán Albainise den chiclipéid shaor ar líne, An Vicipéid. Bunaíodh ar 23 Meitheamh 2005 é, agus shroich sé 1,000 alt ar dtús i mí Feabhra 2006, agus 5,000 alt i mí na Samhna 2010. Ó Mhí an Mhárta 2024, tá thart ar 35,000 alt ann.[1]

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Lúnasa 2020, tarraingíodh aird ar an suíomh tar éis postáil ar Reddit a thug faoi deara go raibh líon ard alt sa vicí scríofa in ndroch-Albainis ag eagarthóir amháin, a bhí ina dhéagóir Meiriceánach. Ní raibh Albainis ar a thoil aige, agus ba léir ó ábhar na n-alt go raibh sé ag baint úsáid as foclóir Béarla-Albainis ar líne chun ailt Vicipéid Bhéarla a aistriú, gan aird a thabhairt ar ghramadach na hAlbainise. Chruthaigh an rannpháirtí seo breis is 23,000 alt, tuairim is an tríú cuid de Vicipéid na hAlbainise ar fad ag an am sin. Rinneadh cur síos ar na hailt seo mar "Béarla scríofa i gcanúint Albanach," le focail agus le litriú seafóideacha ann nach bhfuil le fáil in aon chanúint Albainise. [2][3][4]

Mar gheall ar an gconspóid, chuir Vicipéid na hAlbainise tús le hathbhreithniú ar a chuid alt le haghaidh míchruinneas teanga a cheartú, agus scriosadh go leor alt a bhí scríofa ag an eagarthóir óg.[5][6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. List of Wikipedias”. meta.wikimedia.org. Wikimedia Foundation. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Meitheamh 2018. Dáta rochtana: 15 Márta 2014.
  2. Victoria Song. "Alleged Teen Brony Has Filled the Scots Wiki With Thousands of Fake Translations". Gizmodo. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Lúnasa 2020.
  3. McDonald (26 Lúnasa 2020). “Scots Wikipedia taken over by American teenager who wrote thousands of 'very odd' articles without learning language”. inews.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Lúnasa 2020. Dáta rochtana: 26 Lúnasa 2020.
  4. Ingham (26 Lúnasa 2020). “Majority of Scots Wikipedia articles are gibberish due to single prolific editor”. Verdict. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Meán Fómhair 2020. Dáta rochtana: 1 Feabhra 2021.
  5. Harrison (2020-09-09). “What Happens to Scots Wikipedia Now?” (en). Slate Magazine. Dáta rochtana: 2020-10-11.
  6. Wikipedia Statistics - Tables - Scots”. stats.wikimedia.org. Dáta rochtana: 2021-06-21.