Vicipéid:Laethanta roghnaithe/17 Aibreán
Cuma
Is é an 17 Aibreán an 107ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 108ú lá i mbliain bhisigh. Tá 258 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na mBan" sa Ghabúin, agus "Lá na Saoirse" sa tSiria.
- 1656 – Rugadh William Molyneux, fealsamh agus scríbhneoir (b. 1698)
- 1711 – Cailleadh Seosamh I, an tImpire Naofa Rómhánach (r. 1678)
- 1790 – Cailleadh Benjamin Franklin, polaiteoir agus eolaí (r. 1706)
- 1876 – D'éalaigh seisear Fíníní ó Freemantle, san Astráil, ar an long Catalpa
- 1894 – Rugadh Nikita Khrushchev, ceannaire Rúiseach (b.1971)
- 1967 – Rugadh Henry Ian Cusick, aisteoir
- 1969 – Toghadh Bernadette Devlin, a bhí 21 bliain d'aois ag an am, ina feisire parlaiminte
- 1986 – Fuadaíodh an t-iriseoir Briotanach John McCarthy agus é ar a bhealach chuig an aerfort i mBéiriút
- 1999 – Gortaíodh 45 duine nuair a phléasc buama i ndeisceart Londan