Benjamin Franklin
Duine d’Aithreacha Bunaithe (Béarla: Founding Fathers) na Stát Aontaithe ba ea Benjamin Franklin (17 Eanáir 1706 (6 Eanáir, 1706 sa tseanstíl)[1] – 17 Aibreán 1790). Duine nótáilte na seacht mbua a bhí ann: clódóir, údar agus aorthóir, eolaí, polaiteoir, gníomhaire i saol an phobail, státaire iomráiteach, ceapadóir bisiúil, agus taidhleoir. Bhí áit nár bheag dó san Eagnaíocht.
Eolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Mar eolaí, bhí suim ag Franklin i stair na fisice as a chuid fionnachtana agus teoiricí maidir leis an leictreachas.
Ar an 15 Meitheamh 1752, chruthaigh Benjamin Franklin go bhfuil aibhléis sa tintreach trí thurgnamh a dhéanamh le heitleoig agus le heochair. Mar sin, cheap Franklin an tslat thintrí
Clíomeolaíocht. Ceann de na luaththaighdeoirí aeráide ab ea Franklin. Mhapáil sé Sruth na Murascaille ar mhaithe le phost a chur ó na Stáit Aontaithe go dtí an Eoraip.
Am samhraidh. Mhol Franklin an beart ar dtús, chun sochar níos mó a bhaint as na huaireanta de sholas an lae le linn míonna an tsamhraidh.
Cheap Franklin an lionsa défhócasach, sorn "Franklin", odaiméadar le haghaidh carráistí, agus an “armonica” gloine.
Saol an phobail[cuir in eagar | athraigh foinse]
D’eagraigh Franklin an chéad leabharlann iasachta phoiblí i Meiriceá. Chuir Franklin an chéad leabharlann phoiblí insna coilíneachtaí Meiriceánacha ar bun i bhPhiladelphia sa bhliain 1731.
D’eagraigh Franklin an chéad bhriogáid dóiteáin i bPennsylvania. Bhí sé ar na daoine ba thúisce a mhol aontacht na 13 coilíneacht, agus mar scríbhneoir agus ghníomhaí, thaobhaigh sé le coincheap náisiúin Meiriceánaigh.
Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Mar thaidhleoir le linn na Réabhlóide Meiriceánaí, dhaingnigh sé an chomhghuaillíocht leis an bhFrainc, rud a chuidigh go mór le neamhspleáchas na Stát Aontaithe a bhaint amach.
Taistealaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Thug Benjamin Franklin cuairt ar Éireann sa bhliain 1771. Shroich sé Baile Átha Cliath ar an 5 Meán Fómhair 1771. Chuir an bochtanas in Éirinn iontas air[2].
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Tugann Contae Franklin, Pennsylvania, Contae Franklin, Alabama, agus Contae Franklin, Arkansas onóir do Benjamin Franklin.
- Bhain Marie Tussaud cáil amach ar dtús mar gheall ar dhealbha céarach a chruthaigh sí de Benjamin Franklin.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Engber, Daniel (2006). What's Benjamin Franklin's Birthday?
- ↑ "Benjamin Franklin in Scotland and Ireland", by J. Bennett Nolan (UoP 1938) 1512805033 agus (1956) ar Amazon
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Benjamin Franklin |