Ulrike Meinhof

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaUlrike Meinhof

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(de) Ulrike Marie Meinhof
Beathaisnéis
Breith7 Deireadh Fómhair 1934
Oldenburg (An Reich Gearmánach)
Bás9 Bealtaine 1976
41 bliana d'aois
Stuttgart (An Ghearmáin Thiar)
Siocair bháisFéinmharú (Crochadh)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Münster
Cäcilienschule Oldenburg (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Hamburg Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmiriseoir, scríbhneoir, socheolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach na Gearmáine Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghearmáinis
Eile
CéileKlaus Rainer Röhl (1961–1968) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBettina Röhl, Regine Röhl Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWerner Meinhof  agus Ingeborg Meinhof
Ciontaíodh idúnmharú
Coirloscadh
ionsaí buamála
iarracht ar dhúnmharú
bank robbery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0576921 Musicbrainz: 613e0e47-c253-48c8-94d9-88b10b191e40 Songkick: 4417588 Discogs: 2170253 Find a Grave: 30878823 Cuir in eagar ar Wikidata

B’iriseoir í Ulrike Marie Meinhof (7 Deireadh Fómhair 1934 in Oldenburg9 Bealtaine 1976 in Stuttgart-Stammheim) a thréig a gnáthshaol chun páirt a ghlacadh i ngrúpa radacach de chuid na heite chlé i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine. Tá aithne níos fearr uirthi anois mar dhuine de lucht bunaithe an Rote Armee Fraktion, nó Drong Baader-Meinhof. D'éirigh Meinhof ina ceannaire ar bhrainse d’Arm Dearg na Gearmáine.[1]

Thángthas ar chorp crochta Meinhof ina cillín, faoi chúinsí amhrasacha, i bPriosún Stammheim sa bhliain 1976.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Breith agus Naíonacht in Oldenburg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í Ulrike Marie Meinhof an dara páiste a rugadh don staraí ealaíne, an Dochtúir Werner Meinhof, agus dá bhean Ingeborg Meinhof (née Guthardt). Bhí deirfiúr amháin ag Ulrike, Wienke, a bhí ní ba shine ná í.[2]

Na blianta in Jena[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Ulrike an chéad chuid dá saol in Oldenburg, áit ar rugadh í sa bhliain 1934, ach d'aistrigh an teaghlach go Jena, cathair ollscoile atá suite in oirthear na Gearmáine, sa bhliain 1936, nuair a fuair athair Ulrike post úr mar stiúrthóir ar Áras Ealáine na cathrach. Faraor, fuair an Dochtúir Meinhof bás le hailse i ngeimhreadh na bliana 1940, buille trom tubaisteach a d'fhág a chlann ar an trá fholamh ar fad, gan aon teacht isteach, is cogadh domhanda ar siúl. Mar réiteach ar an fhadhb, bheartaigh máthair Ulrike, Ingeborg Meinhof, freastal ar chúrsa staidéir in Ollscoil Jena, ionas go mbeadh sí in ann post a fháil mar mhúinteoir chun a clann a chothú.

Is ar ollscoil a chuir Ingeborg Meinhof aithne ar bhean a mbeadh tionchar suntasach aici ar shaol Ulrike - an iníon léinn, Renate Riemeck.[3] Bhláthaigh dlúthchairdeas idir an bheirt bhan óg agus níos deireanaí, nuair a bhí loistéir ag teastáil ó mhuintir Meinhof chun smacht a choinneáil ar na costais a bhain le clann a thógáil, agus leis an teach, bhog Renate Riemeck isteach sa teach acu.[2]

Ulrike Meinhof sa bhliain 1964

Tréimhse ghairid i ndiaidh d'Ingeborg Meinhof is do Renate Riemeck a gcuid cáilíochtaí stáit a bhaint amach sa bhliain 1944, thosaigh feachtas buamála na Meiriceánach ar Jena ag éirí ní ba dhéine[4] agus thosaigh eachtraí buamála ag tarlú i rith an lae, rud nach bhfaca bunadh Jena go dtí sin.[2] Ba léir dóibh gur droch-chomartha a bhí ann[2], ach is ar an 19 Márta 1945 a deimhníodh a n-amhras. Is ar an lá úd a rinneadh scrios ar mhórchuid lár na cathrach agus ar chuid de na foirgnimh b'iomráití aici, cosúil le eaglais San Mhícheál, leabharlann Ollscoil Jena agus an teach inar chuir na scríbhneoirí Johann Wolfgang von Goethe agus Friedrich von Schiller aithne ar a chéile. Maraíodh 700 duine agus gortaíodh 2000 duine go dona.[4]

Seal sa Bhaváir, agus Filleadh ar Oldenburg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Theith muintir Meinhof agus Renate Riemeck nuair a bhí an chathair go léir fós trí thine, is shocraigh siad síos i mBad Berneck, baile íocuisce i dtuaisceart na Baváire, áit ina bhfuair an bheirt bhan postanna sa bhunscoil áitiúil. Níor fhan ann ach tamall, áfach, agus phill siad ar Oldenburg sa bhliain 1946. Is ann a d'fhreastail Ulrike ar an Liebfrauenschule ("Meánscoil Mhuire") sa tréimhse idir 1946 agus 1952, in ainneoin gur tógadh í i dteach stóinseach Protastúnach, agus go raibh trí leabhar[5] scríofa ag a hathair, an Dochtúir Werner Meinhof, ar theoiric Eaglais Shoiscéalach na Gearmáine (EKD). Sa bhliain 1949, áfach, fuair Ingeborg Meinhof bás le hailse agus fágadh ina ndílleachtaí iad Ulrike agus Wienke in aois 15 agus 18 dóibh. Ghlac Renate Riemeck le caomhnóireacht an dá chailín agus tugaidís "Ersatzpapa"[2] uirthi, as siocair nach raibh sí ina bean an tí, cosúil leis na máithreacha eile in Oldenburg, agus gurb ise a bhí freagrach as an t-airgead go léir a shaothrú, ról a mbeadh ag fear an tí de ghnáth.

Bolscaireacht de chuid an eite chlé sna 1960idí

Ar aghaidh leo go Hessen[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'aistrigh an triúr ban leo arís eile sa bhliain 1952, nuair a ceapadh Renate Riemeck ina hollamh in Institiúid na hOideolaíochta i Weilburg (sa stát Hessen), in iardheisceart na Gearmáine. D'fhreastail Ulrike ar mheánscoil ársa na cathrach, an Philippinum, agus sa chuir sí a hAbitur i gcrích ann ag tús na bliana 1955.

Staidéar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rote armee fraktion

Ar bhaint amach an Abitur di, bhailigh sí léi go Marburg[6] (cathair ollscoile atá suite i lár Hessen) agus chuir tús le céim bhaitsiléara sa síceolaíocht, san oideolaíocht, sa socheolaíocht agus i bhfocleolaíocht na Gearmáine, agus é mar chuspóir aici dul don mhúinteoireacht. Bhí croí Ulrike Meinhof go mór istigh ina cuid staidéir agus bhí dochtúireacht ar na bacáin aici gan mórán moille.

Cé gur lú suime léi an pholaitíocht ná an litríocht agus na healaíona ag tús a cuid ama san ollcoil, ghlac sí páirt sna hagóidí i gcoinne sholáthar dhiúracháin núicléacha don Bhundeswehr agus, diaidh ar ndiaidh, músclódh dúil fianta inti sa pholaitíocht. Bhí sé seo le sonrú nuair a chaith sí seimeastar an gheimridh 1957-58 ar Ollscoil Mhünster, áit ar roghnaíodh í mar urlabhraí ar choiste frithnúicléach. Lean sí uirthi ag troid in aghaidh na cumhachta núcléaigh agus bhí ina príomhóráidí ag slógadh mór frithnúicléach i samhradh na bliana 1958.

Is sa tréimhse seo a chuir Ulrike aithne ar Khlaus Rainer Röhl, fear foilsithe an irisleabhair konkret, iris a bhí dírithe ar mhic léinn a raibh spéis acu i gcúrsaí reatha idirnáisiúnta agus sa pholaitíocht. D'earcaigh Röhl Ulrike Meinhof dá fhoireann iriseoirí agus cheap í ina príomheagarthóir go gairid ina dhiaidh sin (mí Eanáir na bliana 1960).

1960idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

JVA Stuttgart Stammheim

Thosaigh Meinhof ag obair don iris pholaitiúil úd Konkret, agus í pósta ar fhoilsitheoir na hirise, Klaus Rainer Röhl.

Phós Meinhof agus Röhl ag deireadh na bliana 1961 (in aois 27 di).[7] Bhí cúpla aici, Regine agus Betiina an bhliain dár gicionn. Fuair si colscaradh sa bhliain 1968.

Fuair Röhl tacaíocht rúnda ó rúnseirbhís na Gearmáine Thoir, an Stasi, le linn an ama sin.

Rote Armee Fraktion[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uaigh

Réabhlóid na mac léinn sa bhFrainc (1968) agus an sléacht i Vítneam a ghríosaigh Meinhof chun iarracht a dhéanamh deireadh a chur leis an gcaipitleachas trí réabhlóid dhomhanda a spreagadh.[8] Bhí clú áirithe ar Meinhof mar iriseoir radacach sular tháinig an drong sceimhlitheoireachta ar an bhfód.

Rinne sí a mbealach chuig an Meánoirthear, áit ar chuir na Palaistínigh faoi oiliúint mhíleata í.

Ar an 14 Bealtaine 1970, rinneadh ionsaí ar phríosún, áit a raibh Andreas Baader. Bhí Ulrike Meinhof le leabhar taighde a scríobh, - a dúirt sí, - agus theastaigh uaithi agallamh a chur ar Baader in áras na hInstitiúide. San am seo, iriseoir measúil a bhí i Meinhof, agus bhí na húdaráis breá sásta comhoibriú léi. Mar a d'iompaigh an scéal amach, áfach, rinne na sceimhlitheoirí ruathar ar an Institiúid agus bhain siad amach saoirse do Baader le lámh láidir. Gortaíodh Georg Linke, duine d'oibrithe na hInstitiúide, go dona, nuair a scaoil duine de na sceimhlitheoirí urchar leis. Ag an ócáid seo, d'éalaigh Meinhof ó láithreán na n-imeachtaí, in éineacht leis na sceimhlitheoirí, agus d'fhág sí slán ag an saol dlíthiúil.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gabhadh Meinhof ar 15 June 1972. Chaith sí ceithre bliana i bpríosún, agus tréimhse fhada faoi ghaibhniú aonair. Deirtear gur chuir Meinhof lámh ina bás féin i bPriosún Stammheim ar 9 Bealtaine 1976 . Ach fuair sí bás faoi chúinsí amhrasacha.

Saothair Iriseoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Unruhe in der Studentenschaft (comhoibriú le Jürgen Seifert) a foilsíodh san iris Blätter für deutsche und internationale Politik (eagrán a seacht na bliana 1958).
  • Heimkinder in der Bundesrepublik / Aufgehoben oder Abgeschoben? san iris Frankfurter Hefte: Zeitschrift für Kultur und Politik (eagrán a naoi na bliana 1966)
  • Falsches Bewußtsein, mar pháirt den leabhar Emanzipation und Ehe: Zehn Antworten auf eine heikle Frage (Cló DELP, München, 1968)
  • Revolutionsgerede, mar pháirt den leabhar Revolution gegen den Staat? Die außerparlamentarische Opposition - die neue Linke (Cló Rütten + Loening, Beirn agus München, 1968)
  • Dokumente einer Rebellion. 10 Jahre konkret-Kolumnen. (konkret-Verlag, Hamburg, 1972)
  • Zerstörte Fighter. Letzte Aufzeichnungen aus der Zelle, na scríbhinní deireanacha de chuid Ulrike Marie Meinhof, a foilsíodh san iris Neues Forum (eagrán 23 na bliana 1976, an Ostair)
  • Letzte Texte von Ulrike (foilsithe ag an Komitee zur Verteidigung politischer Gefangener in Westeuropa ("Coiste Cosanta na gCimí Polaitiúla in Iarthar na hEorpa"), Meitheamh 1976)
  • Bambule, Fürsorge - Sorge für wen?, leabhar bunaithe ar script a scríobh Meinhof do chlár faisnéise a léiríodh ar an teilifís i bPoblacht Chonaidhme na Gearmáine sa bhliain 1970. Phléigh an clár le dálaí maireachtála sna hárais do chailíní faoi-aois i bPoblacht Chonaidhme na Gearmáine ("an Ghearmáin Thiar").
  • Deutschland, Deutschland unter anderem. Aufsätze und Polemiken. (Cló Wagenbach, Beirlín, 1995)
  • Die Würde des Menschen ist antastbar. Aufsätze und Polemiken. (Cló Wagenbach, Beirlín, 1995)

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Shane O’Sullivan. "Children of the Revolution" (ga-ie). Club Scannán Sailearna. Dáta rochtana: 2020-05-09.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Prinz, Alois, Lieber wütend als traurig: Die Lebensgeschichte der Ulrike Meinhof, Suhrkamp, 2005
  3. Riemeck, Renate, Ich bin ein Mensch für mich. Aus einem unbequemen Leben., Urachhaus, Stuttgart, 1992
  4. 4.0 4.1 Jena, Eine Stadt und ihre Geschichte, Neomedia Verlag, 1997
  5. "Startseite" (de). Deutsche Nationalbibliothek. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-27. Dáta rochtana: 2020-10-18.
  6. "Ulrike Meinhof - Biografie WHO'S WHO". whoswho.de. Dáta rochtana: 2020-10-18.
  7. "Ulrike Meinhof" (de). www.fembio.org. Dáta rochtana: 2020-10-18.
  8. Super User. "Children of the Revolution" (ga-ie). Club Scannán Sailearna. Dáta rochtana: 2022-05-08.