Andreas Baader
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (de) Berndt Andreas Baader 6 Bealtaine 1943 München (An Reich Gearmánach) |
Bás | 18 Deireadh Fómhair 1977 34 bliana d'aois Stammheim Prison (An Ghearmáin Thiar) |
Siocair bháis | Féinmharú (Tráma balaistíoch) |
Áit adhlactha | Dornhaldenfriedhof (en) ![]() ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Grundschule an der Herrnstraße (en) ![]() ![]() |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Sceimhlitheoireacht |
Gairm | sceimhlitheoir, bohemianism (en) ![]() ![]() |
Ball de | |
Teangacha a labhraíonn nó a scríobhann sé/sí | An Ghearmáinis |
Sceimhlitheoir Gearmánach a bhí i mBerndt Andreas Baader (rugadh i München ar an 6 Bealtaine 1943 é, agus fuair sé bás i bpríosún Stammheim ar an 18 Deireadh Fómhair 1977).
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cailleadh a athair i ndeireadh an Dara Cogadh Domhanda, agus ba iad a mháthair, a aintín agus a mháthair mhór a thóg é.
Bhí sé ina ógchiontóir nuair a bhí sé ina dhéagóir, agus é ag goid gluaisteáin le haghaidh spraoithiomána go minic.
Ina fhear óg dó, chuaigh sé go Beirlín agus fuair sé aithne ar radacaigh na heite clé. Fear spadhartha a bhí ann agus é claonta chun foréigin.
Ón mbliain 1968 ar aghaidh, ghlac sé páirt i ngníomhartha neamhdhlíthiúla na radacach is na sceimhlitheoirí óga. Sa bhliain 1970, gabhadh é, ach shaor na sceimhlitheoirí eile é ón mbraighdeanas mí ina dhiaidh sin. Chuaigh seisean agus fiche radacach eile go dtí an Iordáin le hoiliúint treallchogaíochta a fháil ó na Palaistínigh ansin.
Ina dhiaidh sin, bhí Baader páirteach in ionsaithe buamála agus i ruathair ar bhainc. Bhí barántas amuigh air thar aon sceimhlitheoir eile.
Ar an 1 Meitheamh 1972 gabhadh é in éineacht le Jan-Carl Raspe agus Holger Meins.
Cailleadh é le linn "Oíche an Bháis i Stammheim" (18 Deireadh Fómhair 1977), nuair a chuir seisean, Raspe agus Gudrun Ensslin lámh ina bhásanna féin i bpríosún Stammheim, Stuttgart.[1]

Tá Baader adhlactha i Reilig Dornhalden i Stuttgart in aice le hEnsslin agus Raspe.
D'ainmnigh na hiriseoirí Drong Baader-Meinhof as Baader agus Ulrike Meinhof.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2018-10-18). "Fómhair na Gearmáine" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-10-18.
![]() | Is síol faoin Ghearmáin é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |