Fómhar na Gearmáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFómhar na Gearmáine
Íomhá
Cineálgéarchéim pholaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósGermany in Autumn (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid delist of conflicts related to the Cold War (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse7 Aibreán 1977 - 18 Deireadh Fómhair 1978
Dáta na bliana18 Deireadh Fómhair 1977 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAn Ghearmáin Thiar Cuir in eagar ar Wikidata
TírAn Ghearmáin Thiar Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Ba chúis leisLarge crisis committee (en) Aistrigh
death night in Stammheim (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid


Suaitheantas na droinge. Taispeánann sé fo-inneallghunna den déanamh Heckler & Koch.

Tréimhse fhoréigneach agus fulangacht ab ea Fómhar na Gearmáine, mar a thugtar uirthi (Gearmáinis: Der Deutscher Herbst), ó 7 Aibreán 1977 go dtí 18 Deireadh Fómhair 1977. Shroich feachtas na sceimhlitheoirí, an Rote Armee Fraktion, barr a ghéaradais le linn "Fhómhar na Gearmáine", is é sin, Fómhar na bliana 1977.

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Siegfried Buback, 1977

7 Aibreán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh "Fómhair na Gearmáine" ar 7 Aibreán 1977, nuair a feallmharaíodh Siegfried Buback, an tArd-Aighne in Iarthar na Gearmáine. Mharaigh Kommando Ulrike Meinhof (nó Cománlach Cuimhneacháin Ulrike Meinhof) an t-ionchúisitheoir is airde céim i gcóras dlí na Gearmáine.

Fuair beirt fhear de lucht a thionlactha, Wolfgang Göbel agus Georg Wurster, bás sa teagmháil freisin. Tháinig an "cománlach" ar muin gluaisrothair, agus ag tiomáint thart le gluaisteán Buback dóibh, scaoil siad na hurchair chinniúnacha leis an triúr fear.

Níos déanaí, san 1980idí, gabhadh ceathrar ón RAF, an Rote Armee Fraktion (Christian Klar, Knut Folkerts, Günter Sonnenberg and Brigitte Mohnhaupt), agus cuireadh sa phríosún iad.

Meitheamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 30 Meitheamh 1977, maraíodh an baincéir Jürgen Ponto. Bhí an RAF ag iarraidh é a fhuadach ach ní raibh Pronto sásta dul leo. Bhí aithne phearsanta ag bean de na sceimhlitheoirí, Susanne Albrecht, ar Ponto, agus cead isteach aici ina theach. D'fháiltigh Ponto isteach í maille le beirt sceimhlitheoirí eile, Christian Klar agus Brigitte Mohnhaupt. Scaoil Klar an chéad urchar, agus ansin, thosaigh Mohnhaupt ag loscadh air, ionas gur ghoin sí go héag é. D'éalaigh Klar, Albrecht agus Mohnhaupt ar an ngluaisteán a bhí á tiomáint ag Peter-Jürgen Boock.

I ndiaidh na n-imeachtaí, d'fhógair na sceimhlitheoirí nach raibh siad ach ag iarraidh Ponto a fhuadach, agus gur maraíodh é nuair a thosaigh sé á chosaint féin ar na hiarrachtaí seo. Níor bréagnaíodh an leagan seo den scéal ach sa bhliain 1991.

Lúnasa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 25 Lúnasa 1977, d'fhéach na sceimhlitheoirí le hÁras an Bundesanwaltschaft (is é sin, oifigí an Ionchúisitheora Fheidearálaigh) a ionsaí i gKarlsruhe, ach níor éirigh leis an iarracht seo.

Hanns-Martin Schleyer

Meán Fómhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 5 Meán Fómhair 1977, d'fhuadaigh an RAF Hanns-Martin Schleyer, a bhí ina Uachtarán ar Chumann Fostóirí na Gearmáine (Bundesverband der Arbeitgeber). An ceathrar fear a bhí á dtionlacan, maraíodh iad go léir.

D'éirigh na fuadaitheoirí go scaoilfí saor le lucht na chéad ghlúine, cosúil le Baader agus Ensslin.

Le linn na tréimhse seo, bhí an teannas polaitiúil ag méadú sa Ghearmáin, agus siar agus aniar idir na páirtithe polaitiúla faoin bhfreagra ceart ar fheachtas sceimhlitheoireachta, robála bainc agus fuadach an RAF agus conas é sin a dhéanamh gan dochar do dhaonlathas na Gearmáine.[1]  

Ansin, chuir Helmut Schmidt, Seansailéir na Gearmáine, gairm scoile ar an Mórfhoireann Géarchéime (der Grosse Krisenstab), cineál rialtas fairsingithe a raibh feisirí de chuid gach páirtí uirthi. Ba í an Mhórfhoireann seo a bhí i gceannas ar an nGearmáin Iartharach go dtí gur tháinig deireadh le himeachtaí an "Fhómhair".

Deireadh Fómhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eitilt Lufthansa LH 181 Palma de Mallorca go Frankfurt / Main darb ainm Landshut, a thuirling i Mogaidisiú ar 13 Deireadh Fómhair 1977

Sna sála ar an scéala sin, i mí Dheireadh Fómhair, reachtaigh an Bundestag, nó Parlaimint Chónaidhme na Gearmáine, an Dlí um Chosc ar Chaidreamh, nó an Kontaktsperregesetz. Chuir an dlí seo ar chumas na n-údarás cosc ar na sceimhlitheoirí sa phríosún bheith i dteagmháil lena gcuid dlíodóirí.

Ní raibh rialtas na Gearmáine sásta géilleadh d'éilimh na sceimhlitheoirí. Le tuilleadh brú a chur ar an rialtas, d'fhuadaigh an PFLP (Fronta Pobail i gcomhair Shaoirse na Palaistíne) - drong radacach Mharxach ón bPalaistín a raibh an RAF ag comhoibriú leo - eitleán paisinéirí de chuid an Lufthansa, an Landshut. Ba é an "Captaen Mairtíreach Mahmúd", nó Zohair Youssif Akache, a bhí i gceannas ar an gcománlach. Thurling an Landshut i Mogaidisiú sa tSómáil.

Rolf Clemens Wagner & Friederike Krabbe, ar 11 Samhain 1977

Críoch ghruama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig críoch ghruama le "Fómhair na Gearmáine" ar 18 Deireadh Fómhair 1977. Ar an lá sin, d'ionsaigh Grenzschutzgruppe 9 (aonad póilíneachta oirbheartaíochta GSG9), feadhain fórsaí speisialta ón nGearmáin, an t-eitleán i Mogaidisiú. Maraíodh triúr den cheathrar sceimhlitheoirí. Ní bhfuair aon duine de na sibhialtaigh bás sa teagmháil. Ach bhí captaen an eitleáin, Jürgen Schumann, maraithe ag an mairtíreach Mahmúd in Aden, áit ar thuirling an Landshut sular bhain sí amach Mogaidisiú. Goineadh an t-aeróstach Gabriele Dillmann, chomh maith le duine den fhórsa speisialta.

Nuair a tháinig deireadh le fuadach an Landshut, chaill na sceimhlitheoirí i Stammheim deireadh an dóchais. Chuir siad lámh ina mbásanna féin ar an 18 Deireadh Fómhair 1977. Bhásaigh Gudrun Ensslin, Andreas Baader, agus Jan-Carl Raspe, ach bhí na dochtúirí in ann Irmgard Möller a choinneáil beo.

Bhain Raspe agus Baader úsáid as na hairm thine a fuair siad faoi choim ón abhcóide Arndt Möller, agus chroch Ensslin í féin as cábla leictreachais. D'fhéach Irmgard Möller le hí féin a mharú le scian, ach níor sháigh sí sách domhain í, agus d'éirigh leis na dochtúirí tarrtháil a thabhairt di.

leacht cuimhneacháinː 18 Deireadh Fómhair 1977 - Gudrun Ensslin, Andreas Baader, agus Jan-Carl Raspe

Ansin ar an lá céanna, mharaigh na fuadaitheoirí an fear gnó Hanns-Martin Schleyer, a bhí á choinneáil ina ghiall. Thángthas ar a chorpán i Mulhouse sa Fhrainc (Gearmáinis: Mülhausen), in aice le teorainn na Gearmáine ar an 19 Deireadh Fómhair. Inniu féin, níl sé soiléir cé a rinne an dúnmharú. Na sceimhlitheoirí a bhí páirteach i bhfuadach Schleyer, níor inis siad an taobh sin den scéal.

Chuir bás Gudrun Ensslin, Jan-Carl Raspe and Andreas Baader, Schleyer agus triúr de na fuadaitheoirí deireadh le Fómhair na Gearmáine. Ach tháinig an An Tríú Glúin den RAF ar ais sna 1980idí

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhéach "dara glúin" na droinge le saoirse a bhaint amach do na ceannasaithe lena lán ainghníomhartha feiceálacha, ach nuair nár éirigh leis na hiarrachtaí seo, chuir Ensslin, Baader agus Jan-Carl Raspe lámh ina mbásanna féin i Stammheim ar an 18 Deireadh Fómhair 1977.

Go gairid ina dhiaidh sin, ar an 12 Samhain 1977, chroch Ingrid Schubert - bean eile acu siúd a bhí ag bunú na droinge - í féin i bpríosún eile, i München.

I ndiaidh na n-imeachtaí, chuaigh na ráflaí timpeall i measc lucht tacaíochta na sceimhlitheoirí gur mharaigh na húdaráis iad i Stammheim. Is léir gur scéal gan dealramh a bhí ann,. Ach le déanaí, tháinig sé chun solais go raibh gléasra cúléisteachta suiteáilte i gcillíní na gcimí, ionas go raibh a fhios ag na húdaráis go raibh airm thine ag na sceimhlitheoirí agus iad dírithe ar lámh a chur ina mbásanna féin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2018-10-18). "Fómhair na Gearmáine" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-10-18.