Uí Chinnéide
Clann Dhál Chais agus ríthe na hUrmhumhan ba ea Uí Chinnéide. Nia leis an Ardrí Brian Bóramha (1002–1014), ba ea a sinsear, Mathúin mac Donnchuain Ó Chinnéide, an chéad duine a ghlac an sloinne. Chinnéide mac Lorcáin, rí Tuadhmhumhain sa deichiú haois, ba ea athair Dhonnchuain agus Bhriain.[1]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba bhall iad Uí Chinnéide den chlann chumhachtach Dál gCais as Tuamhain, faoi cheannas Uí Bhriain. Bhí cónaí orthu in oirthear Chontae an Chláir, tuaisceart Luimnigh, agus tuaisceart Tiobraid Árann. Bhíodh lár Ionad acu ó dhúchais ag Glemor, gar do Chill Dalua, ach chuaigh siad trasna na Sionainne go hUrumhain i gContae Thiobraid Árann, agus clainne eile an cheantair (Uí Bhriain agus Mhic Conmara san áireamh) á gcur faoi bhrú sa 12ú haois. D'éirigh siad ina dtiarnaí Urumhan ón 11ú go dtí an haoiseanna.
I ndiaidh na Plá Móire, tharla athbheochan Gaelach i nÉirinn, óir gur bhuail níos measa an phlá na Normannaigh sna bailte móra. Ba í clann de Buitléir, Iarlaí Urmhumhan (teideal i dTiarnas na hÉireann), a bhí ina céile comhraic is mó Uí Chinnéide. Shínigh an dá chlann cinneadh síochána sa bhliain 1336, agus arís sa bhliain 1347. Briseadh an cinneadh nuair a rinne Uí Chinnéide agus a gcomhghuaillithe Éireannacha, Uí Bhriain agus Uí Chearbhaill, ruathar ar an Aonach agus dhóigh é. Cuir Uí Chinnéide an ruaig ar de Buitléir as Caisleán an Aonaigh sa bhliain 1391 agus lonnaigh siad ann (bhog de Buitléir go Caisleán Chill Chainnigh).
Muintir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an chlann roinnte ina trí ghéag, luaite ag dath a gcuid gruaige: donn, fionn agus rua. Bhí Naomh Ruadhán Lothra ina chosantóir Uí Chinnéide Urumhan. Timpeall na bliana 1600, chuaigh géag den chlann ar imirce go dtí Contae Aontroma áit a fhaightear an-chuid Uí Chinnéide inniu.
Dar le Daithí Ó hÓgáin (comhollamh ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath), tá ginealach Uí Chinnéide ann de shliocht díreach Bhriain Bóramha:
- "The name Cinneide also continued in the direct O'Brien line. For instance, a branch of the family descended from King Donnchadh, son of Brian Bóramha, settled in Aherloe in south Tipperary, one section of which had the name Cinneide as a surname. Another Cinnéide Ó Briain, grandson of the same Donnchadh, was a strong opponent of his kinsman, King Toirdhealbhach, and on this account he was assisted by the Connacht king, Aedh Ó Ruairc of Bréifne, to set up a kingdom of his own on the Meath-Cavan border. This little kingdom was broken up by Toirdhealbhach's army in 1080, and Cinnéide Ó Briain himself was slain in 1084 at the Battle of Monecronock, near Léim an Bhradáin i gContae Chill Dara. The connection with the Uí Ruairc of Bréifne did not end, however, for people bearing the name Cinneide settled in that area of Contae Liatroma. These were known by the name Muimhneach.[2]
Plandálaithe Uladh ba ea go leor Uí Chinnéide na hAlban, agus chuaigh cuid acu ar imirce ó thuaidh agus mheasc leis an gclann Ghaelach.
Logainmneacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is léir tionchair na clainne i logainmneacha sa cheantar amhail is: Cúil Uí Chinnéide agus Garraí Uí Chinnéide in Urumhan Uachtarach; agus Cill Ó gCinnéide i dTuamhain.
Caisleáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí caisleáin Uí Chinnéide go léir suite gar don Aonach i gContae Thiobraid Árann. Is iad a leanas roinnt caisleán nó tógtha nó i silver ag Uíbh Chinnéide:
- Caisleán Bhaile an Totaigh
- Caisleán Bhaile Uí Artaíle
- Caisleán Bhaile Locha Capaill
- Caisleán Drom Inbhir
- Caisleán Gharraí Uí Chinnéide
- Caisleán an Chnaoi
- Caisleán Leacaoin
- Caisleán an Aonaigh
- Caisleán Urra
I dteannta leo siúd, tá caisleán le fáil ag: Gleann na hEilte, Béal Átha Chléibh, Baile an Gharraí, An tEanach, Baile Uí Chuirc, Coill Uí Chairín, Ráth Durlais agus Castle Otway.
Armas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Machaire dubh, trí chlogad cliathánach airgid.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Callanan, Martin (1938) Records of four Tipperary septs: the O'Kennedys, O'Dwyers, O'Mulryans, O'Meaghers
- Gleeson, Dermot F. (1938). "The Last Lords of Ormond: A History of the "Countrie of the Three O' Kennedys" during the Seventeenth Century". Londain.
- Kennedy, Brian Patrick (2005). "The Irish Kennedys: The Story of the Rebellious O'Kennedys". B. P. Kennedy.
- Kennedy, Brian Patrick (2014). "The Mountainy Kennedys, Volume 2: Linking Past and Present".
- —, ISBN 9780958538879 The Upper Ormond Kennedys - Their Claims to Tipperary Soil.
- —, ISBN 9780958538886 The Lower Ormond Kennedys - Their Claims to Tipperary Soil.
- —, ISBN 9780958538893 The Dispersal of the Irish Kennedys - across the Irish Republic from North Tipperary.
- —, ISBN 9780648496717 The Irish Kennedys who moved Eastward - to Baronies adjacent to Ormond.
- Laffan, Thomas (1911). "Tipperary Families: Being The Hearth Money Records for 1665-1667". James Duffy & Co.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Clan Kennedy: Of Presidents and Kings ar IrishAmerica.com
- O'Kennedy family pedigree le John O'Hart ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ House of Brian Boru
- ↑ O'hOgain D. (2003) 'Kennedy O'Cinneide', Gill & Macmillan, Baile Átha Cliath, ll. 40–1