Caisleán an Aonaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán an Aonaigh
Íomhá
Sonraí
CineálCaisleán
Croineolaíocht
1690í díobháil
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinAn tAonach, Éire
Map
 52°51′54″N 8°11′53″W / 52.865014°N 8.198192°W / 52.865014; -8.198192
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir513

Creidtear gur thóg Theobald Walter Caisleán an Aonaigh go luath sa 13ú haois. I rith an 13ú haois ba é Caisleán an Aonaigh príomhtheach cónaithe mhuintir de Buitléar (Butler). Le linn an 15ú aois fuair an chlann Éireannach Mac Uí Bhriain seilbh ar an gcaisleán, ach sa bhliain 1533 ghabh Piers Butler, Iarla Osraí, seilbh arís air. Is éard atá sa chaisleán ná daingean suntasach ciorclach. Tá an bealach isteach ag leibhéal an chéad urláir. Níl ach dhá fhuinneog bheaga a ligeann solas isteach sa seomra ar an gcéad urlár. Is cosúil gurb é an seomra os a chionn an príomh-halla, agus is dócha gurb é an seomra ar an tríú hurlár an príomhlimistéar cónaithe agus solas ag teacht isteach ann ó chúig fhuinneog mhóra. Ó cheann amháin de na fuinneoga tá rochtain ar pholl teilgthe. Cuireadh an leibhéal os a chionn, ina bhfuil neart fuinneoga agus forbhaillí os a chionn, leis sa 19ú haois agus ní raibh siad ann ó thús. Ar dtús, bhí an daingean ag an mbuaic de bhábhún le cúig thaobh. Bhí bealach isteach ar an mbábhún agus an caisleán trí theach geata, a bhí cosanta ar gach taobh ag túir chruinne, nach maireann ach ceann amháin díobh anois.