Traonach
Crex crex ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Sonraí | |
Mais | 13.2 g (meáchan breithe) ![]() |
Réise sciathán | 50 cm ![]() |
Meánlíon in ál | 9.8 ![]() |
Tréimhse ghoir | 17 laethanta ![]() |
Stádas caomhnaithe | |
![]() | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 22692543 ![]() |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Rang | Aves |
Ord | Gruiformes |
Fine | Rallidae |
Géineas | Crex |
Speiceas | Crex crex ![]() Linnaeus, 1758 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Is cineál éin é an traonach ar a dtugtar freisin an gearr goirt agus an traona (Crex crex) den fhine Rallidae (gaolta leis an Rálóg dar ndóigh) a bhíos le fáil in Éirinn, san Eoraip go forleathan, agus in Iarthar na hÁise sa samhradh. Caitheann an traonach an geimhreadh san Afraic thoir theas (.i. Madagascar, an Mhósaimbíc, an Tansáin, agus an tSaimbia) agus tagann siad go hÉirinn le linn an tsamhraidh (Mí Aibreáin go dtí Meán Fómhair), áit a neadaíonn siad agus a dtógann siad a gcuid scalltán.
Níl an traonach an-choitianta in Éirinn anois ná ar fud na hEorpa ach an oiread. In Éirinn, cónaíonn an traonach le taobh na Sionainne agus ar chósta thuaisceart Dhún na nGall agus ar chósta Iarthar Chonnacht.
Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is éan ciúin, cúthaileach é an traonach. Deir suíomh Birdwatch Ireland>[1] nach bhfuil an traonach go maith ag canadh agus go bhfuil an fhuaim cosúil leis an bhfuaim ó dhá ghrátalaí cáise á gcuimilt ar a chéile!
Bíonn na traonaig á gcur féin i bhfolach sa chuise fada agus is ar an ábhar sin gur minice a chloistear iad ná a fheictear iad – lena ngairm shuntasach as ar tháinig an t-ainm Laidine onamataipéach, Crex crex.
Is iad talamh móinéir fliuch agus an caladh gnáthóga an éin seo. Tá muine thiubh de dhíth orthu – fásra ard mar an feileastram go moch i séasúr an ghoir agus féar níos deireanaí. Itheann an traonach feithidí, síolta, duilleoga agus débheathaigh mar fhroganna.
Caomhnú[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá an speiceas i mbaol báis go domhanda mar gheall ar nósanna feirmeoireachta an lae inniu a bhacas le neadaireacht an traonaigh as los chaillteanas gnáthóige feiliúnaí. Déanann baint an fhéir le hinnealra chun sadhlas a dhéanamh an-dochar do ghnáthóg an traonaigh. Ach le dianiarrachtaí de chuid na bhfeilméaraí, tá an traonach fós ag áitriú áiteanna in Éirinn, go háirithe ar roinnt de na hoileáin ar chósta thiar na hÉireann.
Tagann níos lú ná 200 traonach fireann go hÉirinn anois[2]. Tá tionscadail chaomhnaithe ar siúl in Éirinn leis an traonach a chosaint. Tá sé ar intinn ag an rialtas plean a fhorbairt chun na huimhreacha seo a ardú. Táthar ag tabhairt spreagthaí (airgid) do na feilméaraí i riocht is go n-athróidh siad a gcuid nósanna bainte le go mbeidh muine ar fáil go luath agus go deireanach i séasúr an ghoir do na héin seo. Ina theannta sin, táthar ag déanamh áirimh ar “dhaonra” agus dháileadh an traonaigh le súil go mbeifí in ann claonadh an mheatha a thuiscint níos fearr agus a mhalartú. Caithfear a lán saothair a dhéanamh ionas go mbeidh daoine in ann cómhaireachtáil leis na traonaigh. Má éiríonn leis seo, beidh a ngairm le cloisteáil go buan. De réir cuid den taighde, tá na tionscadail ag déanamh roinnt éifeachta lena gcuid cuspóirí chun an t-éan seo a shlánú.
Béaloideas[cuir in eagar | athraigh foinse]
Blianta ó shin níor chreid muintir na hÉireann go ndeachaigh na héin ar an turas fada go dtí an Aifric. Chreid siad gur athraigh an traonach go cearc uisce sa gheimhreadh agus gur athraigh sé ar ais sa samhradh!
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Birdwatch Ireland". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-02-07. Dáta rochtana: 2017-02-14.
- ↑ Eleathanach, 14 Feabhra 2017