Jump to content

Lon dubh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLon dubh
Turdus merula Cuir in eagar ar Wikidata

Turdus merula merula
Céirseach (baineann)
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
AICD103888106 Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Réise sciathán36 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Meánlíon in ál4 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ghoir13 laethanta Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
OrdPasseriformes
FineTurdidae
GéineasTurdus
SpeiceasTurdus merula Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin
Cuir in eagar ar Wikidata
Uibheacha an speicis

Is éan é an lon dubh (Turdus merula, an lon dubh Eoráiseach).[1] Tugtar céirseach ar an éan baineann.[2] Is baill d'fhine na Turdidae iad. Póraíonn sé san Eoraip, san Afraic Thuas, agus san Áise Theas ó dhúchas. Tugadh iad isteach fosta san Astráil agus sa Nua-Shéalainn, ina bhfuil anois freisin daonraí a phóraíonns.[3] Tá seacht bhfospeicis den lon dubh Eoráiseach ann.[1]

Itheann an lon dubh feithidí, péistí, sméara agus torthaí eile.[4] I roinnt codanna dá réimse, is éan cónaitheach atá ann, fad is i gcodanna eile bíonn sé ag imirce, nó fiú bíonn éin chónaithigh agus éin imircigh san áit céanna.[foinse?] Bíonn siad le feiceáil in Éirinn ar fud na bliana.[1]

Bíonn cuma éagsúil ar an gcéirseach agus ar an lon dubh fireann. Is é an fireannach amháin a thugann canadh uaidh, dar leis an éiceolaí Timothy McCarthy, ar mhaithe lena leathéan a mhealladh.[1]

Tábhacht chultúrtha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litríocht agus béaloideas na Gaeilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl tagairtí don lon dubh ró-fhlúirseach i litríocht na Sean- agus na Meán-Ghaeilge dar leis an nDr Emma Nic Cárthaigh agus an Dr Christina Cleary, ach tá siad le fáil sna dánta Int én bec agus Ach, a luin is buide duit, agus i dtéacsanna nach iad.[1]

Bhíodh an lon dubh ina fhíoghar ag filí na Nua-Ghaeilge Moiche, dar leis an nDr Eoin Mac Cárthaigh, a bhainidís leas as chun argóint a chur abhaile faoi ábhair eile ar nós údarás na dtiarnaí a bhí i réim. Tá ról lárnach ag lon dubh sa laoi Fiannaíochta Binn sin, a luin Doire an Chairn dar leis an nDr Síle Ní Mhurchú.[1]

Tá ceangal idir lon dubh geal agus bás teaghlaigh i mbéaloideas na hÉireann, agus idir é agus roinnt cineálacha aimsire freisin, dar leis an nDr Ailbhe Nic Giolla Chomhaill, agus tá nósanna ag baint leis freisin.[1]

Sa naoú haois déag chreid daoine gurb é an lon dubh a bhí ag coinneáil anamacha na marbh i bPurgadóir go Lá an Bhreithiúnais. Nuair a chloistí glór uaigneach an loin dhuibh sa dorchadas, ba iad na hanamacha bochta a bhí ag glaoch agus iad ag iarraidh faoisimh ón bhfulaingt, ón teas, ón tart. Thagadh an bháisteach i gcónaí gan teip ina dhiaidh sin! Itheann an lon dubh feithidí, péistí, sméara agus torthaí eile.[4]

D'imir canadh na lonta tionchar ar cheol traidisiúnta na hÉireann ar feadh breis agus da chéad bliain dar le Nicholas Carolan, agus sa rince freisin.[1]

Ar na saothair Nua-Ghaeilge is iomráití dá bhfuil tagairt don lon dubh iontu tá an t-úrscéal Cuaifeach mo Londubh Buí le Séamas Mac Annaidh agus cuid de dhánta Mháire Dinny Wren. Dar leis an nDr Pádraig de Paor, tugann saothair dá leithéid seo léargais dúinn ar an gcomhshaol nach bhféadfaí a fháil go díreach uaidh.[1]

Litríocht agus béaloideas na Breatnaise

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tagairtí suntasacha don lon dubh i gcuid de mhórshaothair litríochta na Breatnaise dar leis an Ollamh Barry Lewis, ina measc an téacs próis Culhwch ac Olwen [cy] agus dánta leis an bhfile mór Dafydd ap Gwilym [cy].[1]

Reáchtáil comhdháil acadúil idirdhisciplíneach dátheangach ar an lon dubh in gColáiste na Tríonóide ar an 15 Bealtaine 2026. Thug saineolaithe óráidí ar rólanna an éinín chéanna i litríocht na Sean-Ghaeilge, litríocht luath na Breatnaise, san Fhiannaíocht, sa cheol, sa bhéaloideas, agus i nualitríocht na Gaeilge, mar aon le ceann ar chúrsaí éiceolaíocha.[1][5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 Peter Weakliam (26 Bealtaine 2026). "Cíoradh agus ceiliúradh ar an lon dubh". Scéal: lch 13.
  2. ↑ ““Turdus merula” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  3. ↑ Long, John L. (1981). Introduced Birds of the World. Agricultural Protection Board of Western Australia. l. 21–493
  4. 1 2 Mac Lochlainn, Fearghas (2021). "Ainmneacha Éanlaith Éireann: Lon dubh". Wings.
  5. ↑ "Conference: An Lon Dubh - The Blackbird :: 15 May 2026" (as Béarla ⁊ Gaeilge). www.tcd.ie. Dáta rochtana: 2026-03-29.