Stair na Liotuáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is brí le stair na Liotuáine ná an t-eolas atá ar fáil sna foinsí liteartha faoi shaol na Liotuáine fadó agus faoi na himeachtaí a chuir cor i gcinniúint a muintire. Rinneadh an chéad trácht ar an Liotuáin in aon scríbhinn sa bhliain 1009.

Na meánaoiseanna[athraigh | edit source]

Sna Meánaoiseanna bhain an stát seo amach tábhacht nach beag i gcúrsaí Oirthear na hEorpa. Áirítear gur cuireadh an chéad tús leis an Liotuáin mar stát ar an 6ú lá de Mhí Iúil, 1253, nuair a corónaíodh an prionsa Mindaugas ina Rí ar an Liotuáin i Voruta. D'éirigh le Mindaugas an tsíorchogaíocht idir na diúic áitiúla a thabhairt chun síochána agus an tír a aontú. Ina dhiaidh sin, agus an rí Gediminas ag scuabadh roimhe sna críocha timpeall na Liotuáine, síneadh críocha an stáit i bhfad amach, agus é ag iompú ina ríocht mhór ilteangach - Ard-Diúcacht na Liotuáine. Sa cheathrú haois déag, bhí cuid mhór den Bhílearúis agus den Úcráin sealbhaithe ag an Liotuáin, agus críocha na tíre ag rith ó Mhuir Bhailt go dtí an Mhuir Dhubh.

Cath Grunwald - Sa chath seo, chloígh na Polannaigh agus na Liotuánaigh Ord na Ridirí Gearmánacha. Cuireadh ar an 15 Iúil 1410 é.

Cé go raibh na Liotuánaigh agus a rítheaghlach ina bPagánaigh ina gcónaí, bhí siad i gceannas ar na sluaite móra de Chríostaithe, go háirithe Críostaithe Slavacha Oirthearacha sa Bhílearúis agus san Úcráin. Suíomh as an ngnáth ab ea é sin, agus theastaigh óna lán ríthe agus prionsaí Críostaí an aimhrialtacht seo a leigheas. Le tosach a bhaint díobh, chinn an tArd-Diúc Jogaila (Jagiełło as Polainnis) glacadh leis an gCríostaíocht ón bPolainn agus banphrionsa Polannach a phósadh, rud a rinne sé sa bhliain 1386. Fuair sé coróin na Polainne sa teagmháil, agus ó sin i leith, bhí an dá thír seo á rialú ag an t-aon rí amháin i gcomhcheangal pearsanta.

Comhlathas[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1569, chuaigh an Liotuáin agus an Choróin (is é sin, an Pholainn) le chéile ina gComhlathas Polannach-Liotuánach. Nuair a bhí na comharsana ag cúngú ar an gComhlathas cheana féin, rinne muintir an dá thír iarracht an teorainn eatarthu a chur ar ceal go hiomlán agus aon ríocht amháin a ghairm díobh. Ba chuid é seo de Bhunreacht na Bealtaine sa bhliain 1791, bunreacht forásach a reachtaíodh leis na Polannaigh is na Liotuánaigh a aontú chun troda ar na comharsana, mar atá, an Ostair, an Phrúis, agus an Rúis, a bhí ag féachaint le deireadh a chur le neamhspleáchas na Polainne agus críochdheighilt a dhéanamh ar a cuid tailte. Ní raibh an lá leis na Polannaigh ná leis na Liotuánaigh. Rinne an trí chomharsa an chríochdheighilt dheifnideach sa bhliain 1795, agus chuir siad an Pholainn de dhroim an tsaoil. Fuair na Liotuánaigh iad féin faoi chos na Rúise Impiriúla, ansin.

Faoin Rúis Impiriúil[athraigh | edit source]

Bhí rialtas an Impire Rúisigh brúidiúil go maith. Mar shampla, ní raibh cead ag na Liotuánaigh a dteanga a scríobh ná a chlóchur, ach amháin na litreacha Coireallacha, Rúiseacha a úsáid. Ós rud é gur Caitlicigh ab ea iad formhór na Liotuánach, ní raibh sé de thraidisiún acu ach an aibítir Laidineach a úsáid.

An chéad neamhspleáchas[athraigh | edit source]

Ar an ochtú lá déag d'Fheabhra, 1918, d'éirigh leis na Liotuánaigh a neamhspleáchas a bhaint amach. Níor fágadh acu ach croílár na sean-Liotuáine, an chuid den tír ina raibh lucht labhartha na Liotuáinise á labhairt. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, d'fhorghabh an tArm Dearg an Liotuáin agus rinneadh iarracht - faoi cheannas an Chumannaigh Liotuánaigh Kapsukas - an Liotuáin agus an Bhílearúis a cheangal in aon phoblacht Shóivéadach amháin. Ansin, ruaig fórsaí Polannacha an Ghinearáil Lucjan Żeligowski na Sóivéadaigh as an áit, ach ní raibh na Polannaigh sásta Vilnias ná an ceantar timpeall na cathrach a thabhairt ar ais do na Liotuánaigh. Bhí deachtóir neamhoifigiúil na Polainne, an Marascal Józef Piłsudski, den tuairim gur leis an bPolainn ó cheart Vilnias, agus ós rud é gurbh í an Pholainnis príomhtheanga na háite ag an am, bhí cuid nár bheag den cheart aige. Níor admhaigh na Liotuánaigh an gabháltas riamh, áfach, agus chaith an dá thír an chuid ba mhó de na blianta idirchogaidh i gcomhchainteanna neamhthorthúla faoi chinniúint na cathrach.

An Dara Cogadh Domhanda[athraigh | edit source]

An tArm Dearg sa Liotuáin - Meitheamh 1940

I dtús an Dara Cogadh Domhanda, b'iad na Sóivéadaigh a shealbhaigh an tír. Ar dtús, ní raibh i gceist acu ach bunáiteanna míleata a fháil ar cíos dá gcuid saighdiúirí agus fórsaí armtha. Nuair a bhí an Pholainn cloíte ag na Gearmánaigh agus na Sóivéadaigh araon, bhí Stailín sásta Vilnias a thabhairt ar ais do na Liotuánaigh mar chomhartha cairdeasa. Sa bhliain 1940, áfach, shealbhaigh na Cumannaigh an chumhacht sa tír le cabhair na ndíormaí Sóivéadacha, agus fógraíodh an Liotuáin ina poblacht Shóivéadach, is é sin, ina cuid den Aontas Sóivéadach.

I Mí an Mheithimh den bhliain 1941, d'ionsaigh an Ghearmáin Naitsíoch an tAontas Sóivéadach. Nuair a d'éalaigh na saighdiúirí Sóivéadacha roimh na Gearmánaigh, d'fhéach na Liotuánaigh lena stát neamhspleách a chur ar bun arís. Ní raibh foighne ar bith ag Hitler i leith iarrachtaí den chineál sin, áfach. D'fhorghabh na Gearmánaigh an Liotuáin scun scan, agus iad ag cur a gcórais féin i bhfeidhm ar na Liotuánaigh. Is follasach go ndearnadh éirleach iomlán ar Ghiúdaigh na Liotuáine, mar ba dual don Naitsíochas. Cnámh spairne is ea é sa Liotuáin i gcónaí, cén pháirt a bhí ag dreamanna dúchasacha de chomhoibritheoirí is de lucht leanúna frith-Ghiúdachais sna himeachtaí seo.

Ón taobh eile de, is léir go raibh sé de phlean ag na Naitsithe gan aon fhorlámhas polaitiúil ná cultúrtha a fhágáil ag na Liotuánaigh sa tír a thuilleadh. Cosúil le go leor áiteanna eile in Oirthear na hEorpa, bhí na Naitsithe ag iarraidh an Liotuáin a thabhairt chun Gearmánachais trí fheirmeoirí Gearmánacha a thabhairt isteach leis an tír a choilíniú.

Bhí treallchogaíocht ar siúl sa Liotuáin freisin, ach ba mhinic a fuair na dreamanna éagsúla deacair réiteach le chéile. Bhí na treallchogaithe Cumannacha meáite ar an tír a thabhairt ar ais don Aontas Sóivéadach, ach san am céanna, bhí formhór mór de na treallchogaithe eile ag iarraidh an neamhspleáchas a bhaint amach don Liotuáin arís. I gceantar Vilnias, áfach, bhí díormaí Armia Krajowa, arm rúnda na bPolannach, tréan go leor, agus iad den tuairim gur ceantar Polannach a bhí i gceist agus é le cosaint ar na Gearmánaigh, na Sóivéadaigh agus na Liotuánaigh araon.

Sa samhradh den bhliain 1944, bhain na díormaí Sóivéadacha amach teorainn thoir na Liotuáine arís, agus iad ag cromadh ar an tír a "shaoradh ó bhráca" mar a samhlaíodh an scéal dóibh féin. I dtús an chéad bhliain eile, bhí seanchuma na "poblachta" Sóivéadaí ar an tír arís.

An ré Shóivéadach[athraigh | edit source]

Bratach an LTSR, 1940–1990

I ndeireadh an chogaidh, b'iad seirbhísí rúnda Stailín a bhí i gceannas ar an Liotuáin. Deirtear gur díbríodh thart ar chéad míle de Liotuánaigh go dtí an tSibéir agus áiteanna eile i gcroílár na Rúise. Mhair díormaí scaipthe de threallchogaithe amuigh sna coillte agus faoin tuath ag cur cath éadóchasach ar na Sóivéadaigh go deireadh ré Stailín. Rinneadh iarrachtaí chun lucht oibre a mhealladh isteach ón Rúis leis an tír a chur i dtreo an chultúir Rúisigh. Mar sin féin, tháinig an Liotuáin as blianta an fhorlámhais Shóivéadaigh i bhfad níos sláine ná an dá thír Bhaltacha eile, cuir i gcás, nó an Bhílearúis. Bhí Cumannaigh Liotuánacha i gceannas ar an bpáirtí áitiúil, agus d'éirigh leo féachaint chuige nár fágadh aon mhórdhamáiste ar stádas ná ar staid na Liotuáinise.

Saoirse nua[athraigh | edit source]

Nuair a tháinig bláth ar pholasaithe nuála Mikhail Gorbachev i ndeireadh na n-ochtóidí, ní raibh aon mhoill ar na Liotuánaigh a leas féin a bhaint as an dóigh ar maolaíodh ar an gcinsireacht agus ar obair na seirbhísí rúnda. An cineál gluaiseacht ar tugadh "Fronta an Phobail" air sna poblachtaí Sóivéadacha eile, is é an t-ainm a baisteadh air sa Liotuáin ná Sąjūdis. Tháinig an eagraíocht seo ar an bhfód sa bhliain 1988, agus ní raibh sí i bhfad ag tiomsú nirt i bhfianaise an tacaíocht a fuair sí i ngach aon chearn de shochaí na Liotuáine, an Páirtí Cumannach san áireamh. Nuair a rug Algirdas Brazauskas greim ar halmadóir an pháirtí, thosaigh na Cumannaigh Liotuánacha ag tabhairt droim láimhe le Moscó. I dtús na bliana 1990, ghnóthaigh Sąjūdis an t-olltoghchán, agus ar an t-aonú lá déag de Mhí na Márta, d'fhógair Sóivéid Uachtarach na Liotuáine, a bhí le hiompú ina pairlimint go gairid agus an t-ainm "Sóivéid" a chaitheamh i dtraipisí, go raibh an Liotuáin ina tír neamhspleách, neamh-Shóivéadach arís. B'iad an tUachtarán Vytautas Landsbergis agus an Príomh-Aire Kazimiera Prunskiene a tháinig i gceannas ar an tír anois, agus iad - Landsbergis ach go háirithe - go tréan in aghaidh aon chineál comhréitigh leis an Aontas Sóivéadach. Ní ghlacfadh Landsbergis ach leis an neamhspleáchas iomlán.

Rinne na Sóivéadaigh cupla iarracht na Liotuánaigh a chur faoi smacht arís, ach níor éirigh go maith leo. I ndiaidh an fhorógra neamhspleáchais, d'fhéach siad leis na Liotuánaigh a imeaglú lena gcuid tancanna agus gléasra cogaidh eile, ach ó choinnigh na Liotuánaigh cuma shíochánta orthu féin, níor fágadh siocair ná leithscéal ag na fórsaí Sóivéadacha oibríochtaí míleata a thosú.

Ar an deichiú lá de Mhí Eanáir 1991 a tháinig cnámh na huillinne. Shealbhaigh na díormaí Sóivéadacha roinnt tithe agus foirgneamh i Vilnius agus iad ag iarraidh "Coiste Slánaithe Náisiúnta" dá ndéantús féin a chur i gceannas ar an tír. Trí lá ina dhiaidh sin, ghabh na Sóivéadaigh an stáisiún teilifíse le lámh láidir, ionas go bhfuair ceathrar sibhialtach déag bás sa teagmháil. Mar sin féin, ní raibh siad in ann an rialtas dlisteanach a ruaigeadh as an gcumhacht a thuilleadh, nó bhí na Liotuánaigh ag tacú leis na polaiteoirí a vótáil siad isteach de réir nós imeachta an daonlathais. An coup d'état a bhí idir lámhaibh ag na Sóivéadaigh, tháinig meath air i bhfianaise na n-imthoscaí seo.

I Mí Lúnasa na bliana 1991, d'fhéach na Cumannaigh choimeádacha i Moscó le Gorbachev a chur as cumhacht agus an tír a shealbhú dóibh féin. Faoi thionchar na hiarrachta deireanaí seo, chonacthas saighdiúirí Rúiseacha ag gabháil an chorr-fhoirgnimh agus ag gearradh línte cumarsáide anseo is ansiúd sa Liotuáin, ach faoin am seo, bhí an cluiche thart. Nuair a thit an tAontas Sóivéadach as a chéile i ndiaidh an choup d'état seo, fuair an Liotuáin aitheantas a neamhspleáchais ó lámh Uachtarán na Rúise, Boris Yeltsin.

I ndiaidh dóibh a saoirse a fháil ar ais, chrom na Liotuánaigh ar a ndaonlathas nua a thógáil agus leigheas a lorg ar na trioblóidí eacnamaíocha atá ag cur isteach ar a saol. Nuair a fuair siad an chéad radharc ceart ar fhíor-ghnúis an chaipitleachais, is iomaí duine acu a ghlac col leis, nó i ndiaidh an chórais Shóivéadaigh, a gheall jab éigin do chách, ba mhór an t-ábhar frustrachais agus díomá dóibh an dífhostaíocht. Mar sin, nuair a bhí an chéad triail bainte ag na Liotuánaigh as Sąjūdis, chaith siad a gcuid vótaí ar mhaithe leis na hiar-Chumannaigh in olltoghcháin na bliana 1992. Chuir torthaí an toghcháin imní ar go leor daoine sa bhaile agus i gcéin: mar shampla, chuaigh díorma d'óglaigh na heagraíochta cosanta áitiúla SKAT amach sna coillte in aice le Kaunas, ar eagla go dtrialfadh na Cumannaigh an tír a chur i dtreo an tSóivéadachais arís. Bhí eagla ar go leor daoine roimh chogadh cathartha, agus na treallchogaithe seo ag siúl na tíre, ach i ndeireadh na dála, fuasclaíodh an ghéarchéim seo go sibhialta.