Cath Grunwald

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCath Grunwald
Íomhá
Map
 53°29′N 20°05′E / 53.48°N 20.09°E / 53.48; 20.09
Cineálcath Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid dePolish-Lithuanian-Teutonic War (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana24 Iúil 1410 (Féilire Ghréagóra)
15 Iúil 1410 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhGrunwald, Warmian-Masurian Voivodeship, An Pholainn (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí


Troideadh Cath Grunwald, nó Céad Chath Tannenberg nó Cath Žalgiris, ar 15 Iúil, 1410 le linn Chogadh na Polainne-na Liotuáine-na dTeotanach. Threascair chomhghuaillíocht Ríocht na Polainne agus Ard-Diúcacht na Liotuáine, faoi stiúir an Rí Władysław II Jagiello (Jogaila) agus an tArd-Diúc Vytautas (Witold; Vitaŭt) faoi seach, comhghuaillíocht Ridirí Teotanacha na Gearmáine-na Prúise, faoi stiúir an Ardmháistir Ulrich von Jungingen. Maraíodh nó tógadh mar phríosúnaigh an chuid is mó de cheannaireachta na Ridirí Teotanacha. Cé gur chaill na ridirí an cath fuair siad an bua orthu siúd a chuir daingean s'acu i Marienburg (Malbork) faoi léigear agus níor chaill na ridirí mórán críoch de dheasca phróiseas na síochána a cuireadh i bhfeidhm le Síocháin Thorn (1411), le díospóidí críochach eile ag leanúint go dtí Conradh Mhelno, sa bhliain 1422. Níor éirigh leis na ridirí, áfach, a gcuid cumhachta a fháil ar ais, agus chuir an t-ualach airgeadais ar chúiteamh cogadh tús le coimhlintí inmheánacha agus le cor chun donais eacnamaíoch sna tailte faoi smacht na Ridirí. D'athraigh an cath cothromaíocht na cumhachta in Oirthear na hEorpa agus mharcáil sé teacht chun cinn Aontas na Polainne-Liotuáine mar fhórsa polaitiúil agus míleata ceannasach sa réigiún.

Ba é ar cheann de na cathanna is mó san Eoraip Mheánaoiseach agus glactar leis mar an bua is tábhachtaí i stair na Polainne, na Bealarúise agus na Liotuáine. D'úsáideadh é mar fhoinse finscéalta rómánsúla agus bróid náisiúnta, ag éirí ina shiombail níos mó sa streachailt in aghaidh ionróirí eachtracha. San 20ú haois d'úsáideadh an cath i bhfeachtais bolscaireachta na Naitsithe agus na Sóivéadach. Ach amháin le blianta beaga anuas thug staraithe faoi mheasúnú fuarchúiseach léannta ar an chath, chun na scéalta roimhe, a bhí iomlán difriúil óna chéile, a thabhair chun réitigh.