An difríocht idir athruithe ar: "Guglielmo Marconi"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 24: Líne 24:
Phós sé Beatrice O’Brien sa bhliain 1905.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.findmypast.ie/blog/discoveries/guglielmo-marconi-the-irish-connection|teideal=Guglielmo Marconi: The radio pioneer with an Irish connection {{!}} Blog {{!}} findmypast.ie|work=www.findmypast.ie|dátarochtana=2020-05-13}}</ref> Bhí tríúr clainne acu. Fuair Marconi colscaradh i 1924 agus phós sé bean óg, Maria Cristina Bezzi-Scali ar 12 Meitheamh 1927.
Phós sé Beatrice O’Brien sa bhliain 1905.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.findmypast.ie/blog/discoveries/guglielmo-marconi-the-irish-connection|teideal=Guglielmo Marconi: The radio pioneer with an Irish connection {{!}} Blog {{!}} findmypast.ie|work=www.findmypast.ie|dátarochtana=2020-05-13}}</ref> Bhí tríúr clainne acu. Fuair Marconi colscaradh i 1924 agus phós sé bean óg, Maria Cristina Bezzi-Scali ar 12 Meitheamh 1927.


Bhuail [[taom croí]] Marconi sa bhliain 1937, 63 bliain in aois dó.
Bhuail [[taom croí]] Marconi sa bhliain 1937, in aois 63 bliain dó.


[[Faisisteachas|Faisistí]] go smior a bhí ann; thacaigh Marconi [[Benito Mussolini|Mussolini]] agus an [[cogadh]] san [[An Aetóip|Aetóip]].
[[Faisisteachas|Faisistí]] go smior a bhí ann; thacaigh Marconi [[Benito Mussolini|Mussolini]] agus an [[cogadh]] san [[An Aetóip|Aetóip]].
[[Íomhá:Marconi Plaque - geograph.org.uk - 1472951.jpg|clé|mion]]
[[Íomhá:Marconi Plaque - geograph.org.uk - 1472951.jpg|clé|mion]]
Inniu, tá [[leacht]] [[Cuimhne|chuimhneacháin]] sa [[Calafort|chalafort]] bheag i m[[Baile an Chaistil]] i gcuimhne ar Guglielmo Marconi.
Inniu, tá [[leacht]] [[Cuimhne|chuimhneacháin]] sa [[Calafort|chalafort]] i m[[Baile an Chaistil]] i gcuimhne ar Guglielmo Marconi.


==Tagairtí==
==Tagairtí==

Leagan ó 19:15, 17 Deireadh Fómhair 2020

Guglielmo Marconi

Ceapadóir, fiontraí agus fear gnó as Bologna na hIodáile, agus de shliocht Éireannach, ab ea Guglielmo Marconi (25 Aibreán 187420 Iúil 1937). Ba é a dhear an chéad raidió fiúntach. Tugtar "athair an raidió' air.[1] Bhuaigh Marconi Duais Nobel na Fisice le Braun sa bhliain 1909. Chaith sé cuid mhór dá shaol sa Ríocht Aontaithe agus ansin i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Fionnachtana

Tharchuir Marconi comharthaí ar feadh líne dírí cúpla céad ciliméadar ar fhad san aer i 1895, ag an am céanna a rinne Alexander Stepanovitch Popov an rud eéanna sa Rúis.

Ar an 13 Bealtaine 1897, sheol Marconi an chéad "teileagraf gan sreang".[2]

Ar an 6 Iúil, 1898, rinne Marconi an chéad chraoladh raidió ar domhain nuair a chraol sé ó Bhaile an Chaistil go Reachlainn, oileán atá deich gciliméadar ón chósta agus díreach ó thuaidh de Bhaile an Chaistil féin.

Tharchuir Marconi ó Chorn na Breataine trasna an Atlantaigh go Talamh an Éisc den chéad uair sa bhliain 1902, ag frithchaitheamh an tonn raidió ón ianaisféar 50-500 km os cionn na farraige leathshlí trasna.

Ar an 17 Deireadh Fómhair 1907, chuir Marconi an chéad seirbhís radaiteileagrafaíochta trádála trasatlantach ar siúl idir stáisiúin theileagrafaíochta sa Chlochán, i gContae na Gaillimhe (ag Pointe Sár-Radhairc Dheirgimligh, atá 6 km laisteas den Chlochán) agus Bá Glace, in Albain Nua.[3]

Pointe Sár-Radhairc Dheirgimligh, atá 6 km laisteas den Chlochán

Ba i rith an chogaidh mhóir (1914-18) a cuireadh bús ceart le fás agus forbairt an raidió mar ghléas chumarsáide. Nuair a thosaigh an cogadh, ba le córas teileagraim a bhí á úsáid ag na fórsaí éagsúla chun formhór a gcuid teagmhála a dhéanamh.[4] Ach faoi dheireadh na troda, bhí córais chumarsáide raidió go mór sa treis, a bhuíochas sin do leithéid Marcon

Sa bhliain 1919 chraol Wireless Telegraph Company Mharconi guth duine d’fhostóirí an chomhlachta trasna an Atlantaigh

I 1920 craoladh amhránaíocht Nellie Melba ó ionad Mharconi i Chelmsford, Essex, rud a chuir tús le craoltóireacht ghinearálta raidió.

Saol pearsanta

Annie Jameson (muintir Jameson, an drioglann) ba ea máthair Marconi.

Phós sé Beatrice O’Brien sa bhliain 1905.[5] Bhí tríúr clainne acu. Fuair Marconi colscaradh i 1924 agus phós sé bean óg, Maria Cristina Bezzi-Scali ar 12 Meitheamh 1927.

Bhuail taom croí Marconi sa bhliain 1937, in aois 63 bliain dó.

Faisistí go smior a bhí ann; thacaigh Marconi Mussolini agus an cogadh san Aetóip.

Inniu, tá leacht chuimhneacháin sa chalafort i mBaile an Chaistil i gcuimhne ar Guglielmo Marconi.

Tagairtí

  1. Matt Hussey (2011). "Fréamh an eolais ː ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta". 
  2. "Marconi's Welsh wireless revolution" (en-GB). BBC (2012-05-11). Dáta rochtana: 2020-05-13.
  3. failteireland.ie. "Connemara-Experience-Development-Plan". Dáta rochtana: 2020.
  4. cora.ucc.ie. "RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cultúr phobal na Gaeltachta". Dáta rochtana: 2020.
  5. "Guglielmo Marconi: The radio pioneer with an Irish connection | Blog | findmypast.ie". www.findmypast.ie. Dáta rochtana: 2020-05-13.