Socrú núicléach leis an Iaráin
Cineál | doiciméad socrú | ||
---|---|---|---|
Dáta na bliana | 14 Iúil 2015 | ||
Dáta foilsithe | 14 Iúil 2015 | ||
Sínitheoir | |||
Cúis | Negotiations leading to the Joint Comprehensive Plan of Action (en) | ||
Croineolaíocht | |||
United States withdrawal from Iran Deal (en) | |||
Suíomh gréasáin | eeas.europa.eu… |
Sa bhliain 2015, bhí réiteach núicléach déanta ag An Iaráin le sé cinn de na Cumhachtaí Móra; tugadh an socrú núicléach leis an Iaráin air, nó an Joint Comprehensive Plan of Action (an JCPOA) tar éis breis is 10 mbliana taidhleoireachta.[1][2] Le linn na mblianta 2015-2016, bhí cigirí idirnáisiúnta in ann breathnú níos géire ar chúrsaí núicléacha san Iaráin. Ar an dtaobh eile den mhargadh, tháinig maoladh ar na smachtbhannaí a bhí á leagan ar an Iaráin leis na blianta.
Ach rinne go leor daoine cáineadh ar an gcomhaontú: lucht tacaíochta an chogaidh i gComhdháil SAM (na Poblachtánaigh) agus na dochtairí i gceannaireacht na hIaráine, Iosrael agus na hAraibe Sádaí. Mar sin, nuair a toghadh Trump, d'éirigh na Stáit Aontaithe as an margadh go gairid ina dhiaidh.
Níor chas Hassan Rouhani, Uachtarán na hIaráine, riamh le Trump; tuairimíocht gan dealramh a bhí ann sa bhliain 2019.[3]
Comhaontú nua ?
[cuir in eagar | athraigh foinse]Laghdódh comhaontú nua an baol atá ann go ndéanfar iomadú ar airm núicléacha sa réigiún.
Sa bhliain 2021, bhí Éire ceaptha ag na Náisiúin Aontaithe mar áisitheoir san aighneas seo i dtaca le margadh 2015, agus ag áiteamh ar an Iaráin agus na Stáit Aontaithe a bheith rannpháirteach arís sa socrú.[4] Chas Simon Coveney le Hassan Rouhani nuair a bhí sé fós ina Uachtarán sa bhliain 2021,[5]
Bhí Rouhani ar an eite mheasartha san Iaráin (ach tá roinnt na cumhachta san Iaráin, idir na Mullánna, na polaiteoirí agus an t-arm), I Lúnasa 2021, toghadh Ebrahim Raisi, den dream is diongbháilte i dTehrān.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2015-07-14). "Socrú núicléach idir Meiriceá agus An Iaráin" (as ga).
- ↑ "An socrú núicléach leis an Iaráin: beart riachtanach don chomhar | Nuacht | Parlaimint na hEorpa" (ga). www.europarl.europa.eu (2014-01-29). Dáta rochtana: 2021-11-13.
- ↑ "‘Seans maith’ go mbuailfidh Trump le Hassan Rouhani, uachtarán na hIaráine" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-12.
- ↑ Deaglán de Bréadún. "Is maith go bhfuil margadh déanta leis an Iaráin faoi chúrsaí núicléacha" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-11-12.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-03-07). "Coveney sásta lena chruinniú san Iaráin" (as ga).