Socrú núicléach leis an Iaráin
| Cineál | doiciméad socrú | ||
|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 14 Iúil 2015 | ||
| Dáta foilsithe | 14 Iúil 2015 | ||
| Sínitheoir | |||
| Cúis | Negotiations leading to the Joint Comprehensive Plan of Action (en) | ||
| Is cúis le | Cogadh Iosrael–Iaráin | ||
| Croineolaíocht | |||
| United States withdrawal from Iran Deal (en) | |||
| Suíomh gréasáin | eeas.europa.eu… | ||
Tar éis breis is 10 mbliana taidhleoireachta, ar an 14 Iúil 2015, bhí réiteach déanta ag an Iaráin le sé cinn de na Cumhachtaí Móra; tugadh an socrú núicléach leis an Iaráin air, nó an Plean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (Joint Comprehensive Plan of Action nó an JCPOA).[1][2]
Laghdaigh an comhaontú an baol ann go ndéanfaí iomadú ar airm núicléacha sa réigiún. Le linn na mblianta 2015-2018, bhí cigirí idirnáisiúnta in ann breathnú níos géire ar chúrsaí núicléacha san Iaráin. Ar an dtaobh eile den mhargadh, tháinig maolú ar na smachtbhannaí a bhí á leagan ar an Iaráin leis na blianta.




Cur in aghaidh, 2017-2018
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig Donald Trump i gcomharbacht ar Barack Obama in 2017. D'éirigh na Stáit Aontaithe as an margadh an bhliain dár gcionn. Rinne go leor daoine cáineadh ar an gcomhaontú: lucht tacaíochta an chogaidh i gComhdháil SAM (na Poblachtánaigh), Iosrael, An Araib Shádach agus fiú an dream is diongbháilte i gceannaireacht na hIaráine.
D'éirigh na Stáit Aontaithe as an margadh ar an 8 Bealtaine 2018. Cháin Trump an Socrú mar "an margadh is measa riamh".
Chuir na Stáit Aontaithe faoi stiúir Trump smachtbhannaí níos diongbháilte ná riamh ar an Iaráin; chuaigh geilleagar na hIaráine in olcas agus d'atosaigh an tír a clár núicléach.
Níor chas Hassan Rouhani, Uachtarán na hIaráine, riamh le Trump; tuairimíocht gan dealramh a bhí ann sa bhliain 2019.[3]
Feallmharaíodh Qasem Soleimani, ceannaire mór míleata, ar an 3 Eanáir 2020 ar an 3 Eanáir 2020.
Idirbheartaíocht, 2018-2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhan an tAontas Eorpach, an Rúis agus an tSín mar pháirtithe sa chomhaontú agus rinne siad iarrachtaí é a chaomhnú. Chuaigh Rialtas Biden na S-A isteach san idirbheartaíocht in 2021.
Bhí páirt ghníomhach ag Éirinn san idirbheartaíocht. Sa bhliain 2021, bhí Éire ceaptha ag na Náisiúin Aontaithe mar áisitheoir san aighneas seo i dtaca le margadh 2015. D'iarr sí ar an Iaráin agus na Stáit Aontaithe a bheith rannpháirteach arís sa socrú.[4] Chas Simon Coveney, FG, le Hassan Rouhani nuair a bhí sé fós ina Uachtarán sa bhliain 2021.[5]
Bhí Rouhani ar an eite mheasartha san Iaráin (bhí "scaradh cumhachtaí" i bhfeidhm san Iaráin ag an am, idir na Mullánna, na polaiteoirí agus Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí). I Lúnasa 2021, toghadh Ebrahim Raisi, den dream is diongbháilte i dTehrān. Mar sin féin, bhí idirbheartaíocht ar siúl idir an dá thaobh le linn 2021-2025.
Cogaí, 2025-
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh tús le Cogadh na Dhá Lá Dhéag 2025 ar an 13 Meitheamh 2025. Bhí cruinniú idir an dá pháirtí curtha sa sceideal don 14 Meitheamh. Ach thit na cainteanna as a chéile agus ní raibh aon dul siar air.
- Cuireadh tús le Cogadh na hIaráine 2026 ar an 28 Feabhra 2026.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2015-07-14). "Socrú núicléach idir Meiriceá agus An Iaráin" (as ga).
- ↑ "An socrú núicléach leis an Iaráin: beart riachtanach don chomhar | Nuacht | Parlaimint na hEorpa" (ga). www.europarl.europa.eu (2014-01-29). Dáta rochtana: 2021-11-13.
- ↑ "‘Seans maith’ go mbuailfidh Trump le Hassan Rouhani, uachtarán na hIaráine" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-12.
- ↑ Deaglán de Bréadún. "Is maith go bhfuil margadh déanta leis an Iaráin faoi chúrsaí núicléacha" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-11-12.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-03-07). "Coveney sásta lena chruinniú san Iaráin" (as ga).